An Peann Coitianta: Tá tosach maith lúfar ag mo chompánach orm, é amuigh ó thús na bliana ag siúl na gcnoc agus ag rothaíocht sna cúlchríocha. Turasanna déanta aige ón mBántír i dtuaisceart Chorcaí ó dheas go Béarra agus sna dúichí timpeall.
É lán de sheanchas na ndúichí sin. Eisean a leag amach an cúrsa siúil don lá seo, mise á leanúint.
Taobh le Gleann Dá Loch a thosnaímid amach, mar a bhfuil an díseartán Suaimhneas Chaoimhín. Tugaimid ár n-aghaidh tríd an gcoillearnach ar Scarr, cnoc 641 méadar, talamh gharbh agus móinteán an chuid is mó de agus conair tríd.
Táimid le dul ar aghaidh ó Scarr go dtí Ceann Toirc atá ábhairín níos ísle, síos le fána go dtí Gleann Log an Easa, in airde arís thar Loch Iolar go Tóin le Gaoith taobh le Bealach Chill Mhantáin agus anuas ar ais ar an dtimpeall.
Déanfaidh sé turas lae in aghaidh an chloig, agus an lá go haoibhinn gan puth gaoithe ar an ísleán. An uair dheireanach a dheineamar an turas, deiseal, ba dhóbair sinn a scuabadh den mhullach le neart na gaoithe, agus chaitheamar lámhacán ar ár nglúine.
Deineann sé lá mór fuiseog. Is geall le nóta nodaireachta ceoil greanta go hard san aer an fhuiseog, í crochta ar foluain, á cumadh féin lena cuid cantaireachta. An fhuiseog a bhaineann stad siúl as mo chompánach. "Éiríonn mo chroí ar chuma éigin", a deir sé, "nuair a scinneann sí ón ard go talamh".
Stracfhéachaint a thugaim ar mo chompánach agus é ina staic ansin, feicim cloigeann seabhaic nó fiolair ón ngob go smig. Gan aon chuid dá mhianach fiaigh ann áfach, é ina éaneolaí, cloiseann agus feiceann sé féin rudaí a raghadh i gan fhios glan dom féin.
Siúlaimid ar aghaidh tríd an bhfraoch loiscthe ar an móinteán. 'Béiteálach' a thugadh muintir Uíbh Ráthaigh tráth ar an talamh loiscthe san earrach chun fáis úir, 'béiteáil' an gníomh féin. Cheana féin, tá gais ghlasa lán de mhilseacht ag gobadh aníos trí na préamhacha dúdhóite. Fear é mo chompánach, mar a thuigim anois é, atá lán de thírghrá na hÉireann. Grá do thír aiceanta, agus do shaoithúlacht ghnáthmhuintir na hÉireann.
Gan fianna na mbeann amuigh, ach teas sa ghrian a thugann orainn na héadaí troma a bhaint dínn. Fonn orm féin síneadh siar sa bhfraoch agus dul ar gor le leisce. Tá na bogaigh triomaithe de bharr na dea-aimsire agus buíonta siúil ag tabhairt faoin gcnoc inár ndiaidh.
Leoithne ar mhullach Scairr, agus radharc níos faide ó dheas ná Log na Coille go dtí Cruachan Móire. "Níl aon radharc ar na cearca fraoigh inniu fós, ach féach a gcac sa bhfraoch, faoi do bhonn".
Dúisíonn ár siúl an athuair scata fideog sléibhe as tom. "An fhideog sléibhe a bhí i nDiúchoill" ag Máire Bhuí, a thug na scéalta di. Bhí tráth ann go gcuireadh an díbirt óm dhúichí sinseartha féin uaigneas orm, nó ar a laghad fonn filleadh orm.
Ach tugann an fhideog sléibhe a scéal ó dhúiche go dúiche anois léi. Is gearr a chuirimid an turas dínn go mullach Cheann Toirc, agus síos le fána go Gleann Log an Easa. Tá marú ag baint leis an ard suas ar shleasa Tóin le Gaoith. Loch Iolar taobh linn, agus adharca gabhar ag gobadh aníos sa bhféar ar bharr na faille lastuas de. Bhraithfeá na gabhair ag magadh fút go minic, á rá leo féin, "Nach mór na hamadáin iad na daoine daonna, agus a mbíonn de shaothar orthu in aghaidh an aird, a dteanga amuigh acu agus a gcroí ina mbéal".
"Is gearr go bhfillfidh an fiolar, tá súil agam a deir mo chompánach. Chonaic mé ceann thiar ag deireadh na 1950í ar Oileán Sgitheannach in Albain. Bhí mé ann le m'athair, beannacht Dé leis, agus níor bhraitheamar tada nó go bhfacamar an scáth ar an talamh thíos fúinn. Níor mhaorgacht go dtí é. An clamhán féin, an 'buzzard' atá thuas in Aontroim, facthas é i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath."
Sna Piréinigh a chonac féin go deireanach é ag eitilt leis an gclapsholas os cionn na bhfálta, agus glóraíl a sciathán ag baint gheit asam. 'Clamhaireacht', ní foláir, a chiallaíonn stracadh feola agus bia, an bunús atá le 'clamhán' cé nár chuala an focal riamh, ná nach bhfaca tagairt riamh dó ag éinne.
Ar mhullach Tóin le Gaoith, tá radharc againn ar Ghleann Dá Loch laistíos uainn, agus ar Loch na nOnchon lastall ar Bhealach Chill Mhantáin. Turlough Hill lastuas de sin arís. 'Otter lake' atá ag Duinnín ar Loch na nOnchon agus 'wicked tyrant' ar 'onchú oilc'. Fuadar na scairdeitleán féin sa spéir, ag stealladh frathacha gaile ina ndiaidh soir, ní sciobann siad aon phioc den suaimhneas a leathann ó ghleann go gleann, ó bheann go beann. Ní ligimid dóibh é ar Thóin le Gaoith.
Is fada in airde sa spéir, leis, a théann na steallairí báis, clamhairí an oilc.