Cev agus Cadhla

Scéal le Eimear Fleming, 1* bliana d’aois, Pobalscoil Neasáin, Baile Dúill, Baile Átha Cliath

Ba cnámharlach é Cev.

Ba ceoltóir é Cev.

Thug Cev áthas do na daoine.

Bhí uaigneas ar Cev.

READ MORE

D’fhán sé sa bhaile mór, ag taistil tríd na sráideanna. Ó theach go teach. Ag canadh agus ag seinm an giotar. Ní raibh a fhios ag aon duine cé mhéad bhlian a bhí sé ag canadh. Ní raibh a fhios ag Cev a thuilleadh ach an oiread.

Cheap sé go mbeadh a bhás bainteach le tine, agus an diabhal, agus go mbeadh sé ag dó i dtinte ifrinn. Ach ní raibh sé te. Bhí sé fuar. Ní raibh a chorp aige anois. Ní raibh croí aige, chun é théamh. Ach bhí a cheol aige, agus a chulaith faiseanta. Agus an sonas a thug a chuid amhráin dó.

Ach níor chuir na rudaí seo stop leis an bpian ina chroí ar iarraidh.

Seo é an scéal faoin shaol searbh milis a bhí ag Cev.

Mar ní raibh Cev ag canadh amhráin faoi daoine randamacha. Bhí sé ag canadh amhráin faoi a ghrá a bhí caillte aige, Cadhla.

Agus is é seo an scéal faoi Cadhla agus Cev.

****

Ní raibh sé ina bhaile mór an uair sin. Ní raibh ann ach cúpla teach in aice leis an gcaisléan.

Ba bháicéir é Cev.

Ba phrionsa é Cadhla.

Níor thaitin ceol le Cev.

Thaitin ceol le Cadhla

Ach b’aoibhinn leis an mbeirt ealaín. Agus tharraing siad na bpictúirí is áille.

Gach lá, bhíodh siad ag gáire le cheile.

Ba chairde iad ar dtús, agus ansin bhí siad i ngrá.

Chan Cadhla dó gach lá. Amhrán grá. Níor thaitin an ceol le Cev, ach bhí sé i ngrá le Cadhla.

Rinne Cev cáca milis dó gach lá. Níor thaitin rudaí milis le Cadhla, ach bhí sé i ngrá le Cev.

Lá amháin, bhí an bheirt acu ag tarraingt ar na mballaí sna coillte. Tarraingt álainn, don fhia mhór. Ní raibh a fhios acu ag an am. Ní raibh fhios acu cá raibh siad.

Bhí siad ar thalamh na ndéithe. Talamh naofa.

Chuir siad fearg ar na ndeithe. Agus sheol siad asarlaí don bhaile chun díoltas a dhéanamh.

Chuir an asarlaí mallacht ar Cadhla ar dtús, os comhair Cev.

Bheadh Cadhla ina chodladh go bhfuair sé póg óna ghrá.

Chuir an asarlaí mallacht ar Cev freisin.

Mharaigh sí Cev. D’aistrigh sí ina chnámharlach é. Agus thug sí saol dó arís. Saol gan corp. Saol gan béal lena ghrá a phógadh. Bheadh Cev i bhfostú, leath beo, go gcanfaidh a ghrá dó.

Ní feidir le Cadhla dhuiseacht gan póg ó Chev.

Ní feidir le Cev a chorp a fháil gan amhrán ó Chadhla.

Agus ansin, chan Cev gach lá, dona ghrá atá caillte, ina chodladh, sa caisléan atá scriosta.

Bhí sé ag canadh sa bhaile mór ó bhí sé ina bhaile bheag. Agus beidh sé ag canadh sa bhaile mór i bhfad tar éis an bhaile mór a scrios.