Muintir na Gaeilge ag aisteoireacht leo

An-mhinic is ag aisteoireacht a bhímid, muintir na Gaeilge, is é sin an chuid againn a d'fhoghlaim an Ghaeilge mar dhara teanga…

An-mhinic is ag aisteoireacht a bhímid, muintir na Gaeilge, is é sin an chuid againn a d'fhoghlaim an Ghaeilge mar dhara teanga. Níl locht air sin, is dócha.

An bhfuil? Aisteoireacht is ea an saol - tar éis an tsaoil! Is stáitse é an domhan ar fad, a dúirt Shakespeare, is níl sna fir is na mná go léir ach aisteoirí. Sin uile.

Is le Béarla a tógadh Muiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás. Nuair a d'aistrigh sé ón Daingean go dtí an Blascaod, b'éigean dó ról nua a ghlacadh, línte nua a fhoghlaim, más maith leat, i.e. bheith ina aisteoir. I gceann na haimsire níor ról a thuilleadh é. Ba de dhlúth is d'inneach fhoireann an dráma é.

Tá aithne agamsa ar dhaoine a chuaigh le Gaeilge agus ansin a d'iompaigh ina haghaidh. Ní hé gur iompaigh siad glan ina haghaidh. Ní rabhadar sách maith mar aisteoirí. Níor chreideadar sách láidir sa pháirt. Ní rabhadar sochreidte sa ról. Ní raibh a gcuid línte ar eolas i gceart acu. É sin nó ní raibh lucht féachana/lucht éisteachta sách mór acu. D'éiríodar as.

READ MORE

Ní monalóg atá i ndráma seo an tsaoil. Bíonn gá le carachtair éagsúla agus iad i gcaidreamh lena chéile. Bíonn gá le heachtraí, le scéal nó plota. Bíonn gá le dráma. Ní fiú tráithnín é an leabhar is fearr a scríobhadh riamh mura bhfuil léitheoirí aige agus níl dráma agat gan lucht féachana.

Más aisteoirí sinn go léir, mar sin, cé hé an stiúrthóir? Uaireanta agus mé i mbun cabaireachta le duine éigin, féachaim go géar ar an duine sin agus mé ag iarraidh a dhéanamh amach an aithneoinn an duine seachas an t-aisteoir ann.

Uaireanta, féachann an duine sin i leataobh, a fhios aige go maith gurb é an t-aisteoir ann a chím agus go bhfuil an duine féin as láthair. Fuinneoga an anama iad na súile, mar a dúirt an té a dúirt.

Fillimis ar mhuintir na Gaeilge - aisteoirí den scoth iad, cuid acu. Ag hamáil a bhíonn cuid eile.

Bíonn an chaint fórsáilte acu, an tsrónaíl iomarcach, an séimhiú beagáinín garbh, an consan caol róchaol, nó leathan fiú, an consan glórach neamhghlórach, agus deirim liom féin: "An mbeadh aon rud in aon chor le rá ag an duine seo dá stopfadh sé ag aisteoireacht?"

Ar ndóigh, nuair a bhíos féin ag iarraidh snas a chur ar mo chuid Gaeilge, ba nós liom nathanna a chleachtadh, ar nós "Ambaist, a Mhary, tá an ceart agat is gach aon bhlúire den gceart!" ar mhaithe le foghraíocht agus rithim na cainte - neamhaird ghlan agam ar bhrí is ar chomhthéacs.

Feictear dom go mbíonn filí áirithe ag aisteoireacht an t-am ar fad. Bheifeá ag súil le lomchlár na fírine uathu ach is minic ag aisteoireacht iad an t-aos dána. Ar ndóigh, is cuma, ar shlí. Fad is atá an aisteoireacht go maith, is dócha.

Más ag aisteoireacht an t-am ar fad a bhíonn daoine, cad is cúis leis? Béasa, b'fhéidir. Dea-bhéasa nó díreach chun duine eile a shásamh, pléisiúr a thabhairt do dhuine eile nó duit féin. Níl aon locht air sin, an bhfuil? Ach tá, b'fhéidir, más bréagadóireacht atá ar siúl againn.

