Nuair a sheinn The Clash ar a mbionda i gColáiste na Tríonóide

Deireadh Fómhair, 1977 a bhí ann agus bhí an bheirt againn tagtha as Gaillimh go Baile Átha Cliath ar an ordóg

Foclóir: Stáitse – stage; cultacha aonphíosa - jumpsuits; feistithe – attired; punc – punk; croílár – centre; cuí – fitting/proper; camchuairt – tour; árachas – insurance; oileán – island; dianslándáil – heavy security; dhordghiotár – bass guitar; ar a mbionda - at their best.

Chomh luath agus a tháinig The Clash chun stáitse thuigeamar go raibh punc marbh! B’in toisc go raibh Joe Strummer, Mick Jones agus Paul Simonon feistithe i gcultacha aonphíosa dearga a raibh an chuma orthu go raibh siad deartha go speisialta dóibh.

Ní mar sin a shamhlaigh mé féin agus mo chara gur chóir go mbeadh príomhbhanna punc Shasana gléasta.

An Aoine an 21 Deireadh Fómhair, 1977 a bhí ann agus bhí an bheirt againn tagtha as Gaillimh go Baile Átha Cliath ar an ordóg chomh fada le Halla na Scrúduithe i gcroílár Choláiste na Tríonóide, áit a raibh The Clash le dhá cheolchoirm a chasadh in aon oíche amháin, ceann ag a 7 agus ceann ag 9.30. £1.50 a bhí ar an doras.

READ MORE

Ní shílfí ag an am go mbeadh sé cuí ach an oiread go mbeadh banna punc ag seinm i bhfoirgneamh a tógadh san 18ú haois in ollscoil a bunaíodh le cairt ón mBanríon Eilís I, foirgneamh a bhí maisithe le pictiúir de mhóruaisle an choláiste ó na blianta siar. Ón méid a bhí léite againn sa nuachtán ceoil New Musical Express, ba i gclubanna beaga ar nós an Roxy, an 101 Club agus an Marquee i Londain ba chóir bannaí ar nós The Clash a fheiceáil.

Ach ní raibh an dara rogha againn; ní raibh ar ár gcumas taisteal go Londain. Ba i mBéal Feirste, an oíche roimhe sin, a raibh The Clash le tús a chur le camchuairt ar Éirinn agus ar an mBreatain, ach b’éigean an cheolchoirm san Ulster Hall a chur ar ceal ag an nóiméad deiridh toisc nach raibh comhlacht árachais sásta é a chur faoi árachas. D’fhág sin gurbh iad na gigeanna i gColáiste na Tríonóide na chéad chinn ar oileán na hÉireann a reáchtáil banna punc Sasanacha mór le rá.

Bhí dianshlándáil i bhfeidhm an oíche úd ach is beag gá a bhí leis; bhí an chontúirt a bhain le ceol punc i súile na meán imithe i léig. I Nollaig na bliana 1976 cuireadh breis agus scór de na ceolchoirmeacha (cuid mhaith acu i dteannta The Sex Pistols) a bhí beartaithe ag The Clash ar fud na Breataine ar ceal. Ach 10 mí ina dhiaidh sin bhí glactha le punc mar stíl cheoil, den chuid is mó, agus thuig na comhlachtaí ceirníní go raibh airgead le déanamh as.

In Aibreáin 1977 d’eisigh The Clash a gcéad albam agus ba iad na hamhráin ón albam úd is mó a chasadar i gColáiste na Tríonóide.

Cibé rud faoina bhfeisteas, bhí an chuma ar an mbanna an oíche sin go raibh fearg agus díocas orthu chomh luath agus a tháinig siad ar an stáitse. Agus Strummer ag tafann na n-amhrán isteach sa mhaidhc, a ghiotár á luascadh aige, bhí Mick Jones ar an bpríomhghiotár seasta taobh amháin de agus Paul Simenon ar an taobh eile, a dhordghiotár crochta go híseal aige. Ó am go ham mhalartódh Jones agus Simenon áiteanna. I bhfolach ar a gcúl bhí Topper Headon ag lascadh na ndrumaí. White Riot, London’s Burning, Janie Jones, Career Opportunities agus I’m So Bored With The USA – b’in roinnt de na hamhráin a chasadar, chuile cheann acu gearr, gonta agus fíochmhar.

