An féidir linn?

Cuireann óráidí Obama gliondar ar an gcroí ach ní bheathaíonn briathra na bráithre

"Lá dár saol é," a dúirt ógánach amháin. "Mairfidh an lá seo i mo chuimhne go deo," arsa duine eile. "Rug Michelle barróg orm, ormsa,
gnáthdhuine: a leithéid!" arsa ógbhean. Dochreidte,
dodhearmadta, iontach agus stairiúil na haidiachtaí ba choitianta ag na daoine óga a bhí sa Halla Cois Cuain i mBéal Feirste chun fáiltiú roimh uachtarán Mheiriceá, Barack Obama agus a bhean, Michelle.

Ní raibh an ócáid chomh spleodrach ná chomh
gairdeach le cuairteanna an uachtaráin Bill Clinton ar Bhéal Feirste agus ar Dhoire ach ba léir go ndeachaigh an slógadh i bhfeidhm go mór ar na mic léinn. Ní dhearna siad comparáid mar tá siad ró-óg le cuimhne a bheith acu ar 1995. Mar is dual don óige bhí dáimh acu leis na téamaí ar leag an t-uachtarán agus Michelle béim orthu, dóchas, dearfacht agus muinín gur féidir an saol a fheabhsú má dhéantar dícheall. Bígí uaillmhianach mar a bhí sinne, a mhol Michelle, réalt mhór na hócáide dóibh.

“Ag éisteacht leo, chreidfeá go raibh míorúiltí indéanta,” arsa cailín 17 bliain d’aois. Dúirt a cara go ngríosfadh teachtaireacht na beirte go leor den aos óg lena gcion féin a dhéanamh chun an tsíocháin agus athmhuintearas a bhuanú agus a neartú. Bhí formhór na n-ógánach idir 15 bliain agus 19 bliain d’aois. B’as scoileanna dara leibhéil iad – scoileanna Caitliceacha agus Protastúnacha den chuid is mó.

Díol suntais ab ea é go raibh scolaíocht leithscartha – chomh maith le tithíocht scartha, easpa deiseanna agus call fostaíochta – ar an liosta a d’áirigh an t-uachtarán mar chúiseanna le deighilt agus easaontas. Tacaíodh leis an teachtaireacht sin nuair a thug sé féin agus príomhaire na Breataine, David Cameron, cuairt ar scoil imeasctha in Inis Ceithleann san iarnóin.

READ MORE

Cé gur mar spreagadh don óige a tugadh an óráid i mBéal Feirste bhí sé soiléir go raibh Obama ag rá leis na polaiteoirí i Stormont go raibh sé thar am acu dul chun cinn a dhéanamh ar chomhionannas agus athmhuintearas nó an “shared future” gur mó caint ná gníomh atá déanta faoi go dtí seo.

Tá forbairt na síochána níos práinní anois ná ariamh, dar leis agus gá le comhpháirteachas poiblí. Cruthaíonn gníomhaíocht phoiblí breis scóip don chóir, do cheartas agus do chaoinfhulaingt. B'iad na daoine óga os a chomhair an chéad ghlúin i stair
Thuaisceart Éireann a fuair síocháin mar oidhreacht; ba é a ndúshlán tógáil air.

D’admhaigh Obama nach bhfuair gach duine díbhinn na síochána agus go raibh daoine áirithe ag fulaingt i gcónaí. (Mhaígh cuid de na haíonna ansin go raibh bochtanas agus easpa deiseanna níos measa anois ná mar a bhí 15 bliain ó shin sna ceantair is mó a d’fhulaing foréigean na dTrioblóidí.)

Tá síocháin níos deacra ná cogaíocht, ar sé agus é ag iarraidh inspioráid a thabhairt don óige.

Tá na snáthanna sin fite go dlúth i ngach óráid mhór a thug Obama ó tharraing sé aird na cruinne lena aitheasc ag coinbhinsiún na nDaonlathach i mBostún i mí Iúil 2004. Níl aon dabht ach gur maise é a chuid cainte ar dhíospóireachtaí. Chuirfeadh a óráidíocht an chluain ar chnádán. Thug a dhá mhana “dánacht an dóchais” agus “is féidir linn” uchtach do na milliúin. Scéal eile ar fad is ea fíorú na haislinge.

Cúis aiféala agus aiféaltais é teip an uachtaráin Obama i leith Guantanamo Bay. Gheall sé i 2008 go ndúnfaí an campa. Níor druideadh. Gheall sé arís é le déanaí. Táthar ag fanacht le gníomh. Tá breis is 100 fear á gcoinneáil ansin cé go bhfuil sé admhaithe go bhfuil na scórtha acu neamhchiontach.

Tá na coinníollacha náireach sa champa agus na
géibheannaigh ar stailc ocrais.

Thairis sin, faoi stiúir Obama tá méadú tagtha ar ionsaithe Mheiriceá le ladrainn (drones) thar lear. Chomh maith leis na naimhde de chuid Mheiriceá atá criogtha acu tá saoránaigh de chuid SAM maraithe. Botúin, deirtear. Cuireadh alltacht ar dhaoine nuair a dúirt Obama le hiriseoirí, mar mhagadh, a bheith cúramach mar go raibh ladrainn aige.

Admhaím gur féidir a bheith bréagchráifeach san alltacht faoin magadh sin ach is mór idir é agus reitric dea-aigeanta an uachtaráin faoi chearta agus meas ar gach duine beo.

Ní mian liom liosta fada a áireamh de na peacaí a
chuireann lucht a cháinte i leith Obama. Is leor a rá go bhfuil fianaise ann maidir le
faireachas agus sceithirí go gceadaíonn sé do chúinsí slándála a theacht salach ar "na luachanna agus an tsaoirse is ansa le Meiriceánaigh".

Cháin sé George W Bush agus a réimeas ar an mbonn sin nuair a sheas sé don uachtaránacht an chéad uair. Anois tá sé féin san fhaopach. Sin gan trácht ar an tSiria.

Nuair a dhéanfaidh na daoine óga a machnamh amach anseo faoinar dhúirt an Obama leo an mairfidh an inspioráid?

Nó an bhfuil baol ann go scrúdóidh siad a shaothar agus go gcinnfidh siad, ar an drochuair, nach raibh ann ach reitric. Ba thrua sin ach b’fhurast a thuiscint.