Ar bhuille na haon uaire déag

Ní comóradh a thuilleann an Cogadh Mór ach caoineadh gan stad gan staonadh


Ceann de na cláir raidió is truamhéalaí a n-éistim go rialta leis le cúpla bliain anuas ná ‘Seachdainean sa Chogadh’ ar BBC Radio nan Gáidheal, Alba. Clár réasúnta simplí atá ann arb é an chuid is léire de, liosta á léamh amach d’ainmneacha na nGael Albanacha a maraíodh i mblár an chéad chogaidh bharbartha seachtain ar muin seachtaine tá 100 bliain ó shin ann. Clár é a thálfadh na deora.

Duine ar bith a dhein taisteal tríd an tír mhí-ámharach sin ní féidir leis gan gallán nó leac mhór chuimhneacháin a thabhairt dá aire i ngach aon mhion-sráidbhaile na fud na críche. Is ea, ‘All the Fine Young Men’ nach raibh in Willie McBride féin ach duine de na milliúin. Óir, tá a n-amhlachas féin de chuimhneacháin ar fud na hEorpa, gach aon cheann díobh ag tabhairt a scéil féin leis.

Dé Domhnaigh seo chugainn ní bheidh teorainn le comórtha ar an gcogadh sin. Siúlfar, agus labharfar, agus séidfear trumpaí, agus seinnfear píoba, agus cuirfear meirgí ar foluain, agus déarfar paidreacha, agus ligfear orainn go bhfuil deireadh le míleatachas agus le cogaíocht agus le sléachta gan áireamh.

Is beag staraí anois a mhaífeadh go raibh an ruainne is lú céille leis an ár ar fad. Go deimhin, Niall Ferguson féin, a nglactar leis go minic gur leithscéalaí ar son glóire na hImpireachta é, is é atá suite de gurbh é an cogadh sin an botún ba mhó dar déanadh leis na céadta bliain anuas. Ba bheag an chúis a bhí leis seachas stuaic cúpla impire féasógach, uabhar na nginearál ar gach taobh, móráil náisiúnta gan dealramh, agus tuirse na síochána a mhúsclaíonn sa phobal a bhfuil dúil sa chogaíocht iontu ó am go chéile.

READ MORE

Tá staraithe eile ann a chuireann an dá chogadh mhóra le chéile in aon slabhra leanúnach amháin, ionas nach raibh sa cheann seo a mbeifear ag caint faoi Dé Domhnaigh ach gníomh tosaigh an uafáis a lean scór éigin bliain ina dhiaidh. Is maith is fiú smaoineamh air mar sin, óir nuair a ghabhann an bréantas faoin fhuil, ní fios cén iarmhairt a leanfaidh.

Is é nach mbeidh aon chuimhneamh air, áfach, ná na mílte eile sin a d’fhan sa bhaile is a ghlac leis an gcleite bán. Chaithfeá a bheith thar a bheith misniúil gan dul san arm in aon tír a bhí páirteach sa slad.

In aon mhí amháin sa bhliain 1916 bhí oiread fear sa Bhreatain ag iarraidh saordhul ón gcogadh ar chúiseanna éagsúla is a hearcaíodh do na trínsí. Níor diúltóirí coinsiasacha iad sin go léir, óir ba chróga an mhaise do dhuine ar bith dul in aghaidh an tsrutha. Diúltaíodh bia sna siopaí do chuid acu, caitheadh clocha leo sa tsráid, gearradh pianphríosún orthu agus daoradh cuid acu chun báis. I gcás daoine san arm a dhiúltaigh glacadh le horduithe ar bhonn coinsiasa, murar lámhachadh ar maidin le breacadh an lae iad, ceanglaíodh de rotha chairt iad i bhfoirm choirpigh a bheadh céasta ar chrois faoi raon ghunnaí an namhad.

Ní dóigh liom go mbeidh mórán cuimhne ar na daoine misniúla sin Dé Domhnaigh seo chugainn.

As measc na hamaidí eile go léir, b’é donas thar na bearta é na mílte a maraíodh nó a leonadh idir síniú an tsosa chogaidh agus deireadh an lámhaigh sé huaire an chloig ina dhiaidh sin ar an 11/11/1918. Cuid acu sin ar bhuille an chloig féin. Samhail ghlinn ghlan den bhaoithe iomlán.

Ar bhuille sin na haon uaire déag Dé Domhnaigh seo chugainn, ní cuimhne an freagra is fearr. B’oiriúnaí go mór rabharta feirge agus deora ina dtuilte go fras.