MAIRIN FEIRTEAR: CAILLEADH Máirín Feirtear ar an 20 Iúil san ospidéal i dTrá Lí tar éis tinnis ghearr. Spéirbhean ab ea Máirín ach bhí clú agus cáil uirthi de bharr i bhfad níos mó ná a háilleacht. Ba bhean léannta, chultúrtha agus cheannródaíoch í chomh maith le bheith ina múinteoir agus ina hoideachasóir den scoth.
Rugadh Máirín Feirtear i mBaile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, ar an 7ú Nollaig 1933 do Katie agus Maidhc Feirtear. Ba í an duine ba shine de bheirt clainne í. Bhí deartháir amháin aici, Séamas, a fuair bás sa bhliain 2000.
Níor phós Máirín riamh ach bhí sí an-ghar do chlann Shéamais agus thug sí togha na haire dóibh i gcónaí agus bhí ardmheas acu uirthi.
Fuair sí a cuid oideachais sa bhunscoil áitiúil agus i gColáiste Íde sa Daingean. Tar éis na meánscolaíochta chuaigh sí chuig an gcoláiste oiliúna i nDún Chéirí, áit ar thraenáil sí mar mhúinteoir bunscoile agus ina dhiaidh sin thosaigh sí amach ar a saol fada múinteoireachta – 46 bliain san iomlán.
Chaith sí 18 bliain ag múineadh le Siúracha na Trócaire i gCearnóg na bhFíodóirí i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, áit ar chuir sí roimpi oideachas den scoth a chur ar fáil do dhaltaí a bhí go mór faoi mhíbhuntáiste. Le linn na mblianta seo rinne sí céim BA san oíche i gColáiste na hOllscoile agus cháiligh sí mar mhúinteoir meánscoile.
Sa bliain 1971 d’iarr Siúracha na Trócaire ar an tSiúr Victoire Nic Shuibhne, a bhí ag múineadh ag an am i gCearnóg na bhFíodóirí le Máirín, scoil nua a bhunú le freastal ar an éileamh ar mheánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i ndeisceart na cathrach. Ghlac an tSiúr Victoire leis an dúshlán ar an gcoinníoll go bhféadfadh sí a leathbhádóir agus a comhghleacaí i gCearnóg na bhFíodóirí, Máirín Feirtear, a thabhairt léi. Is mar sin a thosaigh scéal Mháirín Feirtear agus Coláiste Íosagáin.
Idir 1971 agus 1999 bhí Máirín mar mhúinteoir agus leasphríomhoide ar an gColáiste. Chonaic sí an scoil ag fás agus ag forbairt ó na céad laethanta le tríocha dalta go dtí an scoil le breis is 400 dalta a d’fhág sí faoi bhláth nuair a d’éirigh sí as a post i 1999 tar éis 28 bliain a chaitheamh ag an stiúir.
Leag Máirín síos ardchaighdeán don scoil ón gcéad lá. Bhí sí an-uaillmhianach do na daltaí a bhí faoina cúram – uaillmhianach sa chiall is fearr. Theastaigh uaithi go mbainfeadh gach duine acu barr a cumais féin amach agus bhí sí sásta aon chúnamh a thabhairt le cabhrú leo é sin a dhéanamh. Ba mhúinteoir den scoth í agus chuaigh sí i bhfeidhm go mór ar gach uile dhalta a shuigh ina seomra ranga riamh.
Leag Máirín béim ar leith ar thábhacht na Gaeilge mar bhunchloch don scoil. Ar ndóigh, ba chainteoir paiteanta í féin le dúchas na teanga go smior inti agus roinn sí an dúchas sin go fial leis na daltaí.
De bharr a díograis i leith na teanga, bhronn sí grá don Ghaeilge agus tuiscint ar shaíocht agus ar shaibhreas ár n-oidhreacht dúchais ar na glúnta scoláirí a tháinig faoina tionchar. Chuaigh go leor de na scoláirí sin ar aghaidh lena gcion a dhéanamh ar son na teanga, mar scríbhneoirí, mar fhilí, sna meáin chumarsáide agus i gcúrsaí oideachais. Caithfidh go mba ábhair bróid agus sásaimh di na síolta a chuir sí le linn a saol múinteoireachta a fheiceáil faoi bhláth.
Tá cúis mhaith ag múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí an lae inniu a bheith buíoch de Mháirín Feirtear. Ba dhuine diongbháilte í, duine a a raibh fís aici don oideachas agus an cumas inti an fhís sin a fhíoradh. Gan an saghas misnigh agus ceannródaíochta a léirigh sise agus daoine dá leithéid ní bheadh oideachas lán-Ghaeilge i lár an aonaigh agus ar thús cadhnaíochta mar atá sa tír anois.
Tar éis do Mháirín éirí as a post i gColáiste Íosagáin, d’fhill sí ar a baile dúchais, Cathair Caoin, Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne agus ghlac sí páirt lárnach sna himeachtaí cultúrtha, liteartha agus ealaíne a bhí ar siúl sa cheantar.
Arís léirigh sí a cumas ceannródaíochta agus í i lár an aonaigh. Bhí saol an-iomlán aici agus is iomaí iarscoláire agus múinteoir a thug cuairt uirthi ina teach cónaithe agus fearadh an-fháilte rompu. B’iontach go raibh sí ar ais i gColáiste Íosagáin anuraidh ag Aifreann Ceiliúrtha 40 Bliain an Choláiste nuair a bhí an deis aici bualadh le go leor dá seanchairde ón scoil.
Tá Máirín imithe romhainn ar shlí na fírinne anois ach beidh cuimhne uirthi i gcónaí i gcroí gach duine a raibh sé de phribhléid acu aithne a chur uirthi mar mhúinteoir, mar chomhghleacaí nó mar chara.
Máirín Feirtear: Tháinig sí ar an saol 7ú Nollaig 1933 agus d’éag sí 20ú Iúil, 2012.