Na cultacha

CROBHINGNE: I dTOSACH bhí an amaidí, agus bhí an amaidí i bhfochair na Dála, agus amaidí ba ea an Dáil

CROBHINGNE:I dTOSACH bhí an amaidí, agus bhí an amaidí i bhfochair na Dála, agus amaidí ba ea an Dáil. Ansin tháinig léas beag solais. Is ann a bhí ciall, agus b'é solas na ndaoine an chiall. Ansin, múchadh an solas arís agus ligeadh don amaidí a bheith fós ina suí.

Ba bheag rud in annála fada na botúnachta, na breallsúnachta agus na breallánachta a bhí inchomparáide leis an moladh a déanadh le déanaí go mbeadh air ár dteachtaí mála “culaith táilliúraithe” agus “léine le bóna” a chaitheamh mar chuid de “éadaí gairmiúla gnó” sa Dáil.

Bhí an chuma air ar feadh tamaill go raibh na pleananna seo curtha ar an tseilf chúil fara pleananna eile a bhaineann le tarrtháil na tíre, slánú an iarthair, an córas sláinte agus gach rud eile.

Ach dealraíonn nach n-aontaíonn an Ceann Comhairle leis seo agus an rud a bhfuil glactha ag an gCoiste Nós Imeachta agus Pribhléidí leis tá greanta i gcloch, agus tá na tairní buailte isteach, agus tá cláraithe ar neamh agus ní féidir leis na déithe féin é a bhogadh. Níl anseo ach tús tosaigh agus tá an bóthar réidh le haghaidh féile mhór eile bómántachta, bastúnachta agus bumbailéireachta.

READ MORE

An amhlaidh nach bhfuil faic foghlamtha? Tá seo bunaithe ar an tuiscint gur den duine an t-éadach, gur den bhróg an snas, gur den leabhar an clúdach. In ainneoin na mbilliún a chaitear ar oideachas tá daoine fós ann nach ngabhfadh an tuairim is simplí isteach ina gcloigne faoi bhun druilire leictreach a fháil lena bpolladh, agus b’fhéidir go rachadh de sin chomh maith.

Níl aon bhaint ag dínit an duine leis na héadaí a chaitheann sé nó sí. An bhfuil an méid sin soiléir? Nó an gcaithfear casúr a thabhairt amach?

Is cuma cé chomh minic is a bhuaitear an cath seo, tagann na hamadáin agus na hamaláin ar ais le leagan eile de. Tugaim faoi deara nach bhfuil aon lua ar charabhat an t-am seo. B’éigean do Tony Gregory an ceann sin a throid nuair a d’áitigh sé nár chaith na daoine a vótáil ar a shon carabhait ar bith, agus dhiúltaigh scun scan glacadh leis. B’éigean do Phól Ó Foighil a ainm a athrú san aighneas aige cead a fháil culaith báinín a chaitheamh sa Seanad.

Fadó roimhe sin ní raibh cead ag daltaí scoile gruaig fhada a chaitheamh. Mo mhairg, bhí cead ag cailíní gruaig fhada a chaitheamh, ach ní raibh ag buachaillí. Nuair a léiríodh go loighiciúil do na sagairt is do na bráithre gur gruaig fhada is ea a bhí á caitheamh ag Íosa é féin, ar chúis éigin ní raibh siad róshásta leis an sampla áirithe sin d’aithris ar Chríost. Is cuimhin liom sagairt ag éamh ón altóir ar chailíní óga go raibh a sciortaí róghairid, le mná go raibh a mbrollach scaoilte, le máithreacha nach raibh hataí ar a gceann. Cad é an tochas seo san duine maidir le héadaí daoine eile?

Tá, gan amhras, gur clingireacht na hintinne folaimhe í. Prás snasta an chiombail bhailbh. Seordán na beiche gan chealg. Maise mullaigh an chinn chipín. Tá ar aon dul leis an saghas baothghalántachta nó snobaireachta sin a mheasann daoine de réir a seoladh poist. Níl baile in Éirinn nach bhfuil ceantar níos móiréisí ná a chéile ann.

I gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath samhlaítear seoladh ar an taobh ó dheas den chathair “níos fearr” ná a leithéid chéanna ó thuaidh! Cad as a dtagann an saobhadh céille seo? Cén fhríd bheag cabáisteachta a tholgann daoine a d’fhéadfadh a bheith ciallmhar go leor ar roinnt ábhar eile anois is arís?

Caitear culaith táilliúraithe sa Dáil agus beidh meas ag daoine orainn! Caitear léine le bóna agus tuirlingeoidh dínit ar an áit! Nach bhfuil a fhios gurb iad na cultacha a scrios an tír?

Is iad na cultacha a bhíodh i bpuball na Gaillimhe. Is iad na cultacha atá sna hárais ghloine ag goid do chuid airgid. Is iad na cultacha ina gcuid clubanna galf a dhein sinn a dhíol. Is iad na cultacha atá ag geallghlacadóireacht do chuid airgid ar an stocmhargadh agus seo á léamh agat.

Is iad na cultacha atá ag scéiméireacht ball díreach anois ar shlite lena gcuid lámha a chur níos doimhne id phóca. Is iad na cultacha na coirpigh is mó ar chlár na cruinne nach bhfeicfidh doircheacht chillín phríosúin choíche. Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é.

Scríobh Thomas Carlyle leabhar tráth Sartor Resartus arb aoir a bhí ann ar dhaoine a cheap gurb é an t-éadach an duine. Bhí carachtar aige ann Diogones Teufelsdrockh, Ollamh Gearmánach le Rudaí go Ginearálta.

Níorbh aoir ró-chaolchúiseach a bhí ann, dá bhrí sin, tá seans go dtuigfeadh an Coiste Dála é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar