Thios seal agus thios seal eile

Beocheist: Le bliain anuas, tá aithne curtha ag an saol mór ar an bhfocal Seapánach "tsunami", cé nach bhfuil taithí ag an gcuid…

Beocheist: Le bliain anuas, tá aithne curtha ag an saol mór ar an bhfocal Seapánach "tsunami", cé nach bhfuil taithí ag an gcuid is mó againn ar a leithéid de thonn tuile.

Ach caithfidh go bhfuil a lán ball de Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) inniu, áfach, a déarfadh go bhfuil a fhios acu go maith cad is "tsunami" ann agus iad ag breathnú thart ar fhothrach an pháirtí láidir a rialaíodh an Tuaisceart ó bunaíodh an stát.

Gortghlanadh iomlán beagnach a rinne an DUP ar shuíocháin na nAontachtach i Westminster agus an chuma air go mbeidh an t-athrú vótála sin léirithe sna toghcháin áitiúla.

An chéad chloigeann a bhí le crochadh ag an DUP ar bhallaí an chaisleáin, ná cloigeann David Trimble é féin, ceannaire an UUP.

READ MORE

Ar nós Chríostaí mhaith ar bith, tháinig an tUrr. Ian Paisley an bealach ar fad go Droichead na Banna chun an bua a cheiliúradh agus an cic buach deireanach a thabhairt dá shean-namhaid agus é ar an talamh.

Bhí ceannaire Shinn Féin Gerry Adams níos carthanaí más míchruinn. Dúirt seisean gur thug Trimble an tubaiste seo air féin. Bhí an ceart aige, ach ní ar na cúiseanna a thug seisean.

Chuir Adams i leith Trimble nár ghlac sé go hiomlán le Comhaontú Aoine an Chéasta agus gur chaill sé de bharr gur theip air an comhaontú "a dhíol" lena mhuintir féin.

Is fíor go raibh amhras ar Trimble mar gheall ar an gcomhaontú. Ghlac sé leis go hintleachtúil ach ina chroí istigh, b'fhuath leis aon chaidreamh bheith aige le Sinn Féin nó go mbeadh aon bhaint acu le rialú an Tuaiscirt.

Ina ainneoin sin, lean sé leis. Dá mba rud é gur éist sé lena chroí istigh, ní bheadh sé anois san áit a bhfuil sé.

Is é fírinne an scéil é gur íoc Trimble an praghas is airde ar fad as a dhílseacht don gcomhaontú agus as a chrógacht (nó bómántacht mar a d'aithin pobal aontachtach an Tuaiscirt í) nuair a chuir sé a mhuinín i Sinn Féin.

Sheas Trimble leis an gcomhaontú fiú nuair a ba léir go raibh tromlach a phobail féin tionntaithe ina aghaidh.

Is léir go bhfuil an pobal aontachtach dubh dóite den gcomhaontú céanna. Tá rún daingean acu nach gcuirfear aon dallamullóg orthu feasta.

Chonaic siad an bealach ina ndearnadh amadáin den UUP agus fiú den dá rialtas. Thug siad tacaíocht don dream is mó a dhéanfadh scrios ar an gcomhaontú.

Sa tréimhse chorrach chainte atá le teacht, beidh roinnt daoine i Sinn Féin ag cuimhneamh le cion ar na laethanta nuair a bhíodh David Trimble ar an taobh eile den tábla. Tá an páirtí a chuir tréas i leith Trimble de bharr gur ghlac sé le hairí as Sinn Féin anois sa diallait. B'fhearr le cuid mhaith den DUP riail dhíreach go deo ná Martin McGuinness a fheiceáil ina bhall de rialtas ó thuaidh arís.

Rud eile de, tá a fhios ag Peter Robinson agus ag na baill eile den bpáirtí a bhí ar bís chun margadh a dhéanamh le Sinn Féin roimh an Nollaig chomh gar agus a tháinig siad don tubaiste chéanna a leag Trimble. Dá mba rud é gur tháinig siad ar shocrú le Sinn Féin agus gur tharla robáil Bhanc an Tuaiscirt, bheadh an phraiseach ar fud na mias. Meancóg í seo nach ndéanfaidh an DUP arís.

Cheana féin, tá an DUP ag iarraidh toghchán nua don gcomhthionól chun a neart nua in aon chomhrialtas áitiúil faoi chóras d'Hondt a léiriú.

Ach, níl an oiread sin deifre orthu. Mar a dúirt Peter Robinson, níl fadhb ar bith ag an DUP le riail dhíreach ón mBreatain, go háirithe nuair atá siad ag filleadh ar Westminster le naonúr feisirí. Tá sé curtha in iúl freisin ag an DUP go beidh próiseas níos faide deimhniúcháin ann i gcás aon ghníomh dí-armála nó scoir leis an IRA.

Ós mór an scanradh a bhain eachtra Bhanc an Tuaiscirt astu, d'fhéadfadh bliain nó níos mó bheith i gceist go dtí go nglacfadh an DUP le briathar an Choimisiúin Neamhspleách Monatóireachta go bhfuil deireadh leis an IRA. Go dtí go bhfreagraíonn an IRA, cur amú ama a bheadh ann cainteanna nó toghchán comhthionóil a reachtáil. Níor chóir don dá rialtas nó don Státrúnaí nua Peter Hain iarracht a dhéanamh na páirtithe a bhrostú.

De réir pobalbhreithe amháin, is cuma le cuid mhór daoine ar an dá thaobh faoin gcomhthionól. Tá cuid mhór acu arbh fhearr leo riail dhíreach ón dá rialtas ná cumhacht i lámha páirtithe a bhfuil stair an DUP agus Shinn Féin acu.

Ar scáth a chéile a mhaireann an bheirt acu, dar leo, agus bhí a chruthú sin sa toghchán seo.