Ó Cuív: ‘Bíonn troid le déanamh i gcónaí’

Tacaíocht ón rialtas ina iomláine agus ón Taoiseach go háirithe de dhíth leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil don teanga a uasmhéadú.

Foclóir: Tosaíocht - priority; meon - disposition; dearcadh - point of view; tacaíochtaí - supports; aiféala - regret; uaillmhianach - ambitious; comhrialtas - coalition government; ariamh - ever; comhtháite - cohesive; treallús - enterprise/initiative.

‘Ní dóigh liom gur tosaíocht ollmhór í,” a deir Éamon Ó Cuív TD nuair a chuirtear ceist air faoin meon sa chóras polaitíochta maidir leis an nGaeilge.

Creideann sé go bhfuil “cineáil dearcadh ann gur rud deas í”. Ach “sin an méid” agus is dóigh leis nach dtuigtear an tábhacht a bhaineann le tacaíochtaí airgeadais agus le pleanáil cheart don teanga.

Is cáineadh láidir é seo ón iar-Aire Ghaeltachta, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil a pháirtí Fianna Fáil sa chomhrialtas.

READ MORE

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil aiféala áirithe ar Ó Cuív nár cuireadh i bhfeidhm ina iomláine an Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge, plean uaillmhianach a forbraíodh agus é ina aire. Ba í príomhaidhm na straitéise seo ná líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla a mhéadú ó thart ar 77,000 go 250,000 faoi 2030.

“Níor cuireadh i bhfeidhm ariamh é, tá sé chomh simplí le sin” a deir Ó Cuív.

“Cuireadh corr rud fánach i bhfeidhm . . . [ach] straitéis chomhtháite, chuimsitheach a bhí ann. Agus le go mbainfí amach spriocanna na straitéise, chaithfí é ar fad a chur i bhfeidhm,”a dúirt sé.

Aithníonn Ó Cuív go bhfuil “bá ghinearálta” ag formhór na bpolaiteoirí in Éirinn leis an Ghaeilge. Ach is féidir leis sin a bheith ina údar frustrachais do phobal labhartha na Gaeilge. Ceistítear cén fáth nach féidir le polaiteoirí a bhfuil bá acu leis an teanga, mórán a dhéanamh ar a son.

“Braitheann sé ar na polaiteoirí,” a deir Ó Cuív. Tá feisirí áirithe ann, go mór mór ar Choiste na Gaeilge, a chaitheann “an-chuid ama” ar chúrsaí teanga, a deir sé.

Ach míníonn sé gur rud ilghnéitheach í an pholaitíocht agus caithfidh teachtaí díriú isteach ar réimsí polasaí áirithe.

“Caithfidh tú rogha a dhéanamh \[maidir leis\] na hábhair is mó a chaithfidh tú do chuid ama leo,” a dúirt sé.

“Tá roinnt mhaith speisialtóireachta ag baint le chuile pholaiteoir.”

Tá an dearcadh ann chomh maith go mbíonn moill ar leith ar an rialtas maidir le cur chun cinn na Gaeilge, rud a chuireann isteach go mór ar eagraíochtaí feachtasaíochta.

Tá moltaí sonracha maidir le hinfheistíocht agus tithíocht sa Ghaeltacht foilsithe ag eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge ach ceistítear cén fáth nach bhfuil an rialtas in ann na polasaithe seo a chur i bhfeidhm.

Gné dosheachanta den chóras polaitíochta í an mhoill. “Tá gach próiseas mall sa chóras polaitíochta agus caithfear chuile mholadh a chuirtear ar aghaidh a scrúdú” a deir sé.

“Ar ndóigh, bíonn tuairimí dá gcuid féin ag polaiteoirí freisin agus níl forbairt pholasaí ag brath go hiomlán ar bhrúghrúpaí.”

