Tuarascáil/Pól Ó Muirí Eagarthóir Gaeilge: Mar is léir, rinneadh athdhearadh ar an cholún seo tá trí seachtaine ó shin. Tháinig roinnt litreacha, cártaí poist agus ríomhphoist ó léitheoirí ag cur a gcuid tuairimí in iúl.
Tá mé buíoch de na daoine a chuir an trioblóid orthu féin a leithéid a dhéanamh.
Thaitin an leagan amach nua le léitheoirí agus níor thaitin sé le daoine eile. Bhí daoine sásta go mbeadh míreanna beaga i gcló ag tabhairt réamhphoiblíochta d'imeachtaí agus daoine nach raibh.
Bhí daoine sásta go raibh go leor nuachta sa cholún agus daoine eile nach raibh. Bhí daoine sásta leis an fhoclóir bheith ar shiúl agus daoine eile nach raibh. Bhí daoine sásta le píosaí ar nós Tayto Deliriums agus an dúshlán a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge agus daoine eile nach raibh.
I mbeagán focal, bhí an dá thuairim ar fáil ar gach rud a bhain leis an cholún. Agus an t-athdhearadh ar siúl, iarradh orm páirt a ghlacadh in Éigse Cholm Cille. An iriseoireacht Ghaeilge a bhí faoi chaibidil acu i mbliana.
Is i nDoire thar an deireadh seachtaine a bhí an éigse. Bhí eagarthóir Lá, Ciarán Ó Pronntaigh, eagarthóir Gaeilge an Irish News, Robert McMillan agus mé féin ar aon phainéal amháin agus thug comhfhreagraí Foinse sa Tuaisceart, Póilín Ní Chiaráin, an-léargas ar a saol mar iriseoir - ó laethanta luatha Féach, bheith ag obair i rannóg nuachta RTÉ agus anois bheith ag plé le hiriseoireacht nuachtáin den chéad uair.
Ba léir rud amháin ón díospóireacht ar fad - is mó léitheoirí a bhíonn ag colúin Ghaeilge ar nuachtáin Bhéarla ná mar a bhíonn ag nuachtáin Ghaeilge agus is mó i bhfad arís an méid daoine a amharcann ar chlár teilifíse Gaeilge ná mar a léann colúin Ghaeilge ar nuachtáin (Bhéarla féin!)
Agus sin croí na ceiste: cén ról atá ag colúin Ghaeilge, na corrailt Bhéarla faoin teanga agus foilseacháin Ghaeilge féin? Cén ról atá ag an fhocal scríofa i bhur saol?
Ag scríobh dó ar An Léitheoir an mhí seo, tugann an tOllamh Declan Kiberd le fios: "Spreag saothar de hÍde mianta na hóige arís, agus an dúil a bhí ag daoine i litríocht náisiúnta...chomh mór sin gur léirigh Mary Colum iontas nár chuir údaráis na cóilíneachta cosc iomlán air.
"Scéal difriúil is ea scéal na foilsitheoireachta sa lá atá inniu ann, agus na mílte leabhar á bhfoilsiú in Éirinn in aghaidh na bliana: ach i slite eile tá an cruachás intleachtúil céanna i gceist i gcónaí."
Ag scríobh go sonraíoch faoi chúrsaí litríochta atá sé ach fóireann a chur síos do chúrsaí iriseoireachta chomh maith. Creideann Kiberd nár chaill an Ghaeilge "a cumas frithchultúrtha riamh". Is fíor dó. Gríosann sé TG4 le clár leabhar a chraoladh, ní a chuirfeadh bonn níos fearr faoin chumas sin. Mar sin, seo moladh an cholúin seo do Sheachtain na Gaeilge. Bain sult as na himeachtaí; labhair an cúpla focal agus breis agus, ina dhiaidh sin, ceannaigh leabhar uair amháin sa mhí agus nuachtán uair amháin sa tseachtain. (Scríobhaim do Foinse fosta!)
Agus mura dtaitníonn "an cumas frithchultúrtha" leat, scríobh litir chuig an eagarthóir. Tugaimis, iriseoirí, "aischothú" air sin. Cad é a ba mhaith libh? Fúibh atá sé insint dúinn.
Tá sraith imeachtaí liteartha do pháistí agus do dhaoine fásta eagraithe ag Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann agus Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Gaillimh agus Ros Comáin ón lá amárach go dtí Lá Fhéile Pádraig.
Eolas: 01-6398400 nó www.gaeilge.ie