Bord Údarás na Gaeltachta ar lorg tacaíochta ó pholaiteoirí

TÁ BORD Údarás na Gaeltachta ag iarraidh ar Airí agus Theachtaí Dála a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndáilcheantair diúltú …

TÁ BORD Údarás na Gaeltachta ag iarraidh ar Airí agus Theachtaí Dála a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndáilcheantair diúltú do mholtaí Thuarasáil Mhic Cárthaigh.

Lena chois sin, tá an bord ag agairt ar Theachtaí Dála i bpáirtithe an Rialtais droim láimhe a thabhairt le moltaí na tuarascála i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge agus na meastacháin do cháinaisnéis 2010 á n-ullmhú.

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin, go raibh “díospóireacht teann” i measc na mball boird, go raibh “tuairimí iontach soiléir” ag daoine agus go raibh siad uilig dírithe ar cheart na Gaeltachta a sheasamh: “Caithfidh muid troid ar son phobal na Gaeltachta mar ghuth aontaithe.”

Bhí siad ag brath, a dúirt sé, “ar pholaiteoirí a thuigeann ár gcás”. Bhí na baill agus na páirtithe polaitiúla ar an bhord den bharúil gur “mórbhagairt” a bhí i dTuarascáil Mhic Cárthaigh: “Ní gá gur scrios a bheadh i gceist. Ní réiteach ar bith é sin.”

READ MORE

I ndiaidh cruinniú i nDún na nGall Dé hAoine, thug an bord le fios go raibh siad díomách le agus imníoch faoi na moltaí i dtaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge. Dúirt siad gur thuig siad gur ghá gearradh siar ar chaiteachas poiblí agus atheagar a chur ar chuid den tseirbhís riaracháin phoiblí mar bhunús d’athbheochan eacnamaíochta.

Mheas an bord, ámh, go scriosfadh moltaí Mhic Cárthaigh struchtúir thacaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go gcuirfeadh siad an infheistíocht a rinne an Stát sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge ar neamhní. Chreid siad fosta go gcuirfeadh na moltaí deireadh le fostaíocht fhiúntach agus foinsí ioncaim do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, go ndéanfadh sé imeallú ar an teanga agus go gcuirfeadh siad críoch le struchtúr ar bith a bhí dírithe ar chaomhnú agus chosaint na Gaeltachta.