Súil ar an dúlra: Read Éanna Ní Lamhna’s Eye on Nature column as Gaeilge

Your notes and queries for Éanna Ní Lamhna


Bhí an beacán gorm seo sa ghairdín cúil. Cén saghas beacán é? Maura Flynn, Baile Átha Cliath 9

Tá sé seo ar cheann de na beacáin Stropharia, b’fhéidir Stropharia cyanea – Verdigris Agaric – os rud é go bhfuil an dath gorm-uaine air. Faightear é ag fás áit a bhfuil duilleoga feá i láthair. Tá sé nimhiúil só ná bain triall as!

Tháinig mé air seo i bpáirc in iarthar Chill Mhantáin le déanaí agus cuma ghlóthaí fhroig air. An bhféadfadh sé gur sin atá ann ag an am seo bliana? Bíonn glóthach fhroig le fáil san earrach sa chuid den pháirc seo atá an-fhliuch, áit a bhfuil portach/locháin bheaga, ach i lár na páirce a bhí siad seo. Tá an talamh ina chodladh geimhridh i gcoitinne faoi láthair, dar ndóigh. Caoimhe Ní Shúilleabháin, Cill Mhantáin

Bíonn froganna baineanna lán le glóthach ag an am seo den bhliain, ach caithfidh an codladh geimhridh a bheith thart sula dtosaíonn siad ag sceitheadh. An rud a tharla anseo ná gur rug éan creiche ar nós corr réisc uirthi agus d’ith sé gach rud ach an ghlóthach. Tá blas millteanach air, de réir dealraimh!

READ MORE

Cheap mo dheirfiúr i bPort Mearnóg go raibh francach sa ngaothaire sa bhfalla thuas staighre. Bhí saghas scríobadh le cloisteáil freisin. Níor thóg an rud baoite ar bith, só sa deireadh bhí ar an bhfear a bhí ag déileáil leis, a lámh a chur isteach. Ní raibh aon rud ann ach cac beag bídeach agus is cac laghairt a bhí ann. Bhí poll bídeach sa ngreille lasmuigh. Aisling Nic an tSíthigh, Co Ciarraí

Tá an ceart agat. Sin cac laghairt (Lacerta vivipara). Níl ach an poll amháin ag an laghairt chun gach rud a fholmhú amach agus tagann gach rud amach le chéile. Tá an fual mar a bheadh aigéad úrach bán ar thaobh amháin agus tá an gnáth cac dubh ar an taobh eile. Caithfidh nach bhfuil codladh geimhridh ag teacht air mar gheall ar an teas sa ngaothaire.

Bhí muid ag breathnú ar Strictly le déanaí nuair a shiúil an leaid mór seo trasna na teilifíse. Baineadh geit asainn, ach ghabh Daidí le gloine mhór é agus bhíomar in ann súil thaitneamhach a chaitheamh air. Ní fhacamar damhán alla níos mó riamh. Lucy & Kitty Maguire, Baile Átha Cliath

Sin an damhán alla is mó sa tír seo – Eratigena duellica – an damhán alla folctha. Ní dhéanann sé dochar ar bith dúinne. Tá na cosa an-fhada ar fad ar an gceann fireann. De ghnáth, bíonn sé ag siúl thart san oíche ag lorg mná. Ní raibh a fhios agam go dtí seo go raibh suim ag damháin alla i Strictly!

Is cuairteoir minic an cág seo ar mo ghairdín le cúpla bliain anuas. Sílim go bhfuil fás cnámh bhán ar a sciathán, ach ní chuireann sé isteach air. Jim Callan, BAC 24

Ní fás cnámh é ach cleite bán. Níl an cág ábalta na gnáth líocha meilinin a tháirgeadh sa cleite sin. B’fhéidir go bhfuil sóchán géiniteach aige. Tá sé seo coitianta go leor. Nó b’fhéidir gur gortaíodh é san am atá caite. Níl sé ag cur isteach air ar aon nós agus tá sé deas a bheith ábalta é a aithint nuair a thagann sé ar cuairt.

Chonaic mé an créatúr lonrúil seo gar don Charraig Bhán i mBaile Átha Cliath. Bheadh sé an-éasca dos na creachadóirí é a thabhairt faoi deara. An raibh sé ag iarraidh bás a fháil? Andrew Leonard, Baile Átha Cliath

Angle Shades an t-ainm atá ar an mbolb seo. Is leamhan an-choitianta é. Itheann sé glasraí agus bláthanna agus is féidir é a bheith ina lotnaid dhíobhálach sa ghairdín.

Foclóir: Glóthach fhroig – frog-spawn; earrach – spring; portach – bog; codladh geimhridh – winter sleep/hibernation; sceitheadh – spawning; éan creiche – bird of prey; corr réisc – heron; francach – rat; laghairt – lizard; beacán – mushroom; gaothaire – vent; fual – urine; dochar –damage/harm; damhán alla – spider; cág – jackdaw; lotnaid díobhálach- harmful pest

Cuir do cheisteanna, grianghraif agus scéaltaí faoi na rudaí a thugann tú faoi deara, chugam via irishtimes.com/eyeonnature