Comoradh scoile

Dé Máirt seo chugainn ag 7pm osclóidh Ard-Mhéara Chorcaí, an Comhairleoir Michael Ahern, taispeántas stairiúil i Leabharlann …

Dé Máirt seo chugainn ag 7pm osclóidh Ard-Mhéara Chorcaí, an Comhairleoir Michael Ahern, taispeántas stairiúil i Leabharlann Phoiblí Chorcaí mar chuimhne ar Scoil Íte, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Is scoil cháiliúil í Scoil Íte a bhunaigh Máire agus Eithne Mhic Shuibhne sa chathair sin i mí Mheán Fómhair 1916.

Beidh an taispeántas ar oscailt don phobal idir an Chéadaoin 13ú agus an Aoine 22ú Meán Fómhair. Beidh idir litreacha, cháipéisí, ghriangrafanna agus ábhar eile a bhain leis an scoil agus leis na bunaitheoirí le feiceáil.

I measc na n-ábhar beidh bosca peann luaidhe a bhí ag Aloys Fleischmann agus é ina dhalta ar an scoil. A athair, a bhí ina ollamh le ceol in Ollscoil Chorcaí, a rinne an bosca le linn dó bheith i gcampa géibhinn i rith an chéad chogaidh dhomhanda. D'fhreastail trí ghlúin de mhuintir Fleischmann, a bhfuil iomrá orthu as a ndearna siad ar son cúrsaí ceoil i gCorcaigh, ar Scoil Íte.

Ar na hiarmhúinteoirí agus iardhaltaí de chuid na scoile a bheidh i láthair, beidh Máire Mhic Shuibhne Brugha, iníon Thraolaigh Mhic Shuibhne, a fuair bás ar stailc ocrais i bPríosún Brixton i Sasana in 1920 agus é ina Ard-Mhéara ar Chorcaigh.

READ MORE

Ina dírbheathaisnéis History's Daughter a foilsíodh anuraidh, deir an t-údar gur bheartaigh a haintín, Máire Mhic Shuibhne, Scoil Íte a bhunú tar éis di a post mar mhúinteoir i Scoil Naomh Aingeal a chailliúint de thairbhe baint bheith aici agus ag a muintir le cúis na Poblachta. Chuidigh daoine sa chathair a raibh bá acu leis an chúis sin léi chun an scoil a bhunú.

Níor aithin príomhoide Scoil Íte an Saorstát agus dhiúltaigh sí airgead a ghlacadh ón Roinn Oideachais. As táillí na ndaltaí a íocadh tuarastal na múinteoirí ach bhí clú ar an scoil i gcónaí mar gheall ar ardchaighdeán an oideachais a tugadh inti.

De réir iníon Thraolaigh Mhic Shuibhne, Máire Óg, ní dhearna an príomhoide iarracht riamh a tuairimí polaitiúla féin a bhrú ar na daltaí. Thosaigh Máire Óg ag freastal ar Scoil Íte sa bhliain 1932 nuair a bhí sí 14 bliain d'aois. Tar éis di céim a bhaint amach chaith sí tréimhse ag múineadh sa scoil agus chuidigh sí lena haintín Eithne an scoil a riaradh go dtí gur dúnadh sa bhliain 1954 í.