Bush-Fhoras

An Teach Bán, Washington. Buaileann an guthán agus freagraíonn George W Bush, uachtarán na Stát Aontaithe é: "Yup?"

An Teach Bán, Washington. Buaileann an guthán agus freagraíonn George W Bush, uachtarán na Stát Aontaithe é: "Yup?"

"George. Conas atá tú?"

"Yup."

"Éist. Chonaic tú gur tháinig na milliúin daoine amach ar na sráideanna le hagóidíocht a dhéanamh in éadan do phleananna cogaidh?"

READ MORE

"Yup."

"Agus tá tusa ag leanstan ar aghaidh beag beann orthu?"

"Yup."

"Is cuma leat nach bhfuil siad ar aon intinn leat?"

"Yup."

"Is cuma leat go bhfuil siad do cháineadh go géar?"

"Yup."

"Síleann tusa go bhfuil tusa ceartagus iadsan éigeart?"

"Yup."

"Níl aird ar bith agat ar na gearáin agus ar an chúlchaint nimheanta?"

"Yup."

"Aon seans gur mhaith leat jab le Foras na Gaeilge?"

"Nope."