Ciúnas nua na healaíne

Luaim é seo mar tá cáil na cainte orainn agus bhí riamh anall.

Deir antraipeolaithe go bhfuil dhá shaghas phobal ann sna cluichí idirdhealaithe a bhíonn acu. Sa chás áirithe seo, pobail chainteacha agus pobail thostacha. Aithneoidh daoine áirithe a gcomharthaí sóirt.

San Fhionlainn, mar shampla, is annamh daoine ag caint le chéile amuigh sa saol poiblí. Suigh ar thraein idir Heilsincí agus Kolari agus seachas daoine ar compánaigh iad ní bheidh aon chabaireacht eatarthu.

Suigh ar thraein idir Baile Átha Cliath agus Corcaigh agus is róbhaol go suífidh neach éigin i d’aice ag lorg gach eolais i do thaobh agus ní i gcónaí le teann muintearais amháin. Seas i scuaine lasmuigh den siopa ag fanacht le Santa Claus aimsir na Nollag abhus agus beidh gach duine ag déanamh spraoi agus spóirt; ní hamhlaidh a tharlódh in áiteanna i dtuaisceart na hEorpa ach gach duine taiscthe ina phearsa féin isteach.

Luaim é seo mar tá cáil na cainte orainn agus bhí riamh anall. An chuid is fearr de litríocht Ghaeilge an ochtú céad déag is líofacht thar tomhas atá inti, pé acu Eoghan Rua Ó Súilleabháin nó Tadhg Gaelach atá sa phlé agat. Tá cáil ar dhrámadóirí Béarla na tíre ar a ndeisbhéalaí, ar a ngreann, ar a míchuibheas, ar a gcaint bhláfar bhladhmannach thar fóir. Cé a sháródh ar O’Casey ar fhileatacht na sráide, ar Oscar Wilde ar shlíocaíocht urlabhra sa pharlús? Tá tiomáint faoi Bhéarla GhoulGhaelach Synge ar a aclaíocht is a lúbann sé an teanga, agus ní cúrsaí iontais é go bhfuil go leor di bunaithe ar ar airigh sé nuair a bhí cluas le héisteacht air agus é i bhfolach sa lochta lasnairde in Árainn.

READ MORE

Cad eile atá i Cré na Cille ach caint agus sáiteáin agus cur trí chéile agus searbhas agus eascainithe ar feadh 364 leathanach. Seoid de chuid na teanga is ea Allagar na hInise a bhreac Tomás Ó Criomhthain, agus gan ann ach caint bhaoth an lae ar ábhar ar bith faoin spéir, ba chuma cogan feamainne nó ithe coiníní nó gráin na gcomharsan nó cnagadh loirgne le camáin nó scamhadh róinte le clocha faobhair nó praghas ar oíche ragairne i mbaile mór an Daingin a bhí ann, bhain sé ceol agus teaspach astu ar fad.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Chonaic mé scannán Pat Collins le déanaí bunaithe ar úrscéal John McGahern That They May Face the Rising Sun. Chuir sé scanradh orm. An ciúnas, an bhailbhe, an ganntanas cainte, an easpa bladair, an díth nathaíochta, an tuiscint neamhráite gur nithe iad focail a raibh ciondáil orthu, go raibh siad ag dul as, go raibh spiaire cánach an rialtais ag teacht chun iad a chomhaireamh, nach raibh a leithéid de rud ann agus foclóir nár ghabh níos sia ná leathchéad duille.

Is ea, bhí an scannánú go hálainn, cé gur i nGaillimh a déanadh é. Dá mba i gContae Liatroma a tógadh na ceamaraí amach chaithfí scannán dubh is bán a dhéanamh as, nó b’fhearr fós, liath. Nó séipia féin.

Agus mé ag dul an doras amach, buaileadh isteach im aigne go bhfuil claochlú mór dulta orainn go fairsing mar chultúr. Ba chuma liom An Cailín Ciúin mar tar éis an tsaoil b’í an cailín a bhí ciúin, agus b’in ábhar an scannáin. Ach chonaiceamar agus léamar faoin gciúnas céanna seo, faoin mbriotaireacht, faoin húm agus faoin hám in úrscéalta Sally Rooney, go háirithe in Normal People a mbeifeá ag guí ar do dhá ghlúin, nó tuilleadh dá mbeadh siad agat, nár dhaoine ‘normálta’ iad a cuid pearsana balbha.

An é go bhfuilimid dulta seasc nach bhfuil cumas cainte anois inár measc? Nílim ach á caitheamh amach mar cheist i gceartlár na zilliún focal eile ar na meáin ‘chumarsáide’ gan teorainn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar