Tír, Eolas agus Stair

Níorbh ann do na ‘hOileáin Bhriotanacha’ riamh

Bhí tráth ann nuair a bhíodh an dá ábhar, stair agus tír eolas, mar aonad amháin chun críche scrúduithe stáit.

B’ait le daoine é seo mar ní raibh an chuma air go raibh aon ghaol eatarthu seachas gaol na háisiúlachta.

B’fhéidir ina dhiaidh sin nach raibh na státseirbhísigh a dhein an socrú chomh tiubh leis na daoine nár thuig an ceangal. Ní móide gurb ann don stair de cheal an tír eolais, agus a mhalairt timpeall ar ais.

A bhfuil ar siúl i láthair na huaire, ar thob na linne, anois díreach, go fiú san lá atá inniu ann tá an stair agus an tír eolas ina leathchúplaí.

READ MORE

Tá an Rúis ag bagairt ar an Úcráin, nó tá fórsaí na hEorpa thiar ag fáscadh na téide cnáibe ar an Rúis. Pé meabhair a bhaineann tú as tá idir stair agus thír eolas ina lúib istigh.

Ní féidir a bhfuil ar siúl anois a dheighilt ón stair agus ón aimsir chaite. Go deimhin, tráchtaire ar bith nach bhfuil eolas leathan éigin aige ar an stair, ba cheart dó a bheith chomh balbh le maide adhmaid.

Iriseoir ar bith nach dtuigeann cad ina thaobh ar tharla ar tharla, agus a dtarlaíonn a tharlaíonn, ba cheart dó éirí as.

Rabhadh agus foláireamh agus forógra le trumpa nach bhfuil balbh: ní hionann ‘míniú’ agus ‘leithscéal’. Ba cheart an difear sin a chló le tatú ar phlaosc gach iriseora leisciúil.

Bhí cúis le scrios na Spáinne ar Mheiriceá Theas, ach ní raibh an ceart acu. Bhí cúis ag na Seapánaigh ionsaí a dhéanamh ar an tSín sa bhliain 1931, ach tar éis dom machnamh meáite a dhéanamh ar an scéal, ceapaim nach raibh an ceart acu tuairim is 200,000 a chur chun báis i Nanking.

Bhí cúis ag an mBreatain saighdiúirí Kikuyu a dhó ina mbeatha sa Chéinia sna 1950í ach níor chúis rómhaith í.

Tá cúis ag IS an cloigeann a bhaint de dhaoine sa tSiria agus sa Libia, ach ní shílim go bhféadfaí leithscéal a thabhairt air.

Má thuirlingíonn buamaí ón spéir, ní thuirlingíonn cúiseanna. Más dóigh linn nach stair agus tír eolas i dteannta a chéile is bun leis an aighneas san Úcráin tá breall orainn.

Stair agus tír eolas is bun leis an gcaint bhaoth ar foluain san aer agus ag cogan ar na himill timpeall ar, go bhfóire Manannán agus Posaidhdean orainn, na Britisch Aidhles.

Is é leithscéal lucht páirte na mBritisch Aidhles nach bhfuil ann ach teideal neamhurchóideach, teideal neodrach, teideal geograife, teideal nár cheart a bheith ar aon tslí cráite ina thaobh.

B’fhéidir nár cheart mar tá míle rud eile agus thairis ar chóra dúinn a bheith suaite fúthu, ach samhlaigh leat teorainneacha na gcontaetha féin agus an paisean a bhaineann leis na paróistí ar na himill.

Ina choinne sin thall, siar amach, go bun na dúide, gan amhras ar bith, mise á rá leat, lámh ar gach ball dem chorp, an uile ghlac bheannaithe ar an gclár, coincheap polaitiúil gan dabhta, socrú concais gan cheist, ba ea ‘Na Britisch Aidhles’ a thabhairt ar an tír seo agus an Bhreatain saghas Mór.

Áirítear gurbh é Peter Heylin a chéad bhain leas as na Britisch Aidhles mar théarma chomh fada siar le 1621. Ba ghealt chomh himpiriúlach é siúd le Rudyard Kipling nó le Winston Churchill féin. Fág sin ar an gcarn aoiligh go fóill, níor tháinig ann don lipéad i gceart go dtí tar éis Acht na hAontachta ar dhearbhú na hachta sin é.

Níor mhór nárbh ionann na Britisch Aidhles agus an Ríocht Aontaithe. B’in é an fuadar a bhí faoi riamh anall.

Cleas sleamhain suarach a áiteamh gur téarma tíreolaíochta é. Níorbh ea ón tús; agus ní hea anois. Is tú atá níos saonta ná saontacht má ghéilleann tú don mhéid sin. Téarma polaitiúil é, iarmhairt Acht na hAontachta, taibhse na gabhála, púca an choncais.

Is í an Tír Eolaíocht ag bualadh gach bob ar an stair atá ann, bíodh nach stair ná Tír Eolas é. Níl lua ná trácht ná tagairt do na “hOileáin Bhriotanacha” in áit ar bith sa Ghaeilge ná sa Ghaidhlig, rud a léiríonn gur cumadóireacht anall ar fad atá ann.

B’ait ar fad an scéal é dá gceapfaí gur oileán Briotanach é an Blascaod Mór, nó Toraigh, nó Inis Oírr, nó Leodhas, nó Barraigh, nó Cléire, agus b’aite fós dá gceapfadh a muintireacha féin amhlaidh.

Agus ós ní é go bhfuil leisce ar pholaiteoirí “Éire” a thabhairt ar an stráice talaimh seo féin, seachas “an t-oileán seo”, is deimhnitheach go bhfuil lucht na n-oileán eile suite de cad iad na hoileáin lena mbaineann nó nach mbaineann.

Polaitíocht is ea ainmniú na hÉireann agus na Breataine mar aonad oileánda amháin. B’ea sa bhliain 1621, agus is ea fós.