‘Bheadh na hathruithe seo éasca le cur i bhfeidhm’

Béal scrúdú na hArdteiste: scrúdú ar cumas teanga nó ar chumas rudaí a chur de ghlan mheabhair?

Foclóir: Gnáthleibhéal – ordinary level; ardleibhéal – higher level; scrúdú cainte – oral exam; faraor – alas/sadly; ullmhúchán – preparation; scrúdú scríofa – written examination; dán – poem; cumas – ability.

Tá an scrúdú cainte, nó an bhéaltriail mar a thugtar air uaireanta, ina chuid thábhachtach de scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta ó 1960 i leith. Agus, is maith ann é.

Tá 600 marc ar fáil ar an scrúdú Gaeilge san iomlán, ach astu sin tá 240 ar fáil don scrúdú cainte, sin 40 faoin gcéad den iomlán.

Ní theastaíonn ach 30 faoin gcéad chun pas a fháil in ardleibhéal, nó 40 faoin gcéad sa ghnáthleibhéal. Déanann sé difríocht, ach faraor, ní mórán measúnaithe a dhéanann sé i ndáiríre ar chumas Gaeilge labhartha an scoláire.

READ MORE

Faoin gcur chuige reatha, is féidir an scrúdú cainte a dhéanamh, agus a dhéanamh go maith, gan ullmhúchán ar bith a bheith déanta ag an scoláire ach rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair.

Níl gá ach beannú don scrúdaitheoir, rud nach dtógann ach cúpla soicind agus nach bhfuil róchasta, ansin, dán a léamh os ard. Dán, atá os do chomhair amach, a léamh os ard!

Dán, a raibh seans agat é a fhoghlaim le dhá bhliain roimhe sin, a léamh os ard!

Níl ann ach cúig cinn de dhánta ar an gcuraclam, agus ní gá fiú iad a fhoghlaim, mar bíonn siad os do chomhair don scrúdú scríofa freisin, murab ionainn is an ceathracha hocht dán a d’fhéadfadh teacht aníos sa scrúdú Béarla.

Ansin, tá na sraitheanna pictiúr. Crá croí agus cur amú ama atá iontu, dár liomsa, agus dár le gach uile scoláire eile sa tír, chomh maith lena gcuid múinteoirí.

Le blianta beaga anuas, ní raibh ach deich gcinn a d’fhéadfadh teacht aníos.

Ní scrúdaíonn siad cumas teanga ar bith. Foghlaimíonn formhór na ndaltaí an foclóir a theastaíonn lena n-aghaidh de ghlanmheabhair agus déantar dearmad ansin láithreach ar chuile rud a bhaineann leo an soicind a chríochnaíonn an scrúdú.

‘Sé an comhrá an ghné is mó a scrúdaíonn cumas agus líofacht an dalta; bíonn sé follasach luath go maith má tá an Ghaeilge ar a dtoil acu, nó, ar an drochuair, muna bhfuil.

Don chomhrá, is féidir rudaí a ullmhú, nathanna a fhoghlaim, seanfhocail a aimsiú agus iad sin a chur de ghlanmheabhair, ach ní féidir an rud uilig a bheith ullmhaithe sula mbeidh tú istigh sa seomra.

Ní féidir a bheith cinnte céard a iarrfaidh an scrúdaitheoir ort, agus dá bhrí sin, caithfidh do dhóthain Gaeilge a bheith agat chun aon cheist a d’fhéadfaidís a chuir ort a fhreagairt. Sa chomhrá, bíonn deis chuile chineál aimsire agus modh gramadaí a úsáid, le déanamh cinnte go bhfuil stór focal agus ardchaighdeán gramadaí ag an scoláire.

Ní hamháin nach bhfuil aon bhuntáiste sna sraitheanna pictiúr agus léamh na filíochta do fhoghlaim na teangan, ach cuireann siad brú ollmhór ar scoláirí. Seachas am a chaitheamh ag foghlaim na teangan, caitheann siad a gcuid ama ag foghlaim cén chaoi cur síos a dhéanamh ar chúpla íomhá!

Níl i léamh na filíochta ach ceap magaidh, dar liom. D’fhéadfadh amadán ar bith é a dhéanamh.

Is sa chomhrá a thugtar deis do scoláirí iad féin a chur in iúl, ceisteanna nach bhfuil réamhshocraithe a fhreagairt, agus a gcuid scileanna éisteachta a úsáid.

Is mar sin a oibríonn chuile chomhrá sa saol mór. Ní féidir a bheith ag súil go n-iarrfaidh aon duine ort dán a léamh os ard in aon chomhrá nádúrtha.

Mar is eol dúinn ar fad, éiríonn le scoláirí nuatheangacha na hEorpa a fhoghlaim ar chaighdeán i bhfad níos fearr agus iad ar scoil sa tír seo. Fágann siad an dara leibhéal agus iad réasúnta sásta lena gcumas sa teanga sin, ach gan iad in ann fiú abairt a chur i ndiaidh a chéile i nGaeilge.

Mar sin, ba cheart an curaclam Gaeilge a bhunú ar na curaclaim sin, iad a dhéanamh chomh cosúil lena chéile agus is féidir, chun go mbeidh deis ag scoláirí an caighdeán céanna a bhaint amach i chaon teanga.

Ba cheart go leanfadh na curaclaim an FTCE (An Fráma Tagartha Comónta Eorpach/Common European Franework of Reference for Languages), chun go mbeidh chuile theanga Eorpach dá múineadh ar an mbealach céanna.

Faraor, sin rud a dhéantar dearmad air go minic: - gur nuatheanga Eorpach í an Ghaeilge.

Tá an stádas céanna aici go hidirnáisiúnta, agus ba cheart go mbeadh sé sin le feiceáil sa chóras oideachais.

Cinnte, tá sé amhlaidh gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta, chomh maith le bheith ina teanga Eorpach. Tá stádas bunreachtúil agus stádas Eorpach aici, caithfear an córas a athrú sa chaoi go mbeidh glúnta daoine óga againn a bheidh ábalta í a labhairt agus a chur chun cinn mar atá dlite di.

I mo thaithí pearsanta nuair a rinne mé féin an scrúdú cainte do Theastas Eorpach na Gaeilge (an teastas a bhaineann leis an FTCE), bhí gné eile leis an gcomhrá a bhain leis.

Bhí cúpla íomhá, díreach cosúil leis na sraitheanna pictiúr, mar chuid de, ach amháin nach raibh siad feicthe agam riamh roimhe sin.

Bhí péire le déanamh, agus na cosúlachtaí/difríochtaí eatarthu le plé. I mo thuairimse, bheadh an cineál seo ruda i bhfad níos fearr ná na sraitheanna, ach, coinnídís ann an struchtúr a bhaineann leo, sa chaoi go mbeadh níos mó sa scrúdú cainte ná an comhrá amháin.

D’fhéadfaí, mar shampla, 160 marc a bhronnadh don chomhrá, agus an 80 marc eile a choinneáil don chleachta seo. Chuirfeadh sé faoi deara do dhaltaí réimse leathan nathanna, abairtí, agus stór focal den scoth a bheith acu, chomh maith le sárthuiscint ar na rialacha gramadaí ar fad.

Chuirfeadh sé deireadh freisin leis an nós uafásach agus tromchúiseach rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas.

Bheadh na hathruithe seo éasca le cur i bhfeidhm, agus bhainfeadh sé go leor brú de scoláirí.

Ní amháin sin, ach chabhródh sé leis an nGaeilge, ár dteanga náisiúnta agus an tseoid is luachmhara inár gcultúr, a chur chun cinn i measc an óige.

* Is dalta 5ú bliain í Eimear Nic Dhonnchadha.