Ceist na gcanuinti

Caoga bliain ó shin a bhunaigh Tomás de Bhaldraithe Cartlann na gCanúintí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus chun …

Caoga bliain ó shin a bhunaigh Tomás de Bhaldraithe Cartlann na gCanúintí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus chun an Iubhaile a chomóradh bhí seimineár lae agus taispeántas lámhscríbhínní in Institiúid na hÉireann don Léann Daonna san ollscoil arú inné, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is í Marion Gunn, caomhnóir na cartlainne, a d'eagraigh an ócáid agus bhí ceathrar cainteoirí den scoth ann, an Dochtúir Garret Fitzgerald, an Dochtúir Diarmuid Ó Sé, An tOllamh Jim McCloskey agus an Dochtúir Úna Uí Bheirn.

Garret Fitzgerald a chuir tús leis an seimineár agus cur síos aige ar thaighde, atá le foilsiú go luath ag Acadamh Ríoga na hÉireann, ar mheath na Gaeilge roimh an Ghorta. Labhair an t-iar-Thaoiseach faoi na modhanna oibre a bhí aige chun eolas faoi labhairt na Gaeilge a bhaint as bunachair éagsúla atá ar fáil agus faoi mar a d'oibrigh sé amach go raibh dhá thrian den phobal éirithe as labhairt na Gaeilge roimh an Ghorta.

Is dóigh leis go léiríonn na figiúirí atá aige nach mithid ceisteanna a chur faoin teoiric gurbh iad na scoileanna náisiúnta a chuir deireadh leis an Ghaeilge sa 19ú haois.

READ MORE

Labhair Diarmuid Ó Sé faoin staidéar atá déanta ar chanúintí na Gaeilge ó thús an chéid seo caite agus bhí moladh ar leith aige do Thomás de Bhaldraithe as aitheantas a fháil don chanúineolaíocht mar ábhar léinn i gColáiste na hOllscoile agus in Acadamh Ríoga na hÉireann.

In 1976 a cheap Acadamh Ríoga na hÉireann de Bhaldraithe ina eagarthóir ginearálta ar an fhoclóir stairiúil nó Foclóir na Nua-Ghaeilge mar a thugtar air. Labhair Úna Uí Bheirn, an t-aon duine atá fágtha ar fhoireann an fhoclóra sin, ar an chorpas mór téacsanna ó 1600-1882 atá le foilsiú ag an Acadamh mar dhlúthdhiosca i gcionn trí mhí.

Ba é seo an chéad uair a taispeánadh go poiblí ábhar an chorpais seo agus labhair an cainteoir faoin eolas a bheidh le fáil ann, ní hamháin ag teangeolaithe, ach ag staraithe, luibheolaithe agus meitéareolaithe chomh maith.

Mar shampla i sliocht amháin tá cur síos ar leac oighir bheith ar Loch nEathach a bhí chomh crua sin go raibh ar chumas daoine ualach a thabhairt ar thrucail ó thaobh amháin go dtí an taobh eile.