Jeanne d'Arc beo ar fud na cruinne

BEOCHEIST : TÁ ILIOMAD dealbhacha agus íomhánna den naomh Caitliceach Francach Sainte Jeanne d’Arc (1412-1431) i séipéil Chaitliceacha…

BEOCHEIST: TÁ ILIOMAD dealbhacha agus íomhánna den naomh Caitliceach Francach Sainte Jeanne d'Arc (1412-1431) i séipéil Chaitliceacha na Fraince. Ní ionadh sin.

Ach tá dealbhacha Jeanne d’Arc i mórán áiteanna poiblí sa Fhrainc le beannacht an stáit ainneoin an Fhrainc bheith ina stát lántuata gan páirt phoiblí ann ag creideamh ar bith. Cuid den mhíniú atá air sin is ea dealbhacha bheith ann le tamall maith sular canónaíodh Jeanne d’Arc.

Ag tús an 15ú haois ní rabhthas ach leath bealaigh tríd an chogadh ar a dtugtar an Cogadh Céad Bliain. Bhí talamh na Fraince roinnte. Bhí rí Shasana ag éileamh Ríocht na Fraince dó féin toisc gaol fola bheith aige le rítheaghlach na Fraince.

Le láimh láidir agus le cabhair ó chomhghuaillithe Francacha bhí seilbh aige ar thuaisceart na Fraince, agus ar cheantar Bordeaux san iardheisceart.

READ MORE

Is ansin a tháinig Jeanne d’Arc chun tosaigh. Iníon feirmeora ab ea í, a rugadh i Domrémy i Lorraine san oirthuaisceart, agus mhaígh sí gur labhair an tArdaingeal Micheál agus na naoimh Catherine agus Marguerite léi, agus gur ghríosaigh siad í chun na Sasanaigh a ruaigeadh as an tír.

Chuaigh Jeanne i gcion go mór ar dhaoine agus go háirithe ar an Dauphin Charles, mac rí na Fraince. Gan aici ach 17 bliain d’aois cuireadh iontaobh ina comhairle agus buaileadh buillí troma ar fhórsaí Shasana.

Ba é ardú an léigir ar chathair Orléans 7-8 Bealtaine 1429 an chéad bhuille díobh. De bharr na heachtra sin tugadh an teideal ómósach La Pucelle d’Orléans, Maighdean Orléans, uirthi.

Ar feadh na bliana sin bhí an lámh in uachtar ag na Francaigh ach an bhliain dár gcionn rug comhghuaillithe na Sasanach ar Jeanne. Chuir eaglaisigh a bhí ar thaobh na Sasanach ina leith gurbh eiriceach ón Chríostaíocht í.

Daoradh í agus tugadh don údarás saolta Sasanach í le cur chun báis. Loisceadh ina beatha í i mbaile Rouen ar 30 Bealtaine 1431.

D’éiligh Easpag Chathair Winchester Shasana nach bhfágfaí oiread na fríde de chorp Jeanne ann ar eagla go bhféadfaí cultas a bhunú ar a taisí.

Fiche bliain ina dhiaidh sin bhí briste ar chumhacht Shasana sa Fhrainc agus d’ordaigh an Pápa athscrúdú a dhéanamh ar chás Jeanne. De bharr an athscrúdaithe caitheadh amach breithiúnas 1431. Fuarthas Jeanne neamhchiontach go hiomlán agus i 1456 fógraíodh go hoifigiúil ina mairtíreach í.

In imeacht na mblianta mhéadaigh an meas ar Jeanne. Ansin, tar éis chath Waterloo 1814 inar bhris an Ríocht Aontaithe, an Rúis, an Phrúis agus an Ostair le chéile ar an Fhrainc, tosaíodh ar Jeanne a mhóradh.

Agus tar éis Chogadh 1870-71 inar sháraigh an Phrúis an Fhrainc tosaíodh ar Jeanne a chomóradh mar phearsanú ar an tírghrá – bean óg chalma spioradálta a ndearnadh éagóir uirthi. Spreag scéal Jeanne d’Arc ealaíontóirí chun scuaibe agus chun siséil, chun pinn agus chun ceamara, sa Fhrainc agus lasmuigh den Fhrainc.

Go déanach sa 19ú haois bhí ag neartú ar an ghluaiseacht ar son scaradh iomlán idir stát na Fraince agus na ceithre chreideamh oifigiúla, is iad sin, an Caitliceachas, an Liútarachas, an Cailvíneachas agus an tIúdachas. Is ansin a thosaigh feachtas ar son Jeanne a chanónú go hoifigiúil. Tá an chuma air go raibh an Eaglais Chaitliceach ag iarraidh caradas na Fraince a chothú. Ach cuireadh an tuatú i bhfeidhm de réir dlí in 1905.

Beannaíodh Jeanne 1909 agus i mí Bealtaine 1920 d’fhógair an Pápa ina naomh í. An mhí chéanna sin beannaíodh Oilibhéir Pluincéad. Ghin sin suim mhór in Éirinn, agus roinnt doichill i Sasana, toisc na cosúlachta idir an íde a imríodh ar Oilibhéir, Ardeaspag Ard Mhacha, a crochadh agus a gearradh ina cheathrúnta i Londain i 1681 agus an íde a imríodh ar Jeanne i Rouen i 1431. Canónaíodh Oilibhéir ina naomh i 1975.

Tá na mílte dealbh Jeanne d’Arc sa Fhrainc, gan trácht ar phictiúir agus ar fhuinneoga daite. Freisin tá a leithéidí lasmuigh den Fhrainc. Tá roinnt i Sasana mar shampla, agus go háirithe tá dealbh in Ardeaglais Winchester a nochtadh i 1923 ar 30 Bealtaine, lá féile an naoimh, cothrom an lá a cuireadh chun báis í. Agus tá a leithéidí ar mhór-ranna Mheiriceá Thuaidh agus Theas, agus i Guadaloupe, agus san India agus san Astráil. Agus san Ailgéir. Agus i Vítneam.

Tíortha iad sin nár luaigh an tArdaingeal Micheál le Jeanne d’Arc i Domrémy i Lorraine na Fraince i dtosach an 15ú haois.