Leanai an Bhearla

Cháin Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an Rialtas as fógra leath leathanaigh a bhí ar an Irish Indepedent an tseachtain seo caite…

Cháin Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an Rialtas as fógra leath leathanaigh a bhí ar an Irish Indepedent an tseachtain seo caite.

Bhain an fógra le Ombudsman na Leanaí ach níor luadh an Ghaeilge mar riachtanas don phost nó ní raibh oiread agus líne chúirtéiseach amháin i nGaeilge, a dúradh.

Dúirt Stiúrthóir Gníomhnach na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh, go raibh sé "an-díomách" mar nach raibh an Rialtas ag comhlíonadh a bpolasaí féin i leith na teanga mar a bhí sé leagtha amach sa Scothsheirbhís Custaiméara nó in Acht na dTeangacha Oifigiúla:

"Tá pobal na Gaeilge ar an iomlán tuisceannach, ach iarracht mhacánta bheith á dhéanamh freastal orthu go cothrom. Ní comhartha dóchasach é an fógra seo i leith na cothromaíochta. Tá glór de dhíth ar leanaí le Gaeilge chomh maith céanna."