Aitheantas cui d'udar ceimiuil ar linne

Bhain íoróin nach beag leis an cheiliúradh ar Mháirtín Ó Cadhain ar Scoil Gheimhridh Merriman.

Bhain íoróin nach beag leis an cheiliúradh ar Mháirtín Ó Cadhain ar Scoil Gheimhridh Merriman.

A fhad is a bhí aos dána na Gaeilge ag comóradh duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann - mar ba cheart agus ba chóir - bhí Cló Iar-Chonnachta, foilsitheoirí glún úr údar, ag tabhairt le fios nach raibh leabhar Gaeilge le háireamh i measc na nduaiseanna don Irish Book Awards. Rinneadh dearmad dul i dteagmháil leis na foilsitheoirí Gaeilge.

Cén fáth nach gcuireann sin iontas orm?

Dá dtigeadh an Cadhnach ar ais ó na mairbh agus Cré na Cille ina ghlac aige, déarfainn go n-éireodh le literati an Bhéarla neamhiontas a dhéanamh de. Tá scríbhneoirí Gaeilge cleachtaithe go maith leis an chineál sin iompair faoi seo, rud nach ionann agus a rá gur cheart dóibh géilleadh dó.

READ MORE

Bíodh sin mar atá, is dócha gur in olcas a rachaidh an scoilt seo idir scríbhneoirí Gaeilge agus Béarla. Is iad láithreoirí teilifíse na Gaeilge laochra móra ár n-aoise do lucht an Bhéarla; is iad is fearr a fhóireann don aeráid nua chultúrtha - an cúpla focal éadrom aerach - agus is iad is fearr a aistríonn ó Ghaeilge go fotheideal.

I bhfad uainn an t-údar - go háirithe muna gcuireann sé aistriúchán ar fáil dá shaothar agus go mbíonn sé de dhánaíocht ann é féin a chur in aithne dá chomhleacaithe Éireannacha ina rogha teanga.

Ach tá muid ag foghlaim agus ag tabhairt aitheantais d'údair Ghaeilge agus iad beo. Tá Éigse Cholm Cille ag reáchtáil comhdhála ar "Breandán Ó Doibhlin: Saol agus Saothar".

Is maith a thuilleann an Doibhlineach an onóir agus é in aois a 75 bliain. Cén t-aitheantas is fearr ag údar ach go dtiocfadh daoine le chéile lena shaothar a phlé agus é i láthair?

Is beag aitheantas a fuair an Doibhlineach ón bhunaíocht ealaíon. D'ainneoin go bhfuair sé gradaim ó rialtas na Fraince (Officier de la Légion d'Honneur ina measc), ní ball de Aosdána (sic) féin é; gan a bheith ag caint ar aitheantas a fháil uathu mar Saoi.

Is scannal náisiúnta é gur féidir le club beag suarach mar Aosdána (sic) focail Ghaeilge a ghabháil chucu féin - "cnuas" ach go háirithe - agus neamhiontas a dhéanamh de dhuine de mhórscríbneoirí Éireannacha agus Eorpacha ár linne.

Idir an dá linn, moltar lucht Éigse Cholm Cille as a ngradam luachmhar féin - aitheantas beo d'údar céimiúil.

Beidh Éigse Cholm Cille ar siúl ar Choláiste Mhig Aoidh, Doire, Dé hAoine 3ú agus Dé Sathairn 4ú, Márta. Labhróidh Tadhg Ó Dúshláine ar "Breandán Ó Doibhlin: Pathfinder/Fear Réitithe an Chasáin"; Micheál Mac Craith ar "An turas fionnachtana i saothar cruthaitheach Bhreandáin Uí Dhoibhlin"; Pádraig Ó Gormaile ar "Tionchar Chultúr na Fraince ar shaothar agus ar mhachnamh an Doibhlinigh"; Antain Mag Shamhráin ar "Irisleabhar Mhá Nuad agus an Chritic Nua" agus tabharfaidh Máire Nic Mhaoláin agus Alan Titley siompóisiam ar a úrscéal, An Branar Gan Cur. Eolas: 01-2857411 nó ohearcain@eircom.net