Amhráin iad nach raibh mórán bainte acu lenár saol mar mhic léinn ollscoile, ach a bhí ina gcuid dár saol mar sin féin toisc go raibh chuile chéim de theacht an cheoil punc leanta againn sa New Musical Express agus ar chlár raidió John Peel ar an BBC ón gcéad uair a raibh caint ar a leithéidí The Sex Pistols, The Damned agus The Clash.

Bhí Eddie and the Hot Rods, an banna as Canvey Island, Essex, a raibh tionchar nach beag aige ar na bannaí punc a tháinig ina dhiaidh, feicthe againn i halla damhsa Seapoint i mBóthar na Trá i bhFómhair 1976.

Bhíomar ann nuair a thug The Boomtown Rats a gceol bríomhar go Teach Furbo in Iúil 1976 agus arís nuair a thángadar go hóstán an Burren Mount i mBóthar na Trá in Eanáir 1977.

Bhí The Clash áirithe ar cheann de na bannaí nua ba thábhachtaí ag an am. Ní banna iad a bhí curtha le chéile, mar a bhí The Sex Pistols ag an fear gnó Malcolm McLaren. Bhí Joe Strummer, a rugadh i 1952, níos sine ná go leor eile a bhí bainteach le saol an phunc agus bhí tamall caite aige leis an mbanna The 101ers.

Ní raibh aon taithí againne ar “tower blocks” ná ar mhótarbhealach an “Westway” seachas an méid a bhí cloiste againn fúthu in amhráin The Clash. Ach is cinnte go raibh taithí orthu ag daoine a bhí ar chomhaois linne agus nach raibh de rogha acu ach dul ar imirce go Londain an t-am úd.

Chríochnaigh an cheolchoirm an oíche úd i gColáiste na Tríonóide laistigh de 40 nóiméad; is ar éigean go mbeadh an banna ná an lucht féachana in ann ag a thuilleadh.

Ní raibh aon trioblóid ann, ach b’éigean do Strummer stopadh go rialta le tabhairt amach do ghrúpa beag a bhí os a chomhair agus a bhí ag caitheamh seile ar an mbanna, nós gránna suarach a bhí ag roinnt de lucht leanta an phunc agus a raibh an dream seo ag déanamh aithris air.

Bhí an-díomá ar Strummer agus ar a bhanna gur cuireadh an cheolchoirm a bhí beartaithe do Bhéal Feirste ar ceal, toisc gur thógadar an cinneadh casadh sa gcathair sin tráth nach mbíodh ach fíorbheagán bannaí mór le rá ó thar lear sásta teacht ann.

Le linn dóibh a bheith i mBéal Feirste, thóg an grianghrafadóir Adrian Boot grianghraif den Clash in áiteanna éagsúla sa chathair a raibh tionchar na cogaíochta le feiceáil orthu. Ní nach ionadh, tharraing na grianghraif chéanna conspóid agus daoine ag maíomh gur tháinig The Clash go Béal Feirste le go bhféadfaí pictiúir dhrámata a thógáil díobh. “A cheap holiday in other people’s misery,” mar a chan Johnny Rotten san amhrán “Holidays in the Sun”, an cheathrú shingil le The Sex Pistols, a eisíodh díreach seachtain roimh chuairt The Clash ar Éirinn.

Níl aon amhras ach go raibh dea-rún ag Strummer filleadh agus d’fhill The Clash ar Bhéal Feirste i mí na Nollag agus sheinneadar sa McMordie Hall in Ollscoil na Banríona.

Bliain i ndiaidh na ceolchoirme i gColáiste na Tríonóide, bhíomar i láthair nuair a chas The Clash sa Top Hat i nDún Laoghaire. Ní cuimhin liom cén chaoi a raibh an banna gléasta an uair úd, mar bhí ceisteanna den chineál sin ligthe i ndearmad agus an ceol punc imithe i léig, ach bhíodar chomh fíochmhar agus chomh tiománta is a bhíodar 12 mí roimhe sin.

Bhí a dara halbam eisithe acu faoin tráth sin. An bhliain dár gcionn, i 1979, d’eisíodar an t-albam dúbailte London Calling a áirítear ar cheann de na halbaim rac is fearr riamh. Bhí punc fágtha ina ndiaidh acu faoin tráth úd agus iad ag tabhairt ómóis do ghnéithe éagsúla de cheol Mheiriceá.

Lean The Clash ag casadh go dtí gur scaradar faoi dheireadh i 1986. Bliain agus fiche go Nollaig seo chugainn a fuair Joe Strummer bás ach maireann cáil agus tionchar a bhanna.