Tá Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta chun scríobh chuig an Aire Oideachais Norma Foley.
Beidh Aengus Ó Snodaigh ag cur a mhíshásaimh in iúl dí faoi threoir a thug an Roinn Oideachais do dhá eagras oideachais, dar leo, gan freastal ar chruinniú den Chomhchoiste an tseachtain seo.
Dúirt an teachta Ó Snodaigh gur cuireadh in iúl don Chomhchoiste gur iarr an Roinn Oideachais ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ar an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) gan teacht os comhair ball an Chomhchoiste.
I gcomhfhreagras eile cuireadh in iúl gur rannóg den Roinn Oideachais í NEPS agus go mbeadh an t-eagras mar chuid de thoscaireacht an Aire Foley nuair thagann sí roimh Chomhchoiste na Gaeilge an tseachtain seo chugainn.
“I ndáiríre níl mise sásta leis sin mar Chathaoirleach an Chomhchoiste,” a dúirt Ó Snodaigh.
“Níl sé in ord go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis iarracht a dhéanamh bac a chur ar bhreathnú an chomhchoiste seo ar an ábhar tábhachtach seo.”
“Cén fáth gur iarr an Roinn Oideachais ar an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ar an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais gan a bheith os ár gcomhair,” a d’iarr sé.
Dúirt sé go mbíonn sé “i bhfad Éireann níos deacra” eolas a fháil nuair a bhíonn oifigigh ag freastal ar chruinniú den chomhchoiste agus iad i dteannta aire rialtais.
“Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara sin a dtuairimí ar na rialacha sin a leagadh faoi bhráid an Chomhchoiste,” a dúirt sé.
“Ní mó ná sásta atáim, bhíos le ceangal níos luaithe. Níl sé faoin Roinn sceideal chruinnithe an choiste seo a eagrú ná cé a thagann os ár gcomhair a roghnú,” a dúirt Ó Snodaigh.
“Níl mé sásta leis an tslí a ndearna an Roinn Oideachais iarracht beagnach stad iomlán a chur leis an gcruinniú inniu.”
Dúirt Paul Crone, stiúrthóir Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Táineastacha (NAPD), ag an cruinniú go bhfuil “ardú suntasach“ tagtha ar líon na ndaoine atá ag éileamh díolúine ó 2019 i leith nuair a socraíodh nach mbeadh gá as sin amach le tuairisc ó shíceolaí mar thacaíocht do iarratais ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge.
Tarraingíodh ceisteanna tromchúiseacha eile anuas i dtaobh chóras na ndíolúintí ag cruinniú den chomhchoiste coicís ó shin nuair a tháinig ionadaithe cheardchumainn na múinteoirí chun an cheist a phlé.
Dúradh gur ceart go mbeadh curaclam ann do gach dalta ag cibé leibhéal cumais atá siad agus ceistíodh an ceart ‘strus’ nó ‘sain-mhíchumas foghlama teanga’ a úsáid mar leithscéal chun díolúine a éileamh.
Dúirt ionadaí amháin go bhfuil sé chomh héasca sin díolúine a fháil anois go maithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch é den chuid is mó.
Tá an Aire Oideachais Norma Foley le teacht roimh Chomhchoiste na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn.