Alan Titley/Crobhingne: Bhí sioscadh mór ann le bliain anuas timpeall ar chomóradh céad bliain Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta.
Tá an comóradh sin thart anois agus an intinn ag luí go fuar ar an ábhar. Eireaball na cainte go léir cheana ag croitheadh an chinn amach romhainn.
Is é a ghriog mo smaointe réamhrá atá scríofa ag Colm Tóibín in Criterion '05, irisleabhar an Chumainn Litríochta agus Díospóireachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a foilsíodh le déanaí. Aiste bhreá í, mar is dual dó, ach is aoibhne fós liom nach n-aontaím le siolla dá séada múin. Áitíonn sé gur cúis gháire chugainn "amharclann náisiúnta" de shórt ar bith, ná stíl náisiúnta ar bith, ná dráma náisiúnta ar bith. In ainneoin a ndúirt mé dhá abairt ar ais ní miste a admháil go bhfuil bun éigin lenar scaoil sé de chnaipí chugainn, go háirithe más eisint éigin atá againn á lorg.
Ach nuair a ghabhann sé amach ar an reitric ar nós "the idea of a nation is in itself worthy of our laughter" is amhlaidh gur gá leac oighre fuar an réasúin a chur ag siosarnach ar ghal ghaoithe na baothchainte. Níos measa ná sin, ar seisean, "If a nation is a whole shower of people roaring for the same team, then Wexford is a nation." Scéal liom dó: nuair a ghabhann foireann Loch Garman amach ar an bpáirc is beag cúis liúirigh a bhíonn ag aon duine.
Admhaím go bun gur nóisean casta, aimpléiseach, éiginnte, míshocair, neamhinghreamaithe é nóisean an náisiúin. Admhaím gur baineadh míleas agus mí-úsáid as.
Ina choinne sin, tá rud éigin ann. Luann an Tóibíneach le dea-mheas, tuairim lagmheasartha neamhghlic Benedict Andersen gur "imagined communities" iad gach náisiún.
Ba bhreá liom a cheapadh go raibh samhlaíocht chomh mór sin ag pobal daoine ar bith. Nár bhreá go léir é dá gceapfadh pobal Agadir nár chuid den Mharóic in aon chor iad, nó níos fearr fós, nár Arabaigh iad, nach raibh sa tsaol a bhí á chaitheamh acu ach samhlú, agus gurbh Sheapánaigh le fírinne iad, nó Marsónaigh?
Cuimhnigh air: nuair a ghluais arm na hIndoinéise isteach ar an Tíomór Thoir ní raibh ann ach brionglóid. Bás de chuid na samhlaíochta ba ea an bás claímh agus faobhair agus púdair a himríodh ar na céadta mílte. Ach ná bíodh aon chorrabhuais ort, níorbh ann do náisiún an Tíomóir Thoir, ní raibh ann ach samhlú.
Agus nuair a d'éalaigh an tSlóivéin ó chrúcaí Shlobodan Milosovic ní móide gur shíl siad gur éalú samhailteach a bhí ann, pé rud is a cheap an chuid eile den domhan.
Agus nuair a cheol na sluaite Eastóineach ina gcórtha gairdeachais ar son a gcuid saoirse i gcearnóga Taillinn agus ar bhánta Haapsalu roimh thurnamh na hImpireachta Sóivéidí ní dóigh liom gur shamhlaigh siad gur sa Chearnóig Dhearg ag móradh éachtaí Stailin agus Leinin agus ag breith barróga ar ghunnaí Rúiseacha a bhí siad.
Agus nuair a fhéachann cara Tibéideach liom a bhfuil cónaí air in Lhasa amach an fhuinneog, agus nuair gurbh ar éigean nach bhfeiceann sé duine dá mhuintir féin seachas iad siúd atá ag iompar an uisce agus ag sluaisteáil na cré, deir sé liom nach samhlaíonn sé gur Síneach é ar chor ar bith.
Agus nuair a thiteann na buamaí ar Ghroisní is cuma leis an bpobal an in Tóiceó a bhí siad, nó Dresden, nó Londain, nó Bagdad, nó Beirlin, nó Beograd, ach is deimhnitheach go dtiteann siad toisc nach Rúisigh iad. Ní buamaí samhlaitheacha iad a chuireann cinn is colainn a bhaint dá chéile.
Agus nuair a chuaigh na Giúdaigh shamhlaitheacha ar shamhlaigh na Gearmáinigh Naitsíocha gur Ghiúdaigh iad ag samhlú leo isteach sna seomraí samhlaitheacha gáis is cinnte gur shamhlaigh siad nach raibh ann ach samhlú toisc nach raibh iontu ach "imagined community".
Agus a shamhlú sin orthu.
Braithim go dtuigfeadh saoránaigh - seachas géillseanaigh - Dili cad is Amharclann Náisiúnta ann, dá mbeadh aga acu ar a gcinn a thógaint ón bhfiontar, mar dhea, náisiunta.
Agus aisteoirí na Slóivéine nár shantaigh orlach tailimh nár bhain leo. Agus muintir thalannach na Taillinne nár chaith urchar lena namhaid.
Agus duine thall is abhus de chuid na Tibéide nach bhfuil post le fáil aige ceal Sínise, ceal gutha, ceal dínite.
Samhlú de chuid an Tóibínigh féin is ea an easpa samhlaíochta seo.