“OUTSIDE OF a dog, a book is man’s best friend. Inside of a dog it’s too dark to read.” – An t-aisteoir agus fear grinn Groucho Marx a dúirt. Bhí a mhéar leagtha ar thábhacht an leabhair gan aon agó. Níl cara níos dílse ann ná an leabhar. Fiú nuair a chasann sé a dhroim ort agus nuair a thugann aghaidh ar an tseilf arís, tá cara saoil agat.
Más ionúin leat do chairde, is ceart leabhar maith a mholadh dóibh ó am go chéile. Foilsíodh leabhar thar a bheith tábhachtach i léann an bhéaloidis ar na mallaibh. Thaitin sé go mór liom.
Léigh mé agus d’athléigh mé é. An leabhar dar teideal An Slánaitheoir ag Siúl ar an Talamh le Pádraig Ó Héalaí (An Sagart, 2012) atá faoi chaibidil agam.
Is iomaí leabhar a scríobhadh faoi thionchar na Críostaíochta ar Éirinn le cúpla céad bliain anuas ach an mbaineann siad le gnáthmhuintir Chríoch Fódla?
Le taifeadtaí Stáit agus Eaglaise a bhaineann siad, leis an gcóras, leis an rialachán, leis na hinstitiúidí.
Is beag scoláire a phléigh an léiriú a thugtar i scéalaíocht bhéil na hÉireann ar phearsana an Tiomna Nua, agus Íosa ach go háirithe fós.
Is beag scoláire a thug suntas do ról na cosmhuintire i gcothú agus i ndáileadh na scéalta sin a bhfuil imeachtaí Íosa le linn a shaoil inár measca mar phríomhthéama acu.
An rud is suntasaí faoi na scéalta sin sa traidisiún Gaelach ná go mbaineann siad leis an saol mar is eol dúinn é, an gnáthshaol réalaíoch a chaitheann gach éinne againn, ár ngol is ár ngáire araon.
Is léir gur chaith an t-údar Pádraig Ó Héalaí díograis agus allas leis an leabhar cuimsitheach seo ina ndéantar mionscagadh ní hamháin ar ról Íosa is an ról a bhí ag an Maighdean Mhuire agus na naoimh sin a bhfuil dlúthbhaint acu lenár dtraidisiún féin – Bríd, Pádraig, Mártan, Colm Cille agus iad ag siúl ar an talamh in Éirinn: pléitear chomh maith na scéalta sin sa chomhthéacs idirnáisiúnta.
Is cinnte go raibh éileamh mór ar scéalta cráifeacha sa tír seo tráth den saol – mórán ar an gcaoi chéanna ina mbíonn go leor daoine in Iarthar an domhain an-tógtha inniu le scéalta faoin mBúda agus Krishna agus fáithe Oirthearacha eile nach iad.
Mar a thuigfeá, ba i gcultúr Caitliceach na tíre seo a bhí éileamh faoi leith ar scéalta faoi na naomhphearsana, na scéalta sin bunaithe go minic ar thuiscintí diagachta a bhaineann go sainiúil leis an gCaitliceachas.
Bhí stádas níos diongbháilte ag an scéalaíocht i gcoitinne i bpobail Chaitliceacha ná mar a bhí i bpobail Phrotastúnacha mar is minic na leasaitheoirí Protastúnacha i gcoinne scéalta a chothaigh tuiscintí ar iompar a mheasfaidís a bhí piseogach nó earráideach ó thaobh creidimh de – scéalta faoi thaibhsí, síscéalta agus an naomhsheanchas, mar shampla.
Bhí tionchar láidir an Phiúratánachais ar cheann de na cúiseanna is mó ar imigh an traidisiún scéalaíochta i léig sa Bhreatain Bheag agus i mórán pobal thall in Albain leis.