‘Meascán mearaí' i dtorthaí Dhaonáireamh 2022

Bhí sé mar phríomhchuspóir líon na ndaoine sa Stát iomlán a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil a ardú ó 83,000 go 250,000

Foclóir: Meascán mearaí - mixed bag; Méithshonraí – rich data; comhartha ceiste – question mark; úr – fresh; polaití – polity; olagón - wailing/lament; príomhchuspóir - main objective; spriocanna - goals.

Bhí an ceart ar fad ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge Paula Melvin nuair a dúirt sí gur “meascán mearaí den mhaith agus den olc, den fhás agus den titim” atá i dtorthaí Dhaonáireamh 2022.

Ní féidir a rá gur nocht na torthaí géarchéim theanga. Is eol dúinn le fada an lá go bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht á creimeadh ag Éirinn an Bhéarla.

Éagothroime stádais idir an dá theanga atá fréamhaithe go domhain sa stair atá ina bunúdar leis an ngéarchéim.

READ MORE

Fós féin d’fhéadfaí an éagóir a leigheas, ach an mian leis an bpolaití idir pholaiteoirí, chóras riaracháin, mhórmheáin agus institiúidí eile an chultúir go dtabharfaí an Ghaeilge slán?

Is dóigh go bhfuil freagra na ceiste sin le fáil sna bealaí inar caitheadh le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010-2030).

Nuair a seoladh an plean áirithe sin, breis agus 12 bliain ó shin, dúradh go raibh sé mar phríomhchuspóir líon na ndaoine sa Stát iomlán a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil a ardú ó 83,000 go 250,000!

Lena chois sin, gealladh faoi 2030 go gcuirfí 25 faoin gcéad de mhéadú ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil.

Ach, de réir na dtorthaí is déanaí, 1,835 de thitim a tháinig ar líon na ndaoine sa Stát a úsáideann an Ghaeilge go laethúil. Tuairiscíodh go raibh 73,803 acu ann in 2016 ach anois, tuairiscítear dúinn go raibh a líon sa bhliain 2022 íslithe go 71,968. Is i dtreo amháin atá na huimhreacha sin ag dul faraor.

Ach tar éis an tsaoil, más fíor, táthar fós chun cloí le spriocanna na straitéise!

Réiteach an Rialtais ar an bhfadhb? Sealbhú na Gaeilge sna scoileanna a mhéadú agus a fheabhsú tríd an am teagaisc a laghdú! Níl mórán daoine ann ar féidir leo an draíocht a dhéanann níos mó as níos lú a mhíniú d’eolaithe oideachais an domhain.

Ardú

Ach, go míorúilteach, ní gruaim ar fad a spreagann figiúirí an daonáirimh. Mar shampla, tháinig ardú ar líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ó 1,761,420 in 2016 go 1,873,997 in 2022.

Mar a dúirt urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, bhí “ábhair cheiliúrtha” sna sonraí a thug le fios go raibh 100,000 cainteoir nua Gaeilge sa Stát.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur “líon suntasach” é an 1.87 milliún duine a dúirt go bhfuil Gaeilge acu. Ach dúirt sé freisin go gcuirfear an cheist an leor na polasaithe agus na straitéisí reatha le stop a chur le meath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Ba é seo an chéad uair a cuireadh an cheist ‘Má tá Gaeilge agat, cé chomh maith is a labhraíonn tú í?’ Is léiriú iad na torthaí ar an luach atá leis an eolas a bailíodh agus na féidearthachtaí a eascraíonn as a leithéid de mhéithshonraí ó thaobh polasaí agus tuisceana de.

Bhí an cumas is fearr i labhairt na Gaeilge ina measc siúd a bhí idir 5 agus 24 bliain d’aois. Fianaise bhreise é sin ar luach agus ar thábhacht an chórais oideachais.

Ach is léiriú eile arís é an sleamhnú siar sa leibhéal cumais a tharlaíonn tar éis na scoile ar a laghad deiseanna labhartha atá ar fáil lasmuigh den chóras oideachais. Mar a dúirt an teachta Ó Snodaigh, léiríonn na figiúirí “an fiúntas” a bhaineann le ham a chaitheamh go tráthrialta leis an teanga ar scoil mar ábhar riachtanach. Dúirt sé “go dteastaíonn iarracht ar leith chun daoine óga a choimeád ag úsáid na Gaeilge tar éis dóibh an scoil a fhágáil” má táthar chun stop a chur leis an sleamhnú siar.

Agus tús curtha anois leis na hullmhúcháin don chéad daonáireamh eile, a reáchtálfar sa bhliain 2027, caithfear fáilte a chur roimh an oiread eolais a bailíodh mar chuid de Dhaonáireamh 2022. Tá gá lena thuilleadh scagadh agus anailís dar ndóigh ach tá níos mó ar eolas againn anois faoi staid na Gaeilge ná mar a bhí go nuige seo. É sin ar fad ráite, cén mhaitheas atá leis an eolas sin mura ngníomhaítear air?

Ba mhór an aird agus an t-olagón a tharraing tuarascáil ón Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (GCC/EPA) sna meáin Bhéarla nuair a tuaradh an tseachtain seo caite nach mbainfidh Éire a cuid spriocanna amach maidir le hathrú na haeráide faoi 2030 mura gcuirtear athruithe suntasacha i bhfeidhm.

Ach, cé go bhfuil dlúthbhaint ag an dá cheist lena chéile, ba bheag aird a tugadh ar an gcuid sin de Dhaonáireamh 2022 a bhain le staid na Gaeilge.

Nuair nach bhfuil aird á tabhairt ar chás na teanga in Éirinn an Bhéarla agus nuair nach ngníomhaítear ar fhianaise atá bunaithe ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, is léir go bhfuil géarghá le hathruithe suntasacha agus bearta radacacha chun tabhairt faoi bhunchúis na faidhbe.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.