Comhghéilleadh a bhaineann cumhacht

Géilleann tú nó cailleann tú


Tharraing an tAire Caiteachais Phoiblí Brendan Howlin raic mhór air féin le déanaí. Scríobh sé in alt nár ghá d’Fhianna Fáil ná do Shinn Féin bacadh le forógra toghcháin a eisiúint mar gur léir nach raibh aon rún acu aon pholasaithe a chur i bhfeidhm i rialtas.

Tugadh íde na muc is na madraí dó ar na meáin chumarsáide sóisialta agus thug dornán tráchtairí faoi as an éirí in airde sotalach a léirigh sé.

Má léitear an abairt sin amháin ina haonar, tá an ceart ag lucht a cháinte. Ach i gcomhthéacs an ailt go hiomlán, a leanann loighic ráitis an dá pháirtí féin faoi roghanna iarthoghcháin go cúramach, tá cuid mhor dár scríobh sé le ciall.

Leag sé amach céim ar chéim an argóint agus an cur i láthair atá á ullmhú ag Fine Gael agus ag an Lucht Oibre don bpobal sa dá mhí romhainn.

READ MORE

Úsáidfear na coinníollacha comhrialtais atá leagtha amach ag Fianna Fáil agus ag Sinn Féin chun a léiriú gurb é atá roimh an toghlach rogha idir comhrialtas stuama a bhfuil taithí acu agus páirtithe gan aon toil chomhréitigh iontu.

Tá sé beagnach admhaithe ag stiúrthóir toghchánaíochta Fhianna Fáil, Billy Kelleher, gur beag seans atá acu bheith sa chéad rialtas eile. Tá droim láimhe an-phoiblí tugtha ag Micheál Martin, ceannaire an pháirtí, le haon cheangal le Sinn Féin. Ní suim leis ach an oiread bheith mar eireaball sóisearach faoi Fhine Gael.

Caint san aer dírithe ar an mballraíocht? B’fhéidir. Ach d’fhéadfadh a leithéid an páirtí a scoilt chomh holc sin go gcaillfeadh seisean an cheannaireacht sa raic a leanfadh é.

I gcás Shinn Féin, ní haon chur i gcéill atá ar siúl aige. Tá nimh san fhuil níos mó ag an Máirtíneach do Shinn Féin ná mar atá ag aon bhall d’Fhine Gael. Nuair a labhraíonn sé sa Dáil fúthu, is ar éigean gur féidir leis guaim a choinneáil air féin. Is cineál naimhdis é a théann go smior ann.

Deir Sinn Féin nach rachadh siad isteach in aon chomhrialtas nach mbeadh tromlach acusan ann. D’fhéadfadh feitheamh fada a bheith rompu. Sin sin, mar a déarfá, ó thaobh na mórpháirtithe de.

Tá dianchoinníollacha á n-éileamh freisin ag cuid de na mionpháirtithe ar an eite chlé agus ní dhealródh sé go raibh aon fháilte roimh Shinn Féin ina measc ach an oiread. Tá na doirse ar fad á ndúnadh de réir a chéile agus is é an pobal a bheidh thíos leis ó thaobh raon vótála de.

An bhfuil na páirtithe seo a d’fhéadfadh rogha rialtais a chur ar fáil tar éis an toghcháin ag cur i gcéill nó ag inse bréag?

Nó,an bhfuil siad ag fanacht le míorúilt a thabharfadh tromlach iomlán dóibh i rialtas aonpháirtí? Mar, muna bhfuil, tá an ceart ar fad ag Howlin nuair a deir sé gurb í loighic an scéil í nach bhfuil aon rún acu polasaithe a chur i bhfeidhm nó freagracht rialtais a ghlacadh.

Le seachtain, chuir Gerry Adams eitleog san aer a tháinig go talamh go tapa.

Chonacthas go raibh sé ag athrú poirt faoi chumhacht a roinnt le Fianna Fáil i gcomhrialtas. Ní raibh ann ach gur dhiúltaigh sé iad a fhágáil as an áireamh i bhfreagra a thug sé. Ní luaithe an tuairisc amuigh ná gur thug Micheál Mairtin le fios nach dtarlódh sé ar ais nó ar éigean faoina cheannaireachtsan. Ansin, dúirt roinnt Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin go gcuirfeadh siadsan in aghaidh a leithéide.

Tá an doras dúnta ag an dá mhórpháirtí seo ar an mbealach is poiblí agus beidh sé an-deacair é a oscailt arís. Má fhanann patrúin na bpobalbhreitheanna mar áta, d’fhágfadh sé seo bealach slán ar ais chun rialtais d’Fhine Gael ar tuairim is 30 faoin gcéad den vóta le Páirtí an Lucht Oibre (ar vóta laghdaithe) agus b’fhéidir, le grúpa éigin eile.

Más mar sin a bheadh na figiúirí, d’fhéadfaí a mhaíomh, agus loighic Howlin á leanúint againn arís, nach é Fine Gael atá chun an toghchán a bhuachtaint ach gurb iad páirtithe an fhreasúra atá chun é a chailliúint.

Más dáiríre atá na páirtithe a leagann amach dianchoinníollacha doghéillte, cad is fiú don bpobal vótáil ar a son muna bhfuil aon seans ar rialtas acu? Muna bhfuil siad dáiríre, tá siad ag cur dallamullóg ní amháin ar a naimhde ach ar an bpobal chomh maith.

Is é Bismarck a thug “ealaín an fhéidearthaigh” ar an bpolaitíocht agus is fada ó d’aithin polaiteoirí gurbh ionann síordhiúltú comhghéillte agus deireadh na polaitíochta. Muna mbíonn tú sásta imirt i lár na páirce, is í an taobhlíne a bhíonn i ndán duit agus is é an pobal vótála a roghnaíonn an fhoireann.

Ní chluinfear éinne amach anseo á rá: “An cuimhin leat an freasúra iontach a bhí againn idir 2016 agus 2021?”