Doras a oscailt do bhean nó suíochán a thabhairt di ar an Dart. Dea-bhéasa nó aisteoireacht? Saghas aisteoireachta is ea é, deinim amach. Is laoch thú i súile chách, dar leat, tar éis duit do shuíochán a thabhairt do bhean nó do sheanduine. Tú leath ag súil le bualadh bos ón lucht féachana sa Dart nó fógra poiblí ón tiománaí, "Would the passenger who just gave his seat to the pregnant lady please take a bow" - agus ná bac leagan Gaeilge den scéal mar ná tuigfí é.

Fillimis ar dhráma leanúnach an tSúilleabhánaigh ar an mBlascaod. Tugann sé cuntas lom macánta dúinn ar na línte is ar na gluaiseachtaí a bhí le foghlaim aige agus a dhaideo mar stiúrthóir aige, d'fhéadfá a rá. É ag foghlaim faoin mbeatha is faoin mbás an t-am ar fad.

Cuireadh ardiontas ar an leaidín beag nuair a chonaic sé ceathrar a raibh cónra á hiompar acu. "Canathaobh, a dhaideo," ar seisean, "canathaobh nár chuadar suas tríd an mbóithrín seo?" Agus deir a sheanathair: "Ná fuil a fhios agat nach ceart an cóngar a thógaint go tigh an choirp leis an gcónra ná go dtí an uaigh leis an gcorpán?"

Bhí Muirisín óg ag foghlaim. Aisteoir den scoth ab ea e, ní foláir, tréith a d'fhan sa chlann.

An mbeadh tusa nó mise chomh gasta sin ag foghlaim? An cóngar chun na huaighe...cén bunús a bhí leis sin an chéad lá? An bhfuil tuairim ag éinne? An cuma le héinne againn? Ba sa bhliain 1913 a múineadh an ceacht áirithe sin do Mhuiris. Is mór idir inné agus inniu.

Sea, san abairt sin thuas, tarraingím sean-nath calctha chugam féin. Má úsáideann tú nath éigin sách minic bíonn seilbh agat air. An bhféadfainn scaoileadh leis mar nath agus leis na mílte nathanna eile?

An ceart iad a dhearúd, a chaitheamh i dtraipisí? Bhfuil dífhoghlaim le déanamh? Nach bhféadfainn a rá liom féin, ná bac an tsúil siar, ná bac na sean-nathanna, na seanfhocail, ná bac le traidisiún, éirigh as an aisteoireacht.

Anois, éist leis seo. Ní raibh focal Gaeilge ina phluic ag Muiris Ó Súilleabháin nuair a bhain sé an Blascaod Mór amach agus féach gur éirigh leis clasaiceach a scríobh sa teanga sin. Cén fáth nach é Fiche Bliain ag Fás seachas Peig a tugadh d'aos óg na tíre seo?

An raibh a fhios agat gur thug Dylan Thomas cuairt ar an mBlascaod? Thug. Agus scríobh sé script scannáin de Twenty Years A-Growing. Agus foilsíodh é. Níor scríobh sé ach a leath de, áfach.

Trí scór bliain ina dhiaidh sin, táim féin tar éis bailchríoch a chur ar an script sin. Scannánófar leagan Gaeilge agus leagan Béarla den saothar - le cúnamh Dé agus na Maighdine Muire, mar a deireadh an seandream.

Ceist eile, ar ndóigh, an mbeidh fáilte roimh a leithéid nó an mbeidh an tacaíocht chuí le fáil. Nach fearr le daoine scannáin a bhaineann le héigniú, le drugaí, le comhcheilg agus mar sin de?

Nárbh fhearr i bhfad scannán a bhaineann leis na binsí fiosruithe nó leis na Trioblóidí ó thuaidh? Arbh fhearr? N'fheadar. Ní líonmhar iad

Clasaicigh na Gaeilge. Clasaicigh an Bhéarla (agus leath-chlasaicigh) scannánaíodh a lán lán acu, Shakespeare, Hardy, Dickens, Jane Austen, Emily Bronte, Conan Doyle, DH Lawrence agus mar sin de.

Déantar scannáin de litríocht Bhéarla na tíre seo, Joyce, J B Keane, Synge, O'Flaherty, Patrick McCabe etc. Cuirimis scannán á dhéanamh...ón Táin go Titley...mar thús! Agus bíodh an aisteoireacht go maith iontu!

Is é Rogha Dánta/Selected Poems (Cló Iar-Chonnachta) an leabhar is déanaí ó Gabriel Rosenstock