#12 milliun do theilifis an Tuaiscirt

Tá rialtas na Breataine le ciste £12 milliún Steirling (€18m) a bhunú do chúrsaí léiriúcháin teilifíse i dTuaisceart Éireann. …

Tá rialtas na Breataine le ciste £12 milliún Steirling (€18m) a bhunú do chúrsaí léiriúcháin teilifíse i dTuaisceart Éireann. Beidh an ciste bunaithe faoi mhí Iúil na bliana seo agus dáilfear an t-airgead thar trí bliana.

Bainfear feidhm as le, ar a laghad, 90 uair an chloig de chláir a sholáthar agus 15 duine a thraenáil i scíleanna craoltóireachta agus léirithe gach bliain.

Dúirt stiúrthóir Iontaobhas ULTACH, Aodán Mac Poilín, go raibh "áthas, gliondar agus lúcháir" air as an scéala. Thosaigh feachtas an Iontaobhais don chiste seo i mí Feabhra 1990, a dúirt sé, agus fuair foighid fortacht sa deireadh.

Dúirt sé go raibh "impleachtaí móra do shaol na Gaeilge sa Tuaisceart" de bharr an airgid. "Tá deis againn anois cúrsaí Gaeilge a fhorbairt agus a chomóradh ar scála nach raibh againn go dtí seo."

READ MORE

Bhí tús á chur le "hearnáil úr a chothós fostaíocht" agus ba é a sprioc "cláir d'ardchaighdeán a ullmhú. Tá mise ag iarraidh seirbhís chuimsitheach do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart."

Faoi théarmaí an chiste, beidh deis ag comhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin agus ag stáisiúin, ar nós TG4 agus BBC, tarraingt as an tobar.

Bunóidh rialtas na Breataine coiste le cúram a dhéanamh den chiste agus beidh an coiste sin lonnaithe sa Northern Ireland Film and Television Commission (NIFTC) i mBéal Feirste. Níl ionadaithe an choiste sin socraithe go fóill ach dúirt Mac Poilín gur mhol sé féin go mbeadh ionadaithe ó TG4, BBC, NIFTC, Roinn Cultúir agus Fóillíochta Thuaisceart Éireann agus daoine ón earnáil neamhspleách air.

Coiste ar leith taobh istigh den NIFTC a bheadh ann, a dúirt sé, agus ní bheadh teacht ag duine ar bith ar an chiste ach léiritheoirí Gaeilge. Dúirt sé gur mheas sé go gcuirfí béim ar chúrsaí traenála ar dtús agus go gcuirfí níos mó airgid ar fáil do chúrsaí léiriúcháin de réir a chéile.