BEOCHEIST:"IS RÍLÉIR go bhfuil dlúthchaidreamh den chéad scoth againn le hÉirinn. Tá cairdeas dochreidte idir an dá thír agus is mian linn é sin a athdhearbhú anseo inniu."
Cuid den óráid a thug an tUachtarán Barack Obama ar Lá Fhéile Pádraig, tráth ar ghlac sé le bronntanas seamróige ón Taoiseach, Enda Kenny. Mar léiriú ar an staid dhearfach seo, beidh an t-uachtarán ag siúl inár measc ag deireadh mhí na Bealtaine.
Beidh an chuairt ar Mhuine Gall, áit chónaithe a mhuintire tráth, mar bhuaicphointe aige. Lena chois sin, de bhrí go bhfuil spéis ar leith nochtaithe ag Michelle Obama, an Chéad Bhean, in oideachas leanaí trí fheachtas náisiúnta a thionscnamh sna Stáit Aontaithe.
Thagair Obama do Frederick Douglass le linn a óráide. Is duine dá mhórlaochra é a bhfuil ionad speisialta gnóthaithe aige i stair Mheiriceá. Sclábhaí ab ea Frederick Douglass is níorbh eol dó go beacht cén aois a bhí aige. B’ionann, dar leis, an chuid is mo de na sclábhaithe agus capaill, a laghad eolais a bhí acu araon faoina n-aois. Nós uilíoch ag na máistrí a gcuid sclábhaithe a choinneáil aineolach is gan ligean dóibh léamh ná scríobh a fhoghlaim.
B’eol do Douglass an áit ar saolaíodh é agus bhí an t-eolas sin go cruinnbheacht aige – Tuckahoe, gar do Hillsborough agus timpeall dosaen míle ó Easton, i gcontae Talbot, Maryland. B’eol dó a mháthair, Harriet Bailey. Níorbh eol dó a athair, bíodh is go raibh tuairimí ag daoine ar an ábhar sin. Neach geal ab ea é. Tá glacadh coitianta leis anois gur rugadh Douglass sa bhliain 1818.
Bhí Maryland an-chleachtúil ar chultúr na sclábhaíochta sa 19ú haois agus, níor scrupall leis na máistrí an uile ghníomh is drochchleas mídhaonna a imirt ar na sclábhaithe, go fiú an bás.
Cén fáth a bhfuil ardmharc an laochais ar Frederick Douglass i súile Obama? Go hachomair, sna 20í do Douglass, d'éirigh leis éalú agus dul ar a theitheadh as umar na haimléise. Fuair sé an lámh in uachtar ar léamh agus scríobh agus cuireadh a dhírbheathaisnéis i gcló i mbliain tosaigh an Ghorta Mhóir, Narrative of the Life of Fredercik Douglass, an American Slave, Written by Himself (1845).
Sular fhág sé na Stáit Aontaithe le cuairt a thabhairt ar Shasana agus Éirinn i 1845/6 bhí sé ag tabhairt óráidí poiblí ar thíorántacht na sclábhaíochta, agus bhí meas mór á thuilleamh aige mar dhaonusclóir i measc na ndaoine a raibh gráin acu ar an sclábhaíocht. Ach sclábhaí ab ea é i gcónaí agus ní raibh sé saor ar fad ó chrúcaí a mháistir fós.
Thuig Douglass go maith an tábhacht agus an fórsa morálta a d’fhéadfadh a bheith ag Eorpaigh, idir thuairimí agus thionchar, ar chleachtas na sclábhaíochta. Iar dteacht go hÉirinn dó sa bhliain 1845 dhírigh sé isteach ar óráidí poiblí a thabhairt ar a thaithí mar sclábhaí agus ar dhonas agus bhrúidiúlacht an chleachtais. Pé áit ar labhair sé, i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Béal Feirste, bhí na sluaithe i láthair agus bhí tuairiscí le léamh sna nuachtáin.
Chuir sé aithne ar Dhónall Ó Conaill agus bhí ardmheas acu ar a chéile. Ba léir gur thuig Douglass go raibh muintir na hÉireann gan saoirse pholaitiúil, go raibh cuid mhaith den phobal beo bocht, ar nós sclábhaithe, agus léirigh sé comhbhá agus comhghuaillíocht leo.
Le breis agus bliain sular fógraíodh an chuairt uachtaránachta seo bhí Don Mullan, údar agus daonchara, i mbun pleanála do chuairt dá leithéid agus béim ar Frederick Douglass aige. Muimhneach ab ea Ó Conaill agus thug Frederick Douglass cuairt ar Chorcaigh. Ar an mbonn sin roghnaigh Mullan Corcaigh mar ionad iomchuí chun saol agus saothar Douglass a cheiliúradh le dealbh agus léacht bhliantúil dá onórú.
Tá iar-ardmhéara Chorcaí, Daire Murphy, TD, Dr. Michael Murphy, uachtarán UCC agus roinnt polaiteoirí sna Stáit Aontaithe ag tacú leis an gceiliúradh seo. Níl aon amhras ach go mbeadh muintir Chorcaí agus pobal na Mumhan, agus dá ndéarfainn é, muintir uile na hÉireann ag déanamh lúcháire Obama a fheiceáil cois Laoi.
Tabharfar onóir do Frederick Douglass i gCorcaigh, uair a nochtfar an dealbh, agus déanfar athnuachan ar an laoch idirnáisiúnta seo, ar a shaol agus a shaothar.
Mar seo cuirfear aithne air den chéad uair, b’fhéidir, agus tuigfear a oidhreacht shaibhrithe. Le béim ar leith ar an gcine gorm agus an troid chun na slabhraí ceangail a bhriseadh i dtreo na saoirse, neartófar ár dtuiscintí ar phobail na Stát Aontaithe agus ar a gcumar cultúrtha.
Níor bheag san sna haimsirí seo.