Ag cur cursai ealaine chun tosaigh i mBaile Munna

AG A hOCHT a chlog gach maidin in Axis, osclaíonn an bainisteoir tí Micheál Ó Súilleabháin an príomhdhoras

AG A hOCHT a chlog gach maidin in Axis, osclaíonn an bainisteoir tí Micheál Ó Súilleabháin an príomhdhoras. Tagann isteach oibrithe, páistí agus tuistí ón gcrèche, mar aon le muintir na bialainne chun bricfeasta a ullmhú. Muintir na háite, cuairteoirí, fostaithe ag obair le chéile, i bhfoirgneamh nuadhéanta – fís na hathghiniúna – agus tarlaíonn sé seo gach lá anseo san Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath.

Is eisceacht muid i saol na n-ealaíon agus i dtógáil pobail anseo mar, tar éis iarracht ollmhór a dhéanamh, ag tús na hathghiniúna, i lár na 1990í, ní raibh an t-airgead ar fáil don dá fhoirgneamh a bhí pleanáilte (ionad ealaíne agus ionad acmhainne). Mar gheall air sin, cuireadh le chéile an dá aidhm i bhfoirgneamh nua amháin agus is láidre an dá rud dá bharr.

Dúnann Axis ag meán oíche agus i rith an lae bíonn gach cuid den ionad in úsáid. Tá stiúideo rince, gailearaí, amharclann, ionad taifeadta agus cleachtadh ceoil, seomra ealaíne, bialann, beár, ionad cruinnithe, agus deich gcomhlacht áitiúla in oifigí istigh in Axis.

Feidhmíonn Axis ar cheithre bhealach: mar ionad ealaíne (tagann taispeántais, drámaí ar cuairt chugainn ó gach aird den tír); mar chompántas amharclainne (ag léiriú drámaí proifisiúnta i mBaile Munna agus ar camchuairt); mar chomhlacht forbartha ealaíne (sna scoileanna áitiúla, i ranganna éagsúla san ionad agus i gcláir náisiúnta), agus mar ionad acmhainne don cheantar máguaird.

READ MORE

Bhí an Ghaeilge i gcónaí lárnach i mBaile Munna agus bunaíodh Scoil an tSeachtair Laoch breis is 30 bliain ó shin. Ba chomhartha dóchais é an teanga i lár chruatan na 1970í agus 1980í agus mar aon leis an bhforbairt pobail go ginearálta, is ábhar bróid don phobal go bhfuil Gaelscoil Bhaile Munna agus Scoil Móibhí mar bhunchloch don teanga anseo anois.

Nuair a ainmníodh mé mar stiúrthóir don Axis i 2004, bheartaigh mé féile amharclannaíochta Gaeilge, Borradh Buan, a bhunú le cabhair urraíochta agus le hinspioráid ó Dheirdre Davitt i bhForas na Gaeilge. Tháinig drámaí, scéalaithe, ceoltóirí agus ceoldráma ón Ísiltír i mbliana. Tá an Ghaeilge láidir anseo ach, níos tábhachtaí, tá gach éinne ag tacú léi. Tá suim faoi leith agus tacaíocht tugtha ag an gComhairle Ealaíon dúinn chomh maith

Shuigh mé ar maidin sa bhialann, ag ól tae. I gcomhar Sheachtain na Gaeilge, tá Fíbín anseo le An Cearrbhach Mac Cába agus Fiche Bliain ag Fás agus beidh 11 seó ann i rith na seachtaine, iad go léir lán go doras. Tá Mary Cloake, stiúrthóir an Chomhairle Ealaíon, ag imeacht ón amharclann i measc na ndéagóirí agus í an-sásta go deo leis an léiriú.

Ag labhairt léi, feicim thart timpeall orainn – ‘Ballymunners’ agus ealaíontóirí éagsúla le chéile. Pléann muid tábhacht na healaíne anois sa ghéarchéim airgid. Is fostaí mé den Chomhlacht Athghiniúna anseo. Tá idir ealaín phoiblí agus infheistíocht an-ard sna healaíona difriúla i mBaile Munna agus is trí na healaíona a insíonn an comhluadar a scéal féin don tír, agus níos tábhachtaí fós, ar ais dóibh féin.

NÍL SAMPLA níos fearr de sin ná drámaí Dermot Bolger a scríobhadh ar choimisiún do Axis. Sa chéad dráma From these Green Heights d’inis Dermot stair na háite ón dóchas go huafás go dóchas athghinte. Tháinig cúigear aisteoirí proifisiúnta go hAxis agus d’oibrigh said taobh le cúigear ón gceantar. Cruthaíodh múnla sa bhfeachtas seo – caighdeán agus comhionnanas.

Tar éis seo, tháinig dhá dhráma eile The Townlands of Brazil agus The Consequences of Lightning – arís scéalta lonnaithe san áit, le haisteoirí na háite taobh le taobh le haisteoirí móra na tíre. Is bunchloch é an Comhlacht Athghiniúna agus Ciarán Murray, a bpríomhfheidhmeannach. Gan iad, ní bheadh Axis ar tí 100,00 ticéad a dhíol.

I 2007, d’aithin mé nasc idir cantóirí sean-nóis Thír Chonaill agus pobal hip hop Bhaile Munna. Chruinnigh muid le chéile ar stáitse Axis chun Hip Nós a chruthú – mná as Oileán Thoraí agus Teileann, le fir as Poppintree agus Fionnghlas.

D’fhás gaol láidir tuisceanach eatarthu gur scéalaithe iad araon agus liricí préamhaithe sna sráideanna agus sléibhte thart timpeall a bhí acu araon, amhráin ghrá, scéalta faoi dhaoine a maraíodh, fochultúr, teanga rúnda na hísealaicme. Aistríodh Hip Nós go dtí Barrow Street Theatre i Nua-Eabhrach i 2008 agus fillfidh siad chugainn le filí Mheiriceá arís i mbliana.

Maidin inné d’fhág máthair cantóra óig dlúthdhiosca dom san oifig fáilte. Guth breá láidir uirthi agus, cé nach bhfuil feachtas ar siúl againn faoi láthair atá oiriúnach di, ceapaim go bhfuil sé de dhualgas orm cabhrú léi ar shlí éigin. Nach mór an rud é gur tháinig sí chomh fada leis an doras agus istigh chugainn! Seo b’fhéidir an rud is suntasaí agus is deacra faoin phost: conas tacú léi agus gan aon gheallúintí nach féidir a chomhlíonadh a thairiscint di?

Tá bunscoileanna den scoth i mBaile Munna agus cuireann Axis ealaíontóirí ag obair leo gach bliain i gcláir dhifriúla, ar nós Spark, Dig It Tales agus Gliondar. Piocann gach scoil an modh ealaíne a oireann dóibh, idir scéalaíocht, scannánaíocht, ceol, dealbhadóireacht, rince sráide.

Tá sé mar aidhm againn scileanna a roinnt idir múinteoirí agus daltaí chun go leanfaidh siad leo go neamhspleách tar éis na gceardlann difriúil. Tagann gach rang go dtí an amharclann chun deireadh an chúrsa a cheiliúradh linn agus bíonn Axis lán de ghreann na hóige. Dúirt a lán daoine liom nach mbíodh lucht féachana anseo ag léirithe amharclainne proifisiúnta. Tuigim dóibh. I dtuairisc ón Fhóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta le déanaí, dúradh nach raibh ag freastal ar ócáidí ealaíne ach daoine le céim ollscoile, le hioncam thar an meán. Thosaigh muid le leigheas a fháil air seo go tapa – ag díol ticéad do ghrúpaí scoile, ag tairiscint lascaine i bpraghas na dticéad do ghrúpaí éagsúla. Ní raibh sé éasca ach tá lucht féachana bunaithe anois againn atá dílis don ionad. Déantar cuid mhaith den áirithint anois ar an Idirlíon agus, cé nach n-éiríonn linn i gcónaí, má thagann dráma chugainn ar camchuairt, glacann muid freagracht as an tinreamh. Tá Moonfish, i gcomhar le Taibhdhearc na Gaillimhe, ag teacht anseo le Namhaid Don Phobal, aistriúchán ar Ibsen, anocht agus san oíche amárach ag 8pm agus tá na ticéid do Róisín agus an Rón le Púca Puipéadaí díolta go hiomlán againn cheana féin.

Anseo san Axis, níl an dráma proifisiúnta níos tábhachtaí ná dráma Nollag na scoile. Níl mé dírithe ar an ealaín amháin ach ar fhorbairt na háite agus ar m’fhorbairt phearsanta féin. Is áit í seo a bhfoghlaimíonn gach duine as lámh a chéile.

Ní leigheasfar fadhbanna Bhaile Munna go héasca ná go tapa ach is é an príomhrud atá foghlamtha agam ná gur dearcadh atá i gceist le pobal a thógáil leat. Ní ualach é seo dúinn ach méadú ar an tseirbhís a thugann muid don chomhluadar.

Tá Ray Yeates ina stiúrthóir san Axis. Tá ticéid do Namhaid Don Phobal ar fáil. Eolas: 01-8832100

athghiniúint regeneration – bialann restaurant – cruatan hardship – dearcadh outlook – eisceacht exception – foirgneamh building – freagracht (as) responsibility (for) – lárnach central – leigheas cure – nasc link – rúnda secret – taispeántas exhibition – tuisceanach understanding – urraíocht sponsorship