Duine mé a bhfuil meas agam ar an sean agus ar an nua araon ach tá teanga dhoiléir na margaíochta agus na cumhachta anois tar éis greim a fháil ar na nGaeilge.
Bheadh ionadh orm, mar shampla, munar mé an t-aon duine ar domhan a bhfuil albam dúbailte Bhab Feirtéar ar a iPod aige. Sea, tá sí ann, banríon uasal na scéalaíochta, neadaithe go ceanndána idir The Arcade Fire agus Bob Dylan. Agus munar cruthúnas an méid sin ar mo chuid 'hiberno-cosmopolitanism', mar a thabharfadh David McWilliams air, bhuel, ní lá fós é.
Rud amháin nach bhfaighim aon bhlas air, áfach, ná teanga nua seo na margaíochta, an teanga seo leath-linn atá de shíor á brú síos na scornacha againn.
Tá a fhios agaibh an saghas - teanga a chuireann olc ar cholúnaithe cancaracha agus cosantóirí eile na céille. Sampla den teanga chrapaithe seo ná an nath díchéillí, uileláithreach sin, "going forward". Tá sé ag cách.
Ceann eile acu is ea an "tipping point" seo. Bhuel, i mo thuairimse, bhain an nath "going forward" a "tipping point" amach nuair a chuala urlabhraí de chuid lucht bainte na móna ar Six One ag rá: "Our chief concern now is to get the best possible deal for turf-cutters, going forward."
Is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ag seasamh an fhóid a bhí an t-urlabhraí portaigh céanna ach ag "tógáil na céimeanna cuí chun an próiseas a éascú".
Faraor, tá an neamhtheanga seo tógtha ar iasacht againn sa Ghaeilge agus í á spalpadh go líofa anois ag feidhmeannaigh, forasóirí, conraitheoirí, acadamhaigh, polaiteoirí agus, is oth liom a rá, iriseoirí.
Chuaigh fuil agus feoil trí chéile orm nuair a chuala duine éigin an lá eile ag maíomh, "go gcaithfí teacht aníos le straitéis infheidhmithe, ag dul ar aghaidh".
Tá Gaeilgeoirí gairmiúla, le tamall anuas, ag smaoineamh "taobh amuigh den bhosca", murab ionann iad agus an mac léinn Bleá Cliathach a bhí "as a bhosca ar fad" tar éis bhoiléigear an Oireachtais.
Tá an teanga seo ar a dtoil ag feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta. Níl éinne, (seachas an tAire Ó Cuív ar an lá is fearr a bhíonn sé, b'fhéidir), inchurtha le cleas an Údaráis. Cloistear caint uatha faoin ngá "meachán abhcóidíochta ar son na Gaeilge a threisiú" sa - cuirim i gcás - "phróiseas idirghabhála leis an státchóras".
Dá gcasfaí ort cuid de na daoine seo sa phub san oíche thabharfá suntas do shaibhreas na Gaeilge acu, ach is ag "éascú próiseiseanna" agus ag "seirbhísiú an phobail" a thugann siad an lá.
Nílimse, ná níl iriseoirí eile gan locht. Nuair is gá, bím ag caitheamh tharam faoi "aidhmeanna inscroichthe" chomh maith leis an gcuid is fearr acu. Déanaim iarracht staonadh ó "rólanna féideartha", ach ní i gcónaí a éiríonn liom.
"Once a certain degree of insight has been reached," mar a dúirt Wylie i Murphy de chuid Beckett, "all men talk, when talk they must, the same tripe."
Seans gur saoithín nó piúratánach mé, ach fuineann friotal doiléir smaointeoireacht dhoiléir agus, níos measa fós, tá an friotal doiléir ina sciath chosanta ag lucht na cumhachta.
Uaireanta, cloisfidh tú urlabhraí éigin ar an raidió a bhfuil sé crua aon chiall a bhaint as an méid a bhíonn á rá aige. Bíonn cúis an-shimplí leis seo: ní bhíonn faic á rá aige nó níl sé ag iarraidh go dtuigfí cad atá le rá aige.
Is maith an rud é, is dócha, go bhfuil an Ghaeilge ábalta í féin a iompar i ndomhan seo na leabhar féinchabhrach agus na síorphleanála straitéisí, ach fágann an teanga sin fuar mé. Agus b'fhearr liom muna gcumfadh An Coiste Téarmaíochta, mar shampla, aon leagan Gaoluinne do "extraordinary rendition" nó "collateral damage" ná aon cheann de na samplaí is nimhní den chlaonadh seo chun na doiléireachta. Déanfaidh "fuadach chun ciaptha" agus "marú sibhialtach" an beart.
Nuair a thitim i bpeaca déanaim leorghníomh trí scéalta teanga-lárnaithe, eolas-bhunaithe Bhab a chasadh chomh hard agus is féidir ar chluasáin an iPod. (Sea, fear truamhéileach mé ar an chuid slite).
Faoiseamh beag atá ann ó bhéarlagair bladhmannach shaol oifigiúil na teanga. Ligim dá scoláirí bochta agus dá cearc a' phrompa mé a scuabadh trí cheo na doiléireachta agus na heaspa brí. Ag dul ar gcúl, gan amhras.