Drochthuar

AN TUAR nár tháinig faoin tairngreacht

AN TUAR nár tháinig faoin tairngreacht. D'fháiltigh an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, roimh scéim nua teanga de chuid an Aontais Eorpaigh, an Gréasán chun Éagsúlacht Teanga a Chur Chun Cinn, an tseachtain seo caite. Is é is cuspóir leis an ghréasán comhoibriú praiticiúil a fhorbairt idir teangacha beaga náisiúnta agus teangacha neamhfhorleathana móra.

Agus é ag caint roimh an vóta do Chonradh Liospóin sa Stát seo, dúirt Ó Cuív gur chinntigh "Conradh Liospóin ról níos mó fós don Ghaeilge i gcroílár thodhchaí na hEorpa ... Ag leibhéal praiticiúil, dearbhaíonn an conradh cearta gach saoránach comhfhreagras a sheoladh i nGaeilge chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh agus freagra a fháil inár dteanga náisiúnta. Ciallóidh Conradh Liospóin go mbeidh áit ár dteanga agus ár gcultúr náisiúnta san Eoraip níos sábháilte ná riamh."

Ar an drochuair don Rialtas, vótáil an pobal in aghaidh an chonartha. Ach ná bíodh imní ar lucht na Gaeilge go mbeidh an Ghaeilge anois dícháilithe mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais agus go ndéanfaí teanga neamhoifigiúil neamhoibre di de bharr an vóta 'Níl'.

Dúirt urlabhraí thar ceann Uí Chuív leis an cholún seo "nach raibh impleachtaí diúltacha ar bith ann don Ghaeilge, go raibh a stádas socair agus nach ndéanfaí dochar don teanga".

READ MORE

Mar sin de, ní dhearna an vóta difear ar bith ar bhealach amháin nó eile?