Ainmhithe allta

 

CROBHINGNE:BÍODH IS go bhfuil 200 bliain ann ó rugadh an t-eolaí mór Charles Darwin agus comóradh á dhéanamh air dá réir faoi láthair, is beag trácht atá déanta go dtí seo ar an turas a thug sé ar Éirinn.

Ceann de fhonótaí stair na héabhlóide is ea ar bhailigh sé ar a chuaird orainn, agus an tslí ar daingníodh na tuairimí a bhí ag cnuasach cheana ina intinn nuair a bhuail sé port inár measc.

Thosnaigh sé ar a dhialann a choimeád go rialta agus é ar a thuras ó dheas in oileáin Cap Verde. Is ar an dialann seo a bhunaigh sé na scríbhinní a thuill clú agus cáil dó ina dhiaidh sin, agus a chuir cúrsa na staire siar cúpla billiún bliain.

Is é an trua mhuise ar fad, áfach, nár scríobh sé féin puinn mar gheall ar an tréimhse a chaith foireann an Beagle ar a slí ar ais nuair gurbh éigean dóibh foscadh a lorg i gCuan an Bhainbh ó fheothan gaoithe.

Níl againn anois ach cuimhní cinn duine den fhoireann sin agus an méid a chonaic an bheirt acu ar a siúlta dóibh fad is a bhí deisiú á dhéanamh ar an long.

B’é an gadaí ba ghaire don scornach ag Darwin, gan amhras, an bheatha nádúrtha agus na hainmhithe allta a thabhairt faoi deara. Gé go raibh go leor gandal timpeall na háite, níorbh iontu ba mhó a chuir sé suim mar bhí siad ceansa go leor.

Chuala sé scéalta ó chailleach bhé éigin go mbíodh leoin agus dragain agus gríobha sa tír fadó roimhe sin, ach rian ar bith ní fhaca sé díobh sin. Bhí teimheal ann ceart go leor de bhéist eile a luadh sa bhéaloideas.

Ainmhí nua ar fad dó ba ea an tíogar meilteach, a ghabh ar fud an tsaoil, más fíor, ag díomailt agus ag creachadh agus a d’fhág mórán cnap mór crua ina dhiaidh sna bailte agus ar thaobh na sráide. Dúradh gurbh ainmhí a bhí ann a raibh borradh an éin gé faoi tráth ach a bhí anois chomh marbh le mart.

N’fheadair sé nach raibh gaol sínte aige le créatúr réamhstairiúil eile a raibh a lorg fágtha aige ar fud na críche. Bhí rian a chos agus a spág chomh fairsing sin gurbh ionadh leis nach raibh ainm ag an bpobal air.

Bhaist sé féin an tyrannosaurus wrex air, agus ba dhóigh leis gurbh í a shamhail na foirgnimh sin nach raibh iontu anois ach cnámharlaigh agus a raibh a gcuid súl ag stánadh amach go folamh ar an saol.

Thuairimigh sé gurbh é a chuir as dó ar deireadh, cuireadh na ngealbhan chun arbhair na gcomharsan; is é sin, cuireadh ar chuid na gcomharsan gan cead uathu.

Ina dhiaidh sin, bhí muc ar gach malainn aige nuair a tháinig sé ar éan áirithe nach raibh ainm ag an bpobal air ach an oiread. Shíl sé go raibh gach saghas éin feicthe agus áirithe aige agus é sna Galapagos thuas.

Ach b’éigean dó a admháil nach bhfaca sé riamh roimhe sin éan a raibh ciorcal órga timpeall ar a thóin. Bhí cuma álainn air ceart go leor, é péacógach, daite, clúmhshlíoctha, ach amháin go raibh boladh scúncbhréan uaidh nuair a tháinig tú suas leis.

Ba dheacair sin ar uaire, mar bhí sé chomh sleamhain leis an easóg, chomh cam leis an nathair, chomh lúfar le heach gan srian. Bhí sé ráite go bhféadfadh sé an tsúil a bhaint as do cheann, agus an mirlín deiridh a bhaint as do phóca. Bhí fonn ar an bpobal na gadhair fiaigh a chur ina dhiaidh ach is é a bhí in ann eitilt go hard os cionn an tslua.

Shamhlaigh Darwin an tír le capall corrach: thíos seal agus thuas seal, agus ansin thíos seal agus thíos seal arís. B’ionadh leis, áfach, nach raibh na daoine ag gearrán níos mó agus nár chuir siad reithe réabtha in aghaidh na n-údarás a chuir fál go haer timpeall ar na hainmhithe fiáine.

Fág gur duine ciúin ba ea é féin, thuigfeadh sé go maith dá ndéanfaí aon chaora thine amháin de na francaigh agus de na súmairí a bhí imithe bán buile ó smacht.

B’é an t-ainmhí ba mhó a chuir mearbhall i dtosach air ná an créatúr seo a bhí leath ina dhuine agus leath ina bhéist.

Bhí a amhlachas feicthe cheana aige, ach ní go díreach ar an gcuma seo. Chonaic sé an Míonótár sa Ghréig, gan amhras, agus ní raibh seo neamhchosúil leis.

Agus, bhí sé tar éis teacht ar chloigeann folamh a bhí ceangailte le muineál ramhar, speiceas thar a bheith coitianta, áfach. Ach fear óg agus gamhain in aon chorp amháin, ní fhéadfaí gan buachaill bó a thabhairt air.

Agus bhí siad chomh coitianta le beachóga capaill nó le priompalláin sa charn aoiligh.