Cuileann, mná beaga agus gnó eile

Cén chuma a bheidh ar an Nollaig i gceann 500 bliain, níl a fhios agam? Cén chuma a bheidh ar an domhan? An mbeidh cóstaí uile…

Cén chuma a bheidh ar an Nollaig i gceann 500 bliain, níl a fhios agam? Cén chuma a bheidh ar an domhan? An mbeidh cóstaí uile na hÉireann ar nós Bondi Beach na hAstráile - nó an bhfuil Oighearaois eile chugainn?

Ba dheacair an sásamh céanna a bhaint as gé nó as turcaí agus tú ag bárcadh allais ar an trá. Ach bheadh blas ar an maróg Nollag dá mba í an Oighearaois a bheadh buailte linn.

Ar chuma éigin, tá sé deacair na seaníomhánna atá againn den Nollaig a ruaigeadh, íomhánna a chruthaigh na Victeoiraigh, bail orthu: sneachta, carr sleamhnáin, spideog, cuileann, gasra groí ag canadh carúl Nollag agus mar sin de.

B'iontach an plean gnó é nuair a smaoiníonn tú air. Ba é tús ré an ghnó i gceart é. Ní raibh na Gaeil rómhaith i mbun gnó an uair úd. Easpa deiseanna agus sinn faoi shúiste Gall nó díreach nár theastaigh uainn sinn féin a mharú mar atáimid ár marú féin inniu? Féach an chuma atá orainn anois! 'Bhfuil aon teorainn linn? Níl.

READ MORE

Ach má táimid chomh seiftiúil sin inniu, conas nach bhfuilimid in ann feiniméan idirnáisiúnta a dhéanamh de Lá an Dreoilín, abair, agus an Nollaig féin a shárú? Is dócha go mbeadh sé deacair na seanbhailcisí a shamhlaímid le Lá an Dreoilín a athchruthú ina 'raiteas faisin'. Ar aon nós, is maith linn nithe áirithe a choimeád chugainn féin is gan a bheith á scaipeadh thall is abhus. An Ghaeilge mar an gcéanna, ba dhóigh leat. Dáiríre.

Is dóigh le daoine áirithe dá mbeadh an Ghaeilge i réim arís go mbeadh rath níos mó fós ar chúrsaí gnó. An bhfuil aon bhunús leis sin? Bhuel, tógaimis an cuileann. Seachas maisiúchán Nollag, an bhfuil aon mhaith in aon chor leis? Chaithfeadh an Ghaeilge a bheith agat agus seanchas na Gaeilge chun an cheist sin a fhreagairt, b'fhéidir.

Seo sliocht as an leabhar Troscán na mBánta le Seán Tóibín, sárleabhar a foilsíodh thiar sna 1960í: "Coirt ghlan liath a bhíonn ar an gCuileann agus mar a bheadh línte beaga scríbhinne anseo is ansiúd uirthi. Dhéantaí taos ceangailteach as an gcoirt, taos nó gús chun breith ar éanlaith ceoil, sular tháinig an dlí cosctha ar ghabháil éan chun cinn - dlí a chuir deireadh le gabháil na ngealbhan Bríde agus na lasairí coille agus na soiscíní agus na n-éan ceoil eile. Chun an gús a dhéanamh chuirtí an choirt Chuilinn faoin bhfód ar feadh mí go mbogadh agus go leathdhreodh sí. Scríobtaí an smús ansin di agus chuirtí roinnt ola tríd chun é a choimeád bog agus ba shin déanta an gús (nó an taos) ceangailteach. Má bhíonn lucht tionscail is tráchtála ar thóir ruda a dhéanfadh gús nó guma maith láidir dá ngnó, tá sé ansiúd i gcoirt an chrainn Cuilinn acu..."

Tá áiteanna áirithe ar fud na tíre - tránna, bialanna nó pubanna áirithe - agus chloisfeá daoine á ra ina dtaobh: "Tá súil agam nach gcuirfidh an ghramaisc eolas ar an áit seo." Is dóigh liom go gcoinníonn daoine áirithe leabhair chucu féin chomh maith. Bíonn a mhalairt de phort agamsa. Is breá liomsa leabhair a mholadh do dhaoine eile.

Anois, lámh in airde. Cé a cheannaigh leabhar Gaeilge le déanaí mar bhronntanas Nollag? Nó cé a fuair leabhar Gaeilge nó atá ag súil le leabhar Gaeilge mar bhronntanas Nollag?

Níl siad sna siopaí leabhar, a deir tú. Níl, is fíor. Níl mórán acu ann ceart go leor. Admhaím. Bhíos istigh i siopa bréagán san ionad mór siopadóireachta i nDún Droma roinnt seachtainí ó shin. Scata leabhar i measc na mbréagán, mar is ceart. Gan oiread is leabhar amháin Gaeilge ann. An gcreidfeá é?

Bhíos chun gearán láidir a dhéanamh ach bhí an scuaine rófhada. Bhailíos liom go maolchluasach. Cad atá á dheanamh ag na heagrais Ghaeilge mar gheall air? An cuma leo faoi chúrsaí leabhar is léitheoireachta?

