Colscarúint na gcomharsan

Is de dheasca cogaíochta a buaileadh go leor de thíortha na hEorpa le chéile an chéad lá riamh


Shleamhnaigh sé tharainn nach mór i ngan fhios dúinn an mhí seo caite, lá mór an spleáchais in Albain, nó ‘Dependence Day’, mar is fearr aithne air. Beidh cuimhne ag daoine ar an 18ú Meán Fómhair 2014 gur vótáil muintir na tíre soir ó thuaidh ar gan scarúint leis an mBanríocht Aontaithe.

Seans go dtiocfaidh a seal arís ag brath ar fad ar gach cor eile a chuirfidh an stair atá romhainn di.

Idir an dá linn, tá an Chatalóin tar éis a gcuid saoirse ó Castila-La Mancha, Aragón, Extramadura, Andalusia agus na réigiúin eile a ngairmtear An Spáinn díobh a fhógairt.

Is fíor gur chuir siad an tsaoirse sin sa bhuicéad leacoighre go fóill, ach tharlódh nach bhfuil an imirt seo ach ina tús. Beidh go leor ag brath ar cad a dhéanfaidh rialtas Maidrid agus cuid de lucht báigíochta Franco nár imigh riamh as.

READ MORE

Is é eagla atá ar dhaoine ná go gcothófar foréigean agus go n-iompóidh ina chogadh de shaghas éigin. Is de dheasca cogaíochta a buaileadh go leor de thíortha na hEorpa le chéile an chéad lá riamh, agus gach lá ina dhiaidh sin.

Ní hionadh mar sin go gceapfaí gur le cogadh amháin a réabfaí as a chéile iad.

Ach níor léirigh riamh (nó le cúpla céad bliain anuas, ar a laghad) pobal na Catalóine aon dúil i bhfeachtas foréigneach.

Agus cé go bhfuil rialtas na Spáinne daingean i gcoinne na scarúna, tá fasaigh go leor ann le tíortha ag dealú óna chéile faoi shíocháin.

D’imigh an Iorua ón tSualainn, mar shampla, sa bhliain 1905, gan urchar a chaitheamh ná tua a bhaint as faoi bhun bhrait.

D’fhág an tAontas Sóivéadach slán leis an bhFionlainn le gach beannacht in 1917, gan tanc a bhagairt orthu.

Agus más fada uait iad sin, lenár linn féin déanadh an dá chuid den tsean-tSeicslóvaic ina bpoblachtaí ar leithrigh gan fuil ar na sráideanna agus drannadh fiacla lena chéile.

Is féidir a dhéanamh ach rialtais éagsúla, dleathach agus ábhar dleathach, an chúis a phlé.

Níl an chuma ar rialtas na Spáinne, áfach, go bhfuil fonn ar bith orthu oiread is ceintiméadar a ghéilleadh.

Rí ag seanmóireacht

B’é ba mheasa ná an rí ag seanmóireacht dóibh mar gheall ar dhaonlathas agus meas ar a chéile!

Seo é an rí Felipe VI, rí Castile agus Leon agus Navarre agus an Dá Shicil agus Iarúsailéim (ní le magadh é seo, ach seans nach bhfuil an t-eolas seo ag Iosrael), agus na hIndiacha Thoir agus Thiar, agus Ard-Diúc na hOstaire, agus Cunta Habsburg agus Flóndras agus Tioróil agus Ardmháistir agus Ridire d’Ord Bhóna Cathal III, agus ball d’Ord Míleata Ríogúil Hermenegil Naofa agus Rud éigin de chuid Ord an Chriosantamaim agus Ord Iolar na nAztec agus ar aghaidh agus ar aghaidh…

Ó, is féidir liom dul ar aghaidh tamall fós.

Gan amhras, is cinnte nach réiteodh sé lena eicsileinté gur poblacht a bheadh sa stát nua, agus dá n-éistfí leis an mbunreacht iontach atá againn féin go scuabfaí gach teideal mar iad go grinneall na Mara Balearic síos.

Nach ait mar a bhí ‘an t-iarthar’ ar son reifreann neamhspleáchais na Cosaive 1991, ach in aghaidh reifreann na Crimé 2014 clasú leis an Rúis, agus gach aon duine i gcoinne vóta de shaghas ar bith ag na Coirdínigh, in ainneoin gurb iad a bhí i dtosach an urgharda sa chogadh le hIsis?

Is dócha gurb é atá ann go simplí ná a bheith ar son toil an phobail nuair a oireann sin duit, agus diúltú do thoil an phobail nuair nach é toil an phobail an toradh atá uait.

Cad é an focal sin a bhí á lorg agam?

Soiniciúlacht?