TUGANN AN cur síos mion a dhéanann Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga ar na himscrúduithe a sheol a oifig i 2009 léargas glinn dúinn ar éifeacht agus ar thábhacht a chuid oibre.
Ach ba chóir go mbainfeadh an méid atá le rá ag Seán Ó Cuirreáin i réamhrá na tuarascála céanna an brach de shúile iad siúd atá fós dall ar an mórphictiúr maidir le slánú na teanga.
Déanann Ó Cuirreáin nasc soiléir idir Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, an reachtaíocht teanga agus todhchaí na teanga mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
“Mura féidir le daoine an Ghaeilge a úsáid go furasta agus iad i mbun gnóthaí leis an Stát nó lena chuid ball, baintear an bonn ó bhailíocht an choincheapa den Stát a bheith ag tabhairt tacaíochta dá chéad teanga oifigiúil, bíodh sí ina teanga dhúchais a thugtar anuas ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht nó ina teanga a fhoghlaimítear sa chóras oideachais go náisiúnta,” a scríobhann sé.
Deir Ó Cuirreáin go mbraithfidh an té nach bhfuil muinín aige as toilteantas an Stáit seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil dó “nach bhfuil de rogha aige ach a chearta agus a mhianta teanga a thréigean agus géilleadh don Bhéarla éigeantach.
“Má thacaíonn an Stát le sealbhú na teanga mar theanga dhúchais sa Ghaeltacht agus má éilítear ar an aos scoile go náisiúnta an teanga a fhoghlaim, luíonn sé le réasún go gcaithfidh an Stát céanna úsáid na teanga ag an bpobal sin a éascú, go háirithe agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit”.
Scríobhann sé gur “saothar in aisce” a bheidh in iarrachtaí an Stáit i leith cheist na Gaeilge “mura gcothaítear agus mura slánaítear go gníomhach an nasc idir sealbhú agus úsáid na teanga”.
Agus é ag seoladh na tuarascála i nGaillimh Dé Luain dúirt Ó Cuirreáin go raibh seasamh na teanga ag an leibhéal náisiúnta “níos daingne ná ag aon tréimhse eile le deireanas” ach go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht “ag an leibhéal ba leochailí dá bhfuil ann” go háirithe i measc an aosa óig.
Má tá amhras fós ar éinne faoin bhaint atá ag aistriú preasráiteas nó cáipéisí stáit leis an rogha teanga a dhéanann tuisimitheoir sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, bhí freagra beacht ag an gcoimisinéir orthu:
“Gach uair a chuireann oifigigh stáit iallach ar chainteoirí Gaeilge an Béarla a roghnú, daingníonn siad teachtaireacht dhiúltach.”
Dar leis, áfach, gur cuma an diúltach nó dearfach teachtaireacht an Stáit maidir leis an nGaeilge muna gcuirtear an straitéis 20 bliain atá beartaithe don teanga i bhfeidhm agus muna mbíonn daingniú na Gaeilge mar theanga bheo phobail sa Ghaeltacht mar cheann dá príomhspriocanna:
“Mura raibh seo le tarlú, agus go rabhthas le caitheamh léi mar a tharla le hiliomad tuarascálacha inmholta roimhe seo, b’fhearr dá gcaithfí i leataobh anois í ar mhaithe le tuilleadh soiniciúlachta a sheachaint. Beart de réir briathra a theastaíonn in áit focail mhilse.”
Tháinig méadú 15 faoin gcéad ar líon na ngearán ón bpobal a fuair Oifig an Choimisinéara i 2009 le hais 2008 agus tháinig méadú 153 faoin gcéad ar líon na n-iarratas a rinne comhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais teanga. Mar thoradh ar na gearáin seoladh 17 imscrúdú foirmiúil le linn na bliana 2009.
I measc na gciontóirí bhí Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a sháraigh a ndualgais reachtúla teanga faoi thrí.
I gcás amháin cinneadh gur sháraigh an feidhmeannas a ndualgais agus í i mbun cumarsáide leis an bpobal maidir le heipidéim fhliú na muc.
Ar ndóigh ní mar a chéile a bheadh tuarascáil ón gcoimisinéir muna dtabharfadh sé buille dá bhata don Roinn Oideachais agus ní haon eisceacht atá i dtuarascáil na bliana seo caite. Cinneadh gur sháraigh an Roinn Oideachais a dualgais reachtúla i gceithre cinn de chásanna éagsúla.
Íorónach go maith bhí Oifig an Choimisinéara Faisneise i measc na gciontóirí chomh maith. Is í Emily O’Reilly, an Ombudsman, an Coimisinéir Faisnéise agus níor fhoilsigh a hoifig príomhchinntí an choimisinéara go comhuaineach agus go dátheangach.