20 bliain ag feo

Níl ach "20 bliain ar a mhéid fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail cheal athruithe suntasacha" de réir tuarascáil ollscoile…

Níl ach "20 bliain ar a mhéid fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail cheal athruithe suntasacha" de réir tuarascáil ollscoile, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a choimisiúnaigh an Rialtas.

Níl an tuarascáil le foilsiú go hoifigiúil go dtí an Fómhar ach foilsíodh sleachta di ar Foinse le cúpla seachtain anuas. De réir eagarthóir an nuachtáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí, tugann an tuairisc "breithiúnas duairc" ar scéal na Gaeltachta; beidh "an Ghaeltacht marbh laistigh de 20 bliain mura gcasann an taoide atá i gcoinne na Gaeilge ... Deir an staidéar nach bhfuil ach saolré 15-20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta is láidre mura dtagann athrú suntasach ar nósmhaireacht agus iompar teanga...

"Maíonn an staidéar go bhfuil an dinimic shóisialta sa Ghaeltacht ag athrú i gcoinne na teanga, go bhfuil daoine ag bogadh isteach sa Ghaeltacht nach Gaeilgeoirí 'gníomhacha' iad agus go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha ag an athrú seo don "timpeallacht shochtheangeolaíoch".

De réir an taighde, ní labhrann ach 24 faoin gcéad de Ghaeilgeoirí óga na Gaeltachta an Ghaeilge lena gcairde cé go bhfuil 94 faoin gcéad den mhuintir óga "i bhfábhar na Gaeilge".

READ MORE

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, i bpreasráiteas nach raibh rás na teanga rite fós: "Is féidir le pobal theanga mhionlaigh teacht slán agus dul i neart, ach ní foláir forlámhas bheith ag an teanga sin sa phobal maidir le cúrsaí oideachais, riaracháin phoiblí, gnó, póilíneachta agus na gcúirteanna, na n-eaglaisí, agus na gcumann deonach, spóirt, agus sóisialta."