Zú na bplandaí

Cé gur milis é mus na mbláthanna, mar sin féin níorbh fholáir dom greim a choimeád ar mo shrón ag dul tharstu.

Tráth dá raibh shiúlaíos trí ghairdíní Versailles agus iad ag síneadh amach romham go himeall an domhain. Smaoiníos ar na huaisle éagsúla a shiúil ar chosa boga suas síos na cosáin dhíreacha ansin ag pleanáil chinniúint na n-ísle éagsúla a bhí lasmuigh de raon a radharc. Laistigh de raon a radharc bhí ceapacha bláthanna agus faichí lomtha agus crainn bearrtha ar nós púdail agus lochanna le héisc órga agus sceacha beaga a coilleadh ina n-óige ar eagla go rachadh siad ar seachrán. Ar na cosáin dhíreacha sin, choisigh Marquisí, Comtí, Vicomtí, Cevalierachaí agus Vavasourachaí agus iad i ngan fhios go raibh na fiailí lasmuigh ag éirí corrthónach agus b’fhéidir a gcuid saoirse á lorg acu.

Thuigeas dóibh (do na fiailí) agus mé ag siúl trí na gairdíní bréige in Bloom Pháirc an Fhionnuisce ag an deireadh seachtaine. Ní Páirc an Fhiainuisce atá ar an áit d’aon ghnó, mar ní ritheann aon uisce fiáin le linn Bloom, ach gach deoir de faoi stiúir ag ollmheabhair a thuigeann ord agus reacht. Tráill is ea gach bláth, agus daor is ea gach planda, vasáilleach gach luibh.

Thóg sé tamall ar an gcine mídhaonna a thuiscint nach raibh sé ceart ná cóir ná cuí ainmhithe ar dual dóibh bheith ag fánaíocht ar mhachairí na hAfraice, nó príomhaigh arb é a ndúchas dul ag luascadh ó chrann go crann i ndorchacht na dufaire laistigh a chur ceangailte i gcásanna an zú ionas go bhféadfadh smuilceacháin stánadh orthu le straois.

Is dócha go dtógfaidh sé tamall níos sia fós orainn géilleadh gurb é an gairdín zú na bplandaí, carcair ghránna na lus, géibheann an dúlra ainrialaí.

READ MORE

Cé gur milis é mus na mbláthanna, mar sin féin níorbh fholáir dom greim a choimeád ar mo shrón ag dul tharstu. Gach rud chomh néata le púdarchnis ar bhanphrionsa ar a slí chun a crochta, chomh pioctha le hingne Khan éigin a raibh giolla a thochrais féin aige, chomh slachtmhar le clár ama traenach ag gluaiseacht soir, chomh cruinn ceart le tréadlitir Phápa nó le dlí gan eisceacht.

Intinn rolla scoile a chum, meon céimseatúil a dhear, lámha nár chuaigh ar seachrán a chóirigh. Bheadh amhras ort suí síos in aon cheann ar bith díobh ar eagla go dtiocfadh cuileog id threo. Bac iomlán siar amach ar fheithidí an fhéir, ar shneamhaire ar bith a shnífeadh isteach ar a bolg buí ag fágáil smeartha agus smaoise ina dhiaidh. Bhí de bhua ag Gairdín Pharthais go raibh nathracha nimhe ann. Chuirfí smacht ar phuth na gaoithe féin, dá bhféadfaí, ar eagla go gcorródh barr ribe ná bláth. Tithe bábóg iad na gairdíní do dhaoine a shíleann gurb ionann an áilleacht agus an rud atá ‘deas’. Le casadh a bhaint as an seanfhocal, ní hé go bhfuil an áilleacht soirbh, ach tá an áilleacht garbh.

Cad is fiú tiúilipí a bheith agat, tiúilipí nach bhfuil aon oidhre orthu ach turban ar shabhdán agus é ina shuí ina háram? Cén mhaith atá iontu? Ní chuireann siad im ar thornapa. Níor ísligh lus an chromchinn a cloigeann go dtí gur sacadh isteach sa ghairdín é. An bhfaca aon duine riamh bláth i bpota ag gáire?

Níl ach dhá chineál gairdín ann ar fiú tráithnín nó frigh iad. Tá brath agam ar cheann díobh a chur isteach i gcomórtas Bloom an bhliain seo chugainn ach is dócha gur iarracht amú a bheidh ann.

Tugaim Tarzan ar an gcéad cheann acu. Fearann fiáin nach ndéanfaí pioc leis ach ligean don athdhúlrú, don fheochadán, don bhuachalán, agus don chopóg a rogha rud a dhéanamh.

Is é atá sa dara ceann ná plána coincréite áille ag síneadh soir siar chomh fada le híor na spéire.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar