Fáilte Uí Mhurchú

Fáilte Uí Cheallaigh an nath dúchais a thugtaí ar an bhfáiltiú croíúil oscailt a bhí againn, ach is mó is cóir ‘Fáilte Uí Mhurchú’ a thabhairt air anois.

Bhí tráth ann nuair a bhíodh cáil ar Éirinn maidir leis an bhfáilte a chuirtí roimh eachtrannaigh, ar ‘an seanduine bocht is an t-óg’, a thagadh anseo ag iarraidh bheith istigh agus fothain. Go deimhin, bhí ‘Ireland of the Welcomes’ ina mhana ag Bord Fáilte nuair b’ann dó, go fiú is má bhí leathshúil amach ar vallait an turasóra i bhfolach sa bhfógra céanna. ‘Mochean do theacht agus rud agat,’ ach níor dúradh é sin go hoscailte.

Mar a chéile, mhaígh an file breá Déiseach, Donnchadh Rua Mac Conmara san amhrán álainn uaidh ‘Bánchnoic Éireann Ó’ gurbh ‘oscailte fáilteach an tír sin Éire’ nuair a bhí sé ina dheoraí i dTalamh an Éisc, más fíor. Bheadh sé suimiúil an t-amhrán sin a athscríobh anois nuair atá an Cú Cloch Clan dúchais ag cur lasracha le foirgnimh atá luaite le teifigh bhochta a díbríodh as a bhfearainn cearta is córa ag an RIC nó de dheasca gur tháinig an dubh ar a gcuid prátaí ina bhfearainn féin nó gur díbríodh go Connachta iad nó go raibh siad ag iarraidh spúnóg sa bhreis a chur i mbéala a gcuid leanaí in South Boston.

Fáilte Uí Cheallaigh an nath dúchais a thugtaí ar an bhfáiltiú croíúil oscailt a bhí againn, ach is mó is cóir ‘Fáilte Uí Mhurchú’ a thabhairt air anois. Maithfidh mo chairde Murchúcha dhom é seo (agus cuid de mo chairde is dílse is Murchúigh iad, lándáiríre!) mar ní hiad sin atá ar bhior mo theanga, ach Murchadh na nDóiteán a bhí go maith cumasach ar fhoirgnimh na ndaoine a chur trí thine ar a lasachuaird ar fud na Mumhan agus deisceart Laighean i lár na 17ú haoise.

D’fhéadfaí ‘fáilte Uí Bhriain’ a thabhairt ar an ráig seo chun Mississipppi Burning a dhéanamh d’óstáin agus d’ionaid thearmann na hÉireann, leis, mar b’é Murchadh Ó Briain, nó 1ú Iarla Inse Chuinn ina theideal Gallda, a dhein léirscrios ar ghnáthdhaoine bochta ina mílte nach raibh díon os a gcionn in aghaidh na hanachaine tar éis a fheachtais in aghaidh na muintire sin a chuir as dá chompord féin.

READ MORE

‘Chonaic sé Murcha,’ an nath cainte a lean uileloscadh Mhurchadh na nDóiteán, agus mhair sin go dtí le déanaí i gcás duine ar bith ar tharla tubaist nó uafás nó sceimhle dó, go háirithe sna Déise. Is mithid é a thabhairt ar ais arís, ach sa chás seo ar fud na tíre.

Is é oighear diachrach seo an scéil ná gurbh é bánú na tíre mórscéal léanmhar na hÉireann ó bhlianta an ghorta i leith. Sa bhliain 1968 d’fhoilsigh an t-iriseoir John Healy a leabhar ‘No One Shouted Stop: The Death of an Irish Town’ mar gheall ar thréigean Bhaile Chathail i gContae Mhaigh Eo. Samhail ba ea é do bhailte beaga uile na hÉireann, ach sampla aonair amháin de na céadta tuairisc, tuarascáil, trácht, cur síos, coimisiún, taighde, coiste suí mar gheall ar ghéarchéim na tíre ina raibh daoine ag éirí nach mór chomh gann leis an bhfaolchoin.

Den chéad uair le naoi scór bliain tá an daonra ag méadú. Ba dhóigh leat gur cúis ghairdeachais agus húplá agus hósannannaí é sin. Breis agus 140,000 ba ea líon na ndaoine a tháinig chun lonnaithe isteach chugainn anuraidh. Tuairim is a 3 faoin gcéad díobh sin daoine ag lorg dídine idirnáisiúnta. Fós féin gan oiread agus léirsiú amháin, ná máirseáil amháin, ná óráid amháin, ná agóid easpa seirbhísí amháin, ná loscadh tí amháin in aghaidh an 97 faoin gcéad úd. Caithfidh go bhfuil cúis leis sin. N’fheadar ó thalamh an domhain dhaite cén chúis a d’fhéadfadh a bheith leis sin?

Pé ní é, nach maith go bhfuil athshlánúchán fachta ag Murchadh na nDoiteán faoi dheireadh?

  • Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
  • Find The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
  • Our In The News podcast is now published daily – Find the latest episode here
Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar