BEOCHEIST:I MÍ Aibreáin bhí raic i Dolphin House, bloc árasán i Rialto na hardchathrach. Bhí na mangairí drugaí gníomhach. Dúradar "is linne an áit seo agus ní theastaíonn uainn go mbeadh éinne ag cabhrú leis na Gardaí". Bhí eagla ar dhaoine teacht amach, eagla orthu na páistí a scaoileadh amach, loiteadh gluaisteáin, bhí cúrsaí go fíor-olc.
Dúirt na Gardaí nach ligfidís do na bithiúnaigh greim a fháil ar na hárasáin ach mar sin féin b’éigean cruinniú eile a chur ar ceal toisc bagairtí foréigin ó na mangairí. Dhein na Gardaí iarracht speisialta – ar iarratas ón bpobal – agus dheineadar patrólú ard-infheictheachta. Thit rudaí chun ciúnais, bhí na páistí ag spraoi arís, ba dhomhan eile é.
9ú Meitheamh, cruinniú pobail eile, slua maith i láthair, labhair na daoine amach go macánta leis na Gardaí agus le hionadaithe Chomhairle na Cathrach faoi na deacrachtaí uafásacha a bhí orthu a fhulaingt le blianta anuas, na hárasáin imithe ó smacht, réimeas imeaglaithe i bhfeidhm.
Chuireadar fáilte roimh an dul chun cinn a bhí déanta. Gheall na Gardaí go leanfaidís ar aghaidh leis an obair a bhí ar siúl acu ach dúradar go raibh cúnamh an phobail ag teastáil.
Cruinniú dearfach is dóchasach, dar le Tony Mac Cárthaigh ón Rialto Community Drug Team (RCDT). Ábhar sásaimh dó pobal na háite bheith chomh gníomhach is féinmhuiníneach.
Sprioc a bhí ag RCDT ón gcéad lá ná forbairt phobail a neartú is a chur chun cinn ar gach aon bhealach, sprioc atá anois ag beagnach gach dream atá ag plé le pobail atá faoi ionsaí ag drugaí.
Nuair a bunaíodh RCDT i 1992 bhí triail ag andúiligh drugaí ó gach cearn den chathair ar Rialto agus ar na háiteanna máguaird, Fatima Mansions agus Dolphin’s Barn. Ach ní raibh cóireáil leighis ann dóibh in áit ar bith. Bhí SEIF go forleathan, bhí daoine ag fáil bháis.
Céim ar chéim thug RCDT faoin sprioc eile a bhí acu. Sé sin, réimse leathan seirbhísí a bhunú is a fhorbairt, mar atá, comhairleoireacht, teiripí malartacha, ionad buail isteach mar a bhíonn tae is meas le fáil, oibrithe for-rochtana a fhostú chomh maith le hoibrithe a thabharfadh cúnamh do phríosúnaigh is d’iarphríosúnaigh agus dóibh san atá gan dídean, ionad beag do pháistí. Inniu tá RCDT ag cabhrú le suas le 300 duine in aghaidh na seachtaine, roinnte go cothrom idir fir is mná
Is de réir a chéile a tháinig meatadón isteach. Deireann RCDT gur breá an rud é meatadón ach má theastaíonn ó dhuine an chabhair cheart a fháil uaidh, go gcaithfidh sé nó sí comhairleoireacht a fháil ag an am céanna. Tá trí chlinic meatadóin ag RCDT – ceann ag a seacht a chlog ar maidin mar áis do na daoine atá ag obair nó ag staidéar.
Ceapann Mac Cárthaigh go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta. Tá a lán daoine ar mheatadón, táid ag dul i ngleic go pearsanta le fadhb na ndrugaí, táid sochraithe síos sa tslí gur féidir le comhairleoirí dul i dteagmháil leo chun stiúir a thabhairt dóibh.
Ach is mó fadhb atá ann fós. Ceann acu is ea an rud ar a dtugtar “poly-drug use”, alcól, meatadón, hearóin, cócaoin i dteannta a chéile. Ceann eile ná heipitíteas C a thagann in éineacht le comhroinnt snáthaidí agus iompar baolach eile agus a thabharfaidh tuile ailse na n-aenna leis laistigh de dheich mbliana.
Grianghraf beag de cheantar imeallach. Ag an gcrosbhóthar i Dolphin’s Barn bhíodh banc de chuid AIB, banc nár dhein go leor brabúis sa tslí gur dúnadh é. Ina áit tógadh áitreabh adhlactha, áit ar chríochnaigh cuid de ógánaigh an cheantair a fuair bás roimh am de bharr drugaí nó SEIF.
Má leantar ar aghaidh le ciorruithe airgid an Rialtais, an mbeidh na Gardaí ábalta a ngealluintí a chomhlionadh?
An mbeidh ar RCDT seachtain ceithre lá a thabhairt isteach agus gearradh siar ar sheirbhísí?
An mbeidh orthu gearradh siar ar an obair for-rochtana atá riachtanach toisc go mbíonn daoine bochta faoi cheilt anois ar bhealach nach rabhadar roimhe seo? Bréagbharainn amach is amach, dar le Mac Cárthaigh.
I láthair na huaire táthar ag iarraidh Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí a chur le chéile. Go dtí seo bhí comhpháirtíocht idir an pobal agus an Rialtas. Ach anois is baolach go mbeidh gach rud lárnaithe in oifig rialtais, cur chuige ó bharr anuas, an chumhacht á cnuasach isteach i mbaclainn an Rialtais.
Ach clabhsúr sona. Gach Máirt bíonn oíche shóisialta ag RCDT. Ceol is caidreamh, scléip is spórt is karaoke. Gan alcól, gan drugaí.