Gaeilgeoir Charna

Léireoidh Taibhdhearc na Gaillimhe dráma nua le Breandán Ó hEaghra, Gaeilgeoir Deireanach Charna an tseachtain seo.

Léireoidh Taibhdhearc na Gaillimhe dráma nua le Breandán Ó hEaghra, Gaeilgeoir Deireanach Charna an tseachtain seo.

Bhain an dráma duais aitheantais i nGradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín, comórtas script scríbhneoireachta a cuireadh ar bun le cheiliúradh a dhéanamh ar 75 bliain na hamharclainne.

Dráma "nimhneach greannmhar" an cur síos a dhéanann an Taibhdhearc ar an saothar. Insíonn Ó hEaghra scéal Tommy Uí Fhlatharta, fear atá le gradam speisialta a fháil ó Aire na Gaeltachta de bharr gurb é an Gaeilgeoir deireanach sa cheantar é.

Tá corr nó dhó sa scéal, deirtear, agus é ag fanacht leis an Aire agus déantar ceap magaidh den chaidreamh éadmhar brúidiúil idir na carachtair.

  • Beidh Gaeilgeoir Deireanach Charna ar siúl ón oíche amárach go dtí an Satharn 14ú Bealtaine. Gach léiriú ag 8pm. Eolas: 091-563600.