BEOCHEIST: TÁ LEABHAIR á scríobh faoin ghéarchéim airgeadais agus fúthu siúd atá freagrach as, i súile an phobail, is é sin, lucht na mbanc.
Le déanaí dheineas féin píosa beag taighde faoi dhaoine a bhí ag feidhmiú ar bhoird na mbanc éagsúil agus na n-institiúidí infheistíochta, gréasán daoine a bhfuil dlúthcheangal gnó eatarthu.
Chuireas roinnt eile a bhfuil cáil orthu i gcúrsaí airgid leis an liosta agus ansin chuas faoi dhéin leabharlann na cathrach, áit ar thug bean chabhraitheach treoir dom. “D’fhéadfá,” ar sise, “triail a bhaint as Who’s Who nó fiú Who Was!”
Leabhair thoirtiúla gan aon agó, brú ama orm agus mar sin d’iompair mé leabhar an lae inniu go dtí bord mar a bhíos teanntaithe isteach idir mic léinn agus lucht léite nuachtán.
Os cionn dhá scór ainm a bhí ar mo liosta, triúr ban ina measc. Tugadh go leor eolais fúthu i Who’s Who ach níor inis gach duine ainm na meánscoile ar a dheineadar freastal.
Meánscoileanna measúla Caitliceacha, scoileanna a ghearrann táillí ar dhaltaí a bhí i gceist ag na daoine a luaigh iad.
Níor luadh gairmscoil, scoil phobail ná scoil chuimsitheach. Luadh scoileanna (nó coláistí mar a thugann siad orthu féin) i gCo Chill Dara (dhá choláiste), baile mór Shligigh, Baile Átha Cliath 4 (dhá choláiste), Béal Átha na Slua, Bealach an Doirín, Aontroim, Corcaigh.
Ní dóigh liom go gcuirfidh an t-eolas a bhailíos ó Who’s Who ionadh ar éinne. Ach rud a chuir ionadh orm féin ná liosta fada na gclubanna príobháideacha eisiacha a bhfuil na daoine atá luaite agam ina mbaill orthu. Gréasán cumhachtach.
Táim ag ceapadh le tamall anuas go bhfuil saghas drogaill nó náire ar na húdaráis Chaitliceacha bheith ag maíomh as na scoileanna atá faoina stiúir.
Ní bhíodh sé mar sin. Uair amháin bhíodh tábhacht agus tionchar na scoileanna á móradh ag cléir ach chuir mí-úsáid pháistí ag cuid de na sagairt deireadh leis sin.
Mar an gcéanna inniu ní chloisim éinne á rá faoi bhoic mhóra na mbanc go raibh an duine seo nó an duine siúd “ina dhalta sa scoil seo againne”.
Anuraidh bhíos ag caint le sagart a bhain le hord rialta nach raibh meánscoil ar bith faoina stiúir acu.
Labhair sé liom faoin bhfaoiseamh is faoin tsaoirse a bhí acu: “Bheadh scoil mar chloch mhuilinn timpeall ár muinéil.”
Le déanaí fuaireas litir ó sheanchara, litir a chuir ag smaoineamh mé. Is fiú, dar liom, sliocht as an litir a thabhairt anseo:
“Ní féidir liomsa breithiúnas cáinteach a thabhairt ar scoil ná ar dhuine. Ní fhéadfainnse a leithéid a dhéanamh toisc go rabhas féin ag obair ar feadh breis is 30 bliain i meánscoil a bhí rachmasach is galánta – le compánaigh a bhí cneasta is ionraic, tá sé tábhachtach é sin a rá amach.
“Uaireanta ní rabhas sásta le saol na scoile sin ar chor ar bith, uaireanta eile bhíos sona go maith go háirithe nuair a bhínn gafa leis na daltaí in obair na córa is na carthanachta. Bhaineas, múinteoir, an-leas is fíorshonas as an teagmháil phearsanta a bhí againn le daoine bochta agus le páistí míchumasacha.
“Bíodh sin mar atá, smaoiním go minic ar rud amháin a bhí mar fhabht ar an scoil sin, dar liom. Fear a bhfuil an-mheas agam air ná Jack O’Connor, uachtarán SIPTU.
“Chualas é faoi agallamh raidió ag Carrie Crowley ar RTÉ 1 tamall de bhlianta ó shin. Bhíos corraithe ag a chuid cainte agus é ag cur síos ar an saol a bhí aige agus é ina ógánach.
“Toisc ganntanas airgid sa bhaile ní raibh de rogha aige ach an scoil a fhágaint, rud nár theastaigh uaidh a dhéanamh.
“Ní cuimhin liom cás na n-ógánach mar Jack O’Connor á phlé sa scoil seo againne riamh. Bhí cónaí air cúig nó sé de mhílte ón scoil.
“An raibh a fhios againn go raibh daoine mar é ina gcomharsana againn?
“Ní cuimhin liom plé á dhéanamh riamh againn ar conas a d’fhéadfaimis ceangal is teagmháil a shnaidhmeadh leis an gceantar máguaird?
“D’fhanamar inár spáslong, scartha amach ón saol mór inár gcocún cluthar. Bhíomar is eagal liom chomh scartha amach ó shaol an duine bhig is atá lucht banc is clubanna galánta na linne seo.”
D’admhaigh mo chara go gcuireann sé sin náire is aiféala air go dtí an lá atá inniu ann.