Níor fhreagair sibh mo cheist. Cé a cheannaigh leabhar Gaeilge mar bhronntanas i mbliana? Duine... beirt...triúr? Mo náire sibh! Féach, ní haon leithscéal a thuilleadh é a rá nach bhfuil na leabhair sna siopaí ná sna leabharlanna. Is féidir roinnt leabhar Gaeilge a fháil ar Amazon anois, nó go díreach ó na foilsitheoirí i gcásanna áirithe, nó ó www.litríocht.com.

Bhí Leabhair Ghaeilge na Bliana idir chamáin agam féin agus roinnt daoine eile ar an gclár Soiscéal Phádraic ní fada ó shin. I measc na leabhar a bhí á moladh go hard againn bhí Fontenoy le Liam Mac Cóil agus Cín Lae Seangáin le Tomás Mac Síomóin. Dúradh go raibh na leabhair deacair.

Deacair? Cad tá cearr le deacracht? Cad tá cearr le dúshlán, le dua? Dúrtsa ar an gclár nach ionann stíl shaothraithe agus gnáthbhladar na ndaoine. An fotheidealú a cuireadh ar "saothraithe" ná "laborious". Anois, ní hin an bhrí a bhí agamsa le "saothraithe" in aon chor. Ach sin scéal eile.

Bainim taitneamh as na fotheidil. Bhí clár faoin mBeachánach ann inar dúradh "B'amhránaí iontach é!" Abair é sin os ard.

An fotheideal a bhí ag gabháil leis: "He was a great bodhrán player." Anois duit! Bhuel, sea, thuigfeá mar a bhainfí míbhrí as sin ceart go leor. Sampla eile a ritheann liom ná duine a thagair do bhia "kosher" agus mheas lucht na bhfotheideal gur "cóisir" an focal a dúradh.

Ba cheart bailiúchán a chur le chéile agus iad a fhoilsiú i bhfoirm leabhair. Bheadh léitheoireacht 'gan dua gan dualgas' ansin agat, an mana a bhíodh ag an iris AGUS inar foilsíodh an chéad dán uaim i nGaeilge.

An bronntanas Nollag a thabharfaidh tú nó a gheobhaidh tú i mbliana, cén fhaid a mhairfidh sé? An t-airgead a chaitear ar bhia is ar dheoch, is ar mhaisiúcháin tí is ar mhaisiúcháin phearsanta.

Cén fhaid a mhairfidh siad? Mairfidh dea-leabhar go deo. Abair go bhfaighidh tú carbhat nó bicíní nó drárs fada i gcomhair na Nollag. An mó an pléisiúr a thabharfaidh na hearraí sin duit ná pléisiúr na léitheoireachta?

Cuir lúcháir ar pháiste éigin an Nollaig seo agus ceannaigh scata leabhar dó. Aon tuairim agat cén leabhar as a bhfuil an sliocht seo a leanas a bhaineann le cailíní a fuair leabhair i gcomhair na Nollag?:

"Dhúisigh sí Meig le Nollaig Shona a chaitheamh léi agus d'iarr sí uirthi féachaint cad a bhí faoin bpiliúr aici. Leabhar a raibh clúdach uaine air a tharraig sí amach agus bhí an pictiúr céanna laistigh agus cúpla focal scríofa ag a máthair, ní a dhein a bhféirín aonair an-luachmhar leo.

"Tar éis tamaill bhig do dhúisigh Beit agus Aemí agus chuadar sa chuardach agus fuaireadar a leabhráin chomh maith - bhí ceann acu liathghlas agus an ceann eile gorm; agus shuigh gach duine acu agus bhíodar ag caint ina dtaobh, nó gur dhearg an t-oirthear le teacht an lae...

"Ansan d'oscail sí a leabhar nua agus thosaigh sí ar bheith ag léamh. Chuir Seosaimhín a lámh ina timpeall agus iad araon grua le grua; thosnaigh sise ar an léamh leis, agus bhí an chiúine gur bh'annamh inti le feiscint ina ceannaithe ba ghuagach.

"Nach í Meig an cailín maith! Sea, a Aemí, deinimís-ne mar atáid-sin a dhéanamh. Tabharfadsa cúnamh dhuit leis na crua-fhocail agus míneoidh siadsan rudaí mara dtuigimid iad," arsa Beit ina cogar agus í tógtha go mór age sna leabhartha deasa agus ag dea-iompar a deirféarach.

"Tá athas orm gur gorm atá an ceann agamsa," arsa Aemí; agus ansan bhí an seomra go hana-chiúin an fhaid agus a bhí na duilleoga á n-ionntó go cneasta agus d'éalaigh taitneamh gréine an gheimhridh isteach ar na geal-chinn agus ar na haighthe cinsealacha le beannachta na Nollag..."

Aon tuairim agaibh cén leabhar é féin? Mná Beaga, ambaist, le Louisa M. Alcott, Nioclás Tóibín a d'aistrigh; bliain sular rugadh mé a foilsíodh é, 1948. Agus nach deas é!

Foilseoidh Coiscéim leabhar nua filíochta le Gabriel Rosenstock go luath, Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad