An casúr

CROBHINGNE : FAOISTIN PHEARSANTA is ea nach raibh mé riamh go maith i mbun ceirde

CROBHINGNE: FAOISTIN PHEARSANTA is ea nach raibh mé riamh go maith i mbun ceirde. Ceardaithe ba ea mo mhuintir riamh anall agus iad caolchúiseach agus sciliúil le giúirléidí is le huirlisí agus go fiú le ciútraimintí.

Ní foláir nó gur léim na géinte cúpla glúin mar dá gcuirinn seilf in airde is amhlaidh go dtiteadh anuas go pras; is dá mbuailinn tairne isteach is amhlaidh go mbíodh sé cam.

Maidir le ceird táim fiartha, freangaithe, neamhfhite.

Ní fhágann sin nach bhfuilim ceanúil ar ghléas seachas a chéile. Is é an gléas is ansa liom ar fad ná an casúr. Tá rud éigin neamhchaolchúiseach mar gheall ar an gcasúr a réitíonn liom.

READ MORE

Tá cnap láidir iarainn i mbarra an chasúir ar deacair argóint a dhéanamh leis. Is treise an casúr ná an scian féin, ach an buille a bhualadh i dtosach.

Ach ní haon chosaint é an casúr in aghaidh an cheo, agus is é an ceo an buachaill an t-am seo murab ionann is riamh.

Dá fheabhas é an casúr ba dhóigh leat gurbh fhearr an t-ord. Agus dá fheabhas é an t-ord ba dhóigh leat gurbh fhearr fós an ceapord. Ach is treise go mór é an ceap ná an t-ord féin, mar is léir. Is treise fós na gunnaí móra agus an t-airgead gan chrích agus na bréaga le tús agus gan deireadh.

Amárach vótáilfear ar son an chonartha, mar dhea Eorpach, ar dhiúltaíomar dó cheana. Amárach múchfar guth an tsaoránaigh Eorpaigh.

Amárach gluaisfear céim amháin eile chun tosaigh ar son stát a dhéanamh den Eoraip impiriúlach. Amárach cuirfear deireadh le húdarás an chasúir. Is é atá sa chasúr ná iarracht ar chiall a bhualadh isteach in intinn an duine maidir leis na hargóintí a bhí sa treis san díospóireacht seo. Díospóireacht í nach raibh ar fud na hEorpa, tá an méid sin le rá ar a son.

Is eolgaisí sinne Éireannaigh, in ainneoin na mbréag, ar na conarthaí Eorpacha ar fad, ná na haineolaigh eile go léir. Agus bhí bréaga go tiubh i gcoinne an chonartha lofa. Cúis náire dúinne, lucht chasúir an réasúin iad. Ach ba mhó agus ba chorcra iad bréaga na mboc mór.

A haon: an eacnamaíocht. B’fhéidir gur gá druilire leictreach leis an gceann seo a dhingeadh siar. Vótáil an Spáinn agus an Ghréig ar son an chonartha agus is measa as fós iad ná sinne. Dá bhrí sin, níl aon bhaint ag an eacnamaíocht leis seo. An dtuigeann tú an méid sin sin, nó an bhfuil tú chomh tiubh leis na polaiteoirí atá ag baint an tuarastail díot anois láithreach ar ala na huaire láithreach bonn baill?

A dó: daonlathas is ea é go n-iarrfaí ort vótáil arís mar nach raibh an t-eolas agat. Bhí an t-eolas againn chomh maith le haon duine nár léigh an conradh. Cuireadh an cheist arís is eile an mbeadh orainn vótáil an tríú huair dá dtarlódh sé de dhroch-chor sa tsaol go mbeadh sé de dhánaíocht againn cur in aghaidh na mboc.

Ní dúirt Barrosso ná Brian na mBaincéirí nach n-iarrfaí orainn vótáil arís is arís is arís is arís is arís is arís is arís eile go dtí go bhfaighfí an toradh ceart.

Slán leat a dhaonlathais, bhí tú go maith tamall den saol!

A trí: bhí ‘An Eoraip’ go maith dúinn. Bhí agus tá agus bíonn agus d’fhéadfadh a bheith. Ach, féach, ceacht chéad bhliana na loighice in Ollscoil Bhuiríosa Léith: an leanann de sin go gcaithfimid gach a n-áitítear orainn a dhéanamh gan cheist feasta? Bhí go maith dúinn, dá réir sin, lúitéis is ea é as seo amach. An bhfágfaimid ár n-aigne sa phróca le hais an dorais as seo suas?

A ceathair: An Coimisinéir! Charlie McCreevy! Bhfwat? Tá sorry orm, mar adeir siad i gConamara, ach is cuma liom coimisinéir Éireannach ann nó as.

A cúig, a sé, a seacht, a hocht etc.: beimid i roinn a dó den Aontas Eorpach. Voil, ní léig peile é, ach bhíomar riamh i roinn a dó, cibé. Déanfar sinn a phionósú má leanaimid orainn de bheith drochbhéasach: déanfar sinn a phianósú! Fantar nóiméad nó bomaite, fiú. An bullaíocht í seo? Maistíneacht? Má phianósaítear sinn, cad adeir sin linn mar gheall ar ár gcairde, nó abraimis, ár dtiarnaí?

Agus cé a bheidh ina uachtarán ar an Eoraip nuair a phasáilfear an conradh seo le bagairt is le breabaireacht? An mian leatsa a bheith id shaoránach d’ollstát a bhféadfadh Tóiní an Bhláir Chogaidh a bheith i gceannas air? Tóiní na Fola, Tóiní na Leanaí a scriosadh san ár?

Is léir go raibh gnéithe áirithe den ‘Eoraip’ go maith dúinn. Ní léir go raibh chomh maith céanna do dhaoine eile lasmuigh den dúnphort.

Tá dualgas orainn, dualgas don daonnacht choiteann domhanda.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar