Tine agus sneachta sa gheimhreadh

Spreagann an Nollaig cuimhní cinn ó Thír na hÓige


Agus mé ag éisteacht leis an amhrán Nollag gleoite sin, Winter Fire and Snow, a chum Brendan Graham, téim siar ar bhóithrín na smaointe go dtí féile na Nollag mar a bhí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath agus mé i mo pháiste. Tá amhrán Graham bunaithe ar dhán a chum MacDara Woods san Iodáil nuair a bhí a mhac óg ag dul go dtí an Carnabhal i rith an gheimhridh.

Is cuimhin liomsa m’athair ag dul suas go háiléar an tí mar a raibh na maisiúcháin Nollag curtha i leataobh.

Tharraingíodh sé mé aníos le lámh amháin agus mholadh dom togha na haire a thabhairt san áiléar. Bhí an baol ann dá leagfainn mo chos idir na rachtaí go mbrisfeadh an plástar bog agus go dtitfinn síos.

Nuair a bhíodh na maisiúcháin tógtha aníos againn bhainimis an páipéar de dhealbha na cruibe agus chuirimis an chruib i dtoll a chéile os cionn an radio Pye.

READ MORE

Chomh luath is a bhíodh crann na Nollag istigh sa pharlús, bhíodh sceitimíní orm féin agus ar mo shiblíní ag cur bábal agus balún ar na craobhacha. Go hiondúil bhíodh deacracht éigin leis na soilse Nollag agus bhíodh na sreanga ina dtranglam.

Ansin, tar éis do m’athair útamáil leo ar feadh tamaill, lasaidís go léir agus ligimis gártha lúcháire asainn uile.

Sna laethanta sin d’fhéadfá stampa coigiltis scilling amháin a cheannach in oifig an phoist i gCroimlinn agus é a ghreamú ar chárta coigiltis. Faoi Nollaig bhíodh 20 stampa oráiste ar an gcárta agam agus bhíodh bród an domhain orm ag tabhairt an chárta don bhean óg in oifig an phoist i siopa Uí Chondúin agus ag fágáil na háite le punt i mo ghlac chun bronntanais Nollag a cheannach do mo thuismitheoirí.

Ba bheag airgead a bhí ag na daoine ar na laethanta sin agus bréagáin shaora ba mhó a cheannaítí. Chuir mise dúil mo chroí i scairdeitleán troda Meiriceánach a chonaic mé i bhfuinneog shiopa Uí Chorragáin. Leagan Seapánach den eitleán troda F86 Sabre Jet a bhí sa bhréagán sin. Bréagán cuimilte ba ea é agus bhíodh soilse air a lasadh nuair a brúdh ar an urlár é. Thogh mo dheartháir óg, Brian, scútar cuimilte agus bhíomar beirt ag tnúth le Lá Nollag nuair a bheadh seans againn a bheith ag súgradh leis na bréagáin.

Thógadh ár máthair mé féin agus mo shiblíní óga isteach chun bualadh le Daidí na Nollag in ollstór Uí Chléirigh i Sráid Uí Chonaill. Bhí ardaitheoir iontach san ollstór agus bhainimis an-taitneamh as gluaiseacht aníos go dtí an chéad urlár. Ba ann a bhíodh Daidí na Nollag ina shuí in uaimh mhaisithe. Tar éis dúinn bualadh leis agus féiríní beaga a bhreith linn théimis isteach i mbialann Woolworths chun sceallóga prátaí a ithe. B’í sin an t-aon ócáid a d’ithimis i mbialann i rith na bliana.

Is cuimhin liom cé chomh fuar is a bhíodh an aimsir san am sin – i bhfad níos fuaire ná an aimsir anois – de bharr théamh domhanda is dócha, ach sílim go raibh atmaisféar níos fearr nuair a bhí an sioc go trom amuigh agus na réalta ag rince os ár gcionn, ag méadú ar cheol álainn na gcantóirí carúl lena gcomhcheol draíochta:

Adeste fideles

Laeti truimphantes

Venite venite in Bethlehem…

Bhí mé féin chomh cráifeach sin mar ghasúr go ndeirinn mo phaidreacha faoi dhó Oíche Nollag de bharr gurbh í an oíche roimh bhreithlá Chríost í! Ba dheacair dul a chodladh an oíche sin ainneoin go raibh buidéal te cré-earraí curtha sa leaba ag mo mháthair dúinn cheana féin. Faoi dheireadh thiteadh mé féin agus Brian a chodladh agus dhúisímis ag breacadh an lae maidin Lae Nollag chun breith ar na bréagáin a bhí sna stocaí ag bun na leapa.

De ghnáth d'iarraimis tóirsí ar Dhaidí na Nollag ionas go mbeadh seans againn leagan bliantúil an Beano agus an Dandy a léamh faoi na blaincéid.

Tar éis Aifrinn luath Lá Nollag bhuailimis amach ar an tsráid mar a mbíodh páistí na hascaille bailithe. B’éagsúil an feisteas a chaití: buachaillí bó lena hataí agus cumhdaigh phiostail, cailíní gléasta go gleoite ag brú pramanna ina raibh bábóga gleoite agus fiú gasúir gléasta mar Robin Hood lena mboghanna agus lena saighde a raibh gléasanna súite ar a mbarr.

Spreagann liricí áille amhráin Bhrendan Graham mo chuimhní cinn:

‘In winter fire is beautiful

Beautiful like a song

In winter snow is beautiful

All of the the winter long..

Feicim arís an tine dhearg agus na bloic thua ina gcaor agus braithim sonas agus sábháilteacht nár bhraith mé riamh ó shin i leith.