Fadó, fadó, bhí fear sneachta ann. George an t-ainm a bhí air. Bhí sé an-bhrónach mar bhí sé ag iarraidh a bheith ina ghasúr seachas a bheith ina fhear sneachta. Bhí sé ag iarraidh a bheith ag súgradh le cairde. Bhí sé ag feiceáil páistí ag siúl ar scoil achan lá agus ba mhaith leis dul ar scoil leo.
Bhí an cara is fearr a bhí ag George, Micí an Moncaí, i ndiaidh briseadh amach as an zú. Bhí sé ag iarraidh George a fheiceáil. Thosaigh sé ag cuardach George. Chuaigh sé go dtí an scoil á chuardach.
[ Read all Fighting Words contributions hereOpens in new window ]
Cha raibh sé ábalta George a fheiceáil. D’amharc sé thart ar na tithe agus sa deireadh, chonaic sé George agus bhí sé ar bís.
Bhí George brónach. Bhí sé ag caoineadh agus é ag amharc síos ar an talamh. Scairt Micí amach ainm George.
“GEORGE!!!”
Chuala George é agus d’amharc sé suas agus chonaic sé Micí.
Dúirt Micí leis, “Cén tuige a bhfuil tú brónach?”
“Tá mé ag leá!” a d’fhreagair George agus é ag briseadh a chroí ag caoineadh. “Níl mé ag iarraidh a bheith i m’fhear sneachta níos mó! Ba mhaith liom a bheith i mo ghasúr agus ní leáfaidh mé choíche!!”
“Mar a tharlaíonn, tá a fhios agam duine ag an zú a bhfuil draíocht acu ...” arsa Micí ...