Reilig na n-údar

Tá Nua-Eabhrac breac le siopaí leabhar den scoth.

Ráinig dom a bheith i Nua-Eabhrac suim bheag de bhlianta ó shin – nuair a bhí cead siúil againn R.C. (roimh chóivid) – agus toisc mé a bheith sa chathair sin bhain tochas mé Isaac Bashevis Singer a léamh arís. Níorbh iad na scéalta uaidh a bhain leis an domhan úr ba mhó ba shuim liom, ach an chuid a bhain le sráidbhailte beaga na nGiúdach sa Pholainn sular bánaíodh iad san ollscrios mór. Bhí an t-ádh leis féin gur thug sé na cosa leis agus gur éirigh leis misneach agus samhlaíocht bhaile a choimeád le lucht labhartha na Giúdaise ar fud an domhain.

Tá Nua-Eabhrac breac le siopaí leabhar den scoth. Titeann taom éadóchais agus frustrachais ort ar shiúl isteach faoi ia tí aon cheann díobh. A bhfuil d’údair nach bhfuil léite! A bhfuil de leabhair nárbh eol duit a bheith ann! Dá mbeadh aois Oisín i dTír na nÓg agat, nó fad beatha an turtair mhóir, ní fhéadfá teacht i ngiorracht gángarach asail ná seitreach eich don mhéid ar fad ar mhaith leat a bhlaiseadh.

Ní raibh uaim ach leabhar nó dhó de chuid Singer, gearrscéalta nó ‘Satan in Goray’, nó ‘The Magician of Lublin’ féin. Tuairisc ná tásc féin dá leithéid ní raibh agam le fáil, dá mhéid de shiopaí leabhar a thriallas. B’ait liom sin, mar bhuaigh sé Duais Nobel na Litríochta sa bhliain 1978, an bhliain chéanna inar osclaíodh an chéad Supermacs abhus, agus tá cuimhne mhaith againn ar sin.

Ar an gcuma chéanna, bhí cúis eile agam leabhar éigin, leabhar ar bith, le hAnthony Burgess a lorg i siopaí leabhar Bhaile Átha Cliath. Ba cheart dom a rá gur duine mé a chleachtann an leabhar páipéir clóite seachas leabhair ar scáileáin. Tá de bhuntáiste acu gur féidir leat line ramhar dhearg a chur trí nithe áirithe, nó i gcás ceann staire nó tuairimíochta nóta le fearg a chur ar an imeall: ‘Cá bhfuil an fhianaise?’ ‘Níl aon bhrí leis seo!’ ‘Cacamas le chéad onóracha!’

READ MORE

Pé ní é, ar aghaidh liom tríd an litir B siar aniar trí na seilfeanna…Ba, Barret, Batty, Beavis, Butthead, Buttmore, Bell, Bonk agus Bandle amach go dtí an deireadh, ach lua ar bith ní raibh ar Antóin Brugha é féin. De phlimp, thosaigh na léirstintí troma ag tuirlingt. Cad d’imigh ar na húdair a bhí i mbéal an phobail in anallód, nó beagán blianta féin ó shin?

An léann aon duine Séamas Ó Grianna anois, seachas muintir Thóin a’ Bhaile? An aithneodh aon duine an saol a dheachtaigh Pádraic Óg Ó Conaire níos mó? Deirtear nár chuaigh ‘Cnoc na nGabha’ le Kickham as cló le céad bliain, ach is mó a bhain sin le heaspa údar a bheith i dTiobraid Árann agus leabhar ag teastáil mar pháirtí do ‘Old Moores Almanac’ le hais na leapan. Tá an t-aineolas chomh fairsing anois go gceaptar gur Ballymun Kick’ums is ainm don fhoireann peile ón gceantar sin.

Bhí tráth ann nuair gurbh é Canon Sheehan an t-údar ba mhó éileamh in Éirinn. Bhíodh a chuid leabhar ina sraitheanna ar garda sa pharlús nó os cionn na tine. Deacair é a léamh anois. Ba dhóbair dul dem dhícheall ‘An Sagart Óg’ (‘My New Curate’) a chur díom le déanaí. Tá leabhair leamha léite agam lem linn, lánchnoic Éireann ochón díobh, ach b’é sin an glugar ar fad.

Is í an cheist a phéacann aníos ná cad iad na húdair agus na leabhair atá thuas anois, agus a n-éilítear ort iad a léamh nó beidh tú balbh sa chomhrá is faiseanta, a mbeidh aon trácht orthu i gceann deich mbliana? Cúig mbliana? Dhá bhliain?

Nó an ag snámh ar loch na linne láithrí amháin atáimid ar fad?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar