'Conas a chinntiú go mbeidh an teanga á húsáid níos mó?'

‘DÉANTA NA fírinne, is é seo an dúshlán is mó a eascraíonn as an tuarascáil: cén chaoi inar féidir a chinntiú go mbeidh an teanga…

‘DÉANTA NA fírinne, is é seo an dúshlán is mó a eascraíonn as an tuarascáil: cén chaoi inar féidir a chinntiú go mbeidh an teanga á húsáid níos mó acu siúd a bhfuil an cumas acu?”

Sin an cheist is práinní a chuirtear sa tuairisc An Ghaeilge agus Muintir na hÉireann, cáipéis a sheol Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, i mBaile Átha Cliath inné. Na taighdeoirí An tAthair Micheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan a d'ullmhaigh an tuairisc agus is é an an tríú ceann le 34 bliain a scrúdaíonn meon phobal an Stáit i leith na Gaeilge, a gcumas inti agus a n-úsáid di. I mBéarla atá an tuairisc féin ach tá achoimre chuimsitheach Ghaeilge léi.

Tugann cinnlínte na tuarascála le fios go raibh 93 faoin gcéad de na daoine a ceistíodh (1,015 duine) ar son chaomhnú na teanga, go raibh 47 faoin gcéad de lucht an tsuirbhé “réasúnta inniúil” sa teanga ach nár úsáid ach 23 faoin gcéad acu í go rialta. Chreid 7 faoin gcéad gur cheart an teanga “a chaitheamh i dtraipisí”.

Léiríonn an suirbhé nár tháinig athrú ar thacaíocht don teanga, bíodh is go bhfuil líon mór inimirceach anois sa Stát. Daoine óga, fir, áititheoirí cathrach, daoine le hoideachas ard agus postanna gairmiúla is mó atá ar son na teanga: “Is léir go méadaíonn sé seo ar stádas na teanga agus is dea-thuar é.”

READ MORE

Bíodh sin mar atá, is ábhar práinne ag na húdair gur “gá na gnásanna comhdhaonnachta cainte a chuireann cosc le labhairt na Gaeilge a aithint agus iad a athrú nuair is féidir”.

Chuige sin, molann siad plean straitéiseach d’úsáid na Gaeilge sa phobal a ullmhú le heagrais stáit agus dheonacha agus molann siad “go láidir go múinfí ábhar amháin ar a laghad, chomh maith leis an nGaeilge féin, trí mheán na Gaeilge chun na caighdeáin chumais a mhéadú agus, ag an am céanna, chun na daltaí a chur i dtaithí ar úsáid na teanga”.

Scríobhann na húdair i mBéarla: "The standard of Irish teaching and learning in all of the State's Primary and Second-Level Schools(leis na húdair an bhéim) needs to be monitored to ensure that the language and culture are effectively transmitted to the young. It is the view of many educationalists that second language cannot be acquired where it is taught only (leis na húdair an bhéim) as a subject and where it is isolated from every other aspect of the pupil's life. The experience of great numbers of Irish children over a very long time bears this out emphatically. Change is needed, firstly in the attitude of the Department of Education and Science and then in all aspects of the teaching of Irish in English-medium schools."

Ba cheart, a chreideann na húdair, go mbeadh comharthaí, fógraí poiblí agus lipéid ar earraí sna siopaí dátheangach agus go mbeadh seirbhísí poiblí ar fáil do dhaoine i nGaeilge.

Scríobhann siad gur cheart go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail mar phríomhaidhm na n-eagras Gaeilge, gur chóir do dhaoine an Fáinne a chaitheamh agus go dtabharfadh seirbhísí raidió, teilifíse, nuachtáin agus Idirlín tacaíocht don teanga: “Ar an mbealach sin, d’fhéadfaí cur go mór le minicíocht úsáid na Gaeilge sa tsochaí. Cad chuige nach mbeadh cláracha a bhainfeadh leis an Ghaeilge nó cláracha i nGaeilge ina gcuid tráthrialta de na mórmheáin?”

AGUS É ag seoladh na tuairisce, dúirt Éamon Ó Cuív nach gcuirfeadh cuid de chonclúidí na tuarascála iontas ar dhuine ar bith a bhíonn ag plé chás na teanga ó lá go lá.

Mar sin féin, thug an taighde “fianaise fhíorasach dúinn chun tacú leis na roghanna a dhéanaimid sa bheartas teanga, chomh maith le léargais mhionsonraithe ar threochtaí áirithe laistigh de ghrúpaí éagsúla daoine”.

Dúirt sé go raibh sochaí na hÉireann athraithe go mór ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach tá 20 bliain ó shin; bhí éagsúlacht chultúir sa Stát anois agus ba náisiúnaigh iad a tháinig ar an saol taobh amuigh d’Éirinn tuairim is 13 faoin gcéad de dhaonra an Stáit:

“Ceann de na torthaí a mheasaimse go pearsanta bheith an-suntasach is ea nach bhfuil aon difríocht sa dearcadh idir sampla den daonra iomlán agus sampla díobh sin amháin a rugadh in Éirinn maidir leis an meon fíordhearfach a léirítear faoin nGaeilge.

“Tá sé feicthe agam ó mo thaithí féin, go mbíonn imircigh a gcuireann fúthu anseo in Éirinn oscailte agus dearfach faoin nGaeilge go ginearálta, agus déanann an-chuid acu iarracht chun an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe má tá leanaí ar scoil anseo acu.”

Dúirt sé go raibh sé de chumas sa Ghaeilge daoine a thabhairt le chéile, gur thug sí bunús coiteann agus mothú gaoil don phobal uilig “de réir mar a leanaimid ar aghaidh ag forbairt mar thír”.


Tá an tuarascáil ar fad le fáil ag www.pobail.ie