Cuimhne iomrallach

Crobhingne: "Nuair a thiocfaidh siad isteach ar an trá in California, ansin ardóidh mé mo ghunna ina gcoinne!"

Crobhingne: "Nuair a thiocfaidh siad isteach ar an trá in California, ansin ardóidh mé mo ghunna ina gcoinne!"

B'shin adúirt ógánach Meiriceánach liom a bhí ar a theicheadh óna phreasáil isteach in arm na Stát Aontaithe sa chogadh barbartha a bhí acu in aghaidh Vítneam. Rith a chuid focal liom mar an tseachtain seo 30 bliain ó shin cruinn díreach réab an tArm Náisiúnta isteach i gcathair Saigon d'fhonn í a fhuascailt ó ghreim na bPoncánach agus a gcuid giollaí. Is suimiúil gur "titim Saigon" an nath lenar déanadh tuairisciú air ag an am, nuair b'fhuascailt é chomh dearfach le fuascailt Pharis ag deireadh an dara dhomhanchogaidh mhóir.

Is beag cathair a fuasclaíodh le séideadh trumpaí chomh mór léi le leithchéad bliain anuas. Is gnách nuair a mháirseálann arm thar gheataí isteach, gurb arm gabháltais iad. Dili, Groisní, Doire, Lhasa, Bagdad, ach ní gnách go ndíbrítear iad ar an gcuma chéanna. Dá réir sin, ba bhua ollmhór é bua mhuintir Vítneam tá 30 bliain ó shin ann ar Impireacht an Domhain.

Saigon a bhí ann ag an am. Cathair Ho Chi Minh atá air anois. Is mór atá eatarthu i leataoibh ón ainm. Ar an gcéad dul amach níl saighdiúirí gallda ag póilíneacht na sráideanna. Ní tada é seo, ar ndóigh, ach amháin don duine a bhfuil a rian go follas os a chomhair amach lena ngunna, lena leabhar, lena ndlí. Agus má tá aon amhras ort, fiafraigh go caoin béasach de dhuine ar bith in Lhasa cad a shíleann sé dá chuid ceannairí Síneacha.

READ MORE

Ar an dara dul síos tá dínit dhaonna acu ar shlí nach raibh riamh faoi réimeas na Meiriceánach, ná na bhFrancach rompu, ná na Seapánach rompu siúd, ná na bhFrancach rompu siúd arís. Ach is daor mar a cheannaigh siad an dínit sin. Tráchtar go minic ar an bhfiche hocht míle caogaid amhas Meiriceánach a chuaigh dá mbás ar scáth idé-eolaíochta; is annaimhe aon lua ar an trí nó ar an gceathrú milliún Vítneamach a scriosadh ón aer, ar an talamh, faoin talamh. Níorbh aon chlúidín linbh é an napailm, agus níorbh aon spiaire de chuid rialtas na Breataine é agent orange.

Ar an tríú dul síos tá a gcuid eacnamaíochta ag feabhsú as éadan, agus áirítear gur 12 faoin gcéad anois a mhaireann faoi bhráca na bochtaineachta suas is anuas le 84 faoin gcéad níos lú ná seacht mbliana ó shin. Ar a laghad 30 bliain a ghlacann sé ar thír ar bith a theacht as crúcaí an choncais.

Ach tá tábhacht thairis sin ag fuascailt Chathair Ho Chi Minh seachas an t-áthas, agus an t-aoibhneas, agus an dearbhú daonnachta, agus an chomhdheis eacnamaíochta do mhuintir Vítneam trí chéile. Is í tábhacht í nár mhaith na Meiriceánaigh riamh a mbua do na dúchasaigh; agus gur léiriú é gur lag i gcónaí iad cosa Ozymandias san fhásach.

Is é eolas na scannán eolas dhá ghlúine nach mór ar an gcogadh anois: The Deerhunter, Apocalypse Now, Good Morning Vietnam, Full Metal Jacket, Heaven and Earth, gan trácht ar na scannáin sin a dhein athscríobh ar an stair ionas go raibh an lá ag na réaltaí agus ag na stríoca ar an gcraiceann.

Níl cuimhne chomh gléineach sin ar Rún Mhurascaill Tonking a bhí chomh bréagach sin le haon rud adúirt an Blár Cogaidh lena phairlimint féin, ná a dúirt an gormach gealchraicneach Cóilín Mac an Phoill ar son a chuid tiarnaí sna Náisiúin Aontaithe. Ná buamáil gan stad Hanoi, an bhuamáil ba throime i stair an chine dhaonna, agus buamáil a thuill Duais Nobel na Síochána don bhúistéir Henry Kissinger.

Cad é an ionadh shaoil gur suarach ar fad an méid adúirt na meáin an tseachtain seo? Agus an méid adúirt ba dhóigh leat gur ag iarraidh a thabhairt le fios go raibh an lá leis an gcaipitleachas ar shráideanna Chathair Ho Chi Minh. Ach dhein siad dearmad nár choimhlint idir cumannachas agus caipitleachas a bhí i gcogadh Vítneam riamh. Ba chogadh na saoirse é: cogadh idir gabháltas agus fuascailt.

Is é a dhála céanna ag an gcogadh san Iaráic é. Ní idir Íosa agus Machmad é; ná idir Iáivé agus Allah, bíodh go bhfuil na toisí sin ann in íochtar bun. Cogadh Arabach le Gall é, cogadh a shocróidh cé leis an aghaidh laistiar den ghunna, cogadh a thabharfaidh le fios cén garda a labhróidh le húdarás ar phábháil na sráide.

"Nuair a thiocfaidh siad isteach ar an trá ar imeall Shatt-al-Arab, ansin ardóidh mé an gunna ina gcoinne!"

An amhlaidh nach bhfuil sin déanta?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar