Scoláirí Choláiste Phádraig ag amharc sa Scáthán

TUARASCAIL: NÁ BAC an tIdirlíon bomaite. Ná tabhair aird ar an bhlag

TUARASCAIL:NÁ BAC an tIdirlíon bomaite. Ná tabhair aird ar an bhlag. Seasaimis bua an traidisiúin, ceart na hirise bige, talamh traenála an údair agus an iriseora.

Ar an dóigh thraidisiúnta a tháinig an iris, Scáthán '09(€2), chugam, is é sin, tríd an phost, i gclúdach litreach, stampaí air agus nóta, scríofa de láimh, leis.

Iris dhaite atá ann agus altanna ar chúrsaí spóirt, polaitíochta, taistil, drámaíochta agus pictiúir – chan jpegs – de dhaoine óga gealgháireacha as Éirinn agus thar lear. Mic léinn as Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, a d’fhoilsigh.

Aisteach go leor, Scáthán an t-ainm a bhí ar iris Ollscoil na Ríona agus mé i mo mhac léinn féin ann tá 20 éigin bliain ó shin. Seans gurb é sin a mhúscail an chumha ionam.

READ MORE

Cá ndeachaigh na blianta? An bhfuil sé chomh fada sin siar ó bhí mé féin ag plé le clódóirí agus mé ag cur eolais ar scríbhneoireacht, ag iarraidh ábhar a bhailiú ó dhaoine – gan táille a thabhairt dóibh agus an obair a dhéanamh go deonach?

Maireann, áit éigin i mo theach, cóip d’iris, CIC, a chuir mé féin agus cúpla leaid eile le chéile i mBéal Feirste fadó fadó. Ní mhaireann ach an t-aon eagrán amháin nó chuaigh an dara heagrán le thine nuair a dódh, de thaisme, an foirgneamh ina raibh muid lonnaithe go talamh. Ach maireann na cuimhní i gcónaí, an dea-chomhluadar, típ táp an chlóscríobháin. Sea, clóscríobhán. Ré na gCloch a bhí ann, ré na méar tapa lúfar.

Agus ná bí ag caint liom faoi nuatheicneolaíocht an lae inniu. Bhí mé ann nuair a fuair iris eile a ndéanainn obair (dheonach) di ríomhaire nua Mac agus cóip de Aldus Pagemaker air. Ba é an Mac ba lú dá bhfaca tú riamh, scáileán bídeach nach mbeadh as alt ar ghuthán póca sa lá atá inniu ann.

Ach ba den traenáil í, profaí a cheartú, ábhar a léamh, ábhar a bhailiú agus amharc ar chríoch an aistir sin. Sea, is doiligh an tIdirlíon a shárú mar mheán scaipthe eolais. Ach is doiligh an iris bheag umhal a shárú mar dheis oiliúna agus mar spreagadh.

Táthar ann a deir go bhfuil deireadh ag teacht le ré an fhoilseacháin. Más sea, is boichte muid. Comhghairdeas le muintir Scáthán. Leanaigí oraibh – teastaíonn scríbhneoirí úra i bprionta i gcónaí.