Tá Ó Cuív sásta go bhfuil eagraíochtaí Gaeilge “éifeachtach” ina gcuid stocaireachta ach cuireann sé in iúl go mbíonn an dualgas ar pholaiteoirí glacadh le polasaithe poiblí i ndeireadh na dála.

Dar le hÓ Cuív, ní féidir le haon Aire Gaeltachta dul i ngleic leis na fadhbanna ar fad a bhaineann leis an nGaeilge ina aonar.

Tá tacaíocht ón rialtas ina iomláine, ón Taoiseach ach go háirithe, de dhíth leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil don teanga a uasmhéadú.

“Bíonn troid le déanamh i gcónaí” a deir sé.

“Ach níl réimeas polaitíochta ar bith ar domhan nach bhfuil troid le déanamh ar son acmhainní.”

Aithníonn Ó Cuív an Roinn Caiteachais Phoiblí mar rannóg rialtais nach bhfuil “báúil don Ghaeilge”. Deir sé go mbíonn siad “diúltach faoi chuile shórt, ach sin an jab atá acu mar caithfidh siad smacht a choinneáil ar an airgead”.

Deir Ó Cuív go bhfuil sé sásta agus buíoch den mhéid tacaíochta a fuair sé agus é ina Aire Gaeltachta i rialtais Bertie Ahern agus Brian Cowan. Ach airíonn sé nach bhfuil an tacaíocht agus treallús céanna ar fáil faoi láthair.

Mar sin féin, aithníonn sé go bhfuil dul chun cinn éigin déanta le déanaí maidir leis an teanga. Tá méadú suntasach tar éis teacht ar fhógraí stáit a dhéantar trí Ghaeilge le gairid de bharr leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2021. Seoladh Cúla 4, stáisiún teilifíse Ghaeilge do ghasúir mí Mheán Fómhair seo caite chomh maith.

Ach mar sin féin, deir Ó Cuív faoi na héachtaí seo gur “céim chun cinn é, níl aon amhras faoi sin, ach ní leor é”.

Bhí soláthar ann, dar leis, d’fhógraíocht Ghaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003 ach níor cuireadh i bhfeidhm é ina iomláine riamh.

Síleann Ó Cuív go bhfuil craoltóireacht na Gaeilge fós “ar an ngannchuid” ó thaobh cistiú stáit i gcomparáid le craoltóireacht an Bhéarla.

Chomh maith leis sin, le blianta beaga anuas tá an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht i mbéal na ndaoine. Bunaíodh grúpa feachtasaíochta nua d’arbh ainm Bánú in Indreabhán anuraidh le dul i ngleic leis an gceist seo.

Dar le Bánú, tá tionchar millteanach ag an ngéarchéim tithíochta ar staid na teanga sa Ghaeltacht.

Nuair a bhíonn siad ag iarraidh bogadh abhaile, is minic go mbíonn deacrachtaí dosháraithe ag daoine óga ón nGaeltacht de bharr fadhbanna a bhaineann le cead pleanála. Déantar gearán go minic freisin go bhfuil easpa soiléireachta ag baint leis an bpróiseas seo. Tá fadhb ollmhór ann maidir leis an méid tithe a dhíoltar mar thithe saoire nó a ligtear amach ar AirBnB, rud a ardaíonn praghsanna do mhuintir na háite.

Admhaíonn Ó Cuív go bhfuil práinn ag baint le ceist na tithíochta sa Ghaeltacht. Deir sé go bhfuil “réitigh phraiticiúla” de dhíth chun gur féidir cinnteacht a chruthú sa phróiseas pleanála.

Luann sé deacracht amháin atá ag Comhairle Contae na Gaillimhe maidir le hiarratais phleanála. “Tá na hinnealtóirí ag rá go gcloíonn na moltaí atá acu siúd le rialacha an EPA (Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil), [ach] tá na pleanálaithe ar an gComhairle Contae á ndiúltú. Caithfear réiteach a fháil ar an bhfadhb sin”.

Tá dóchas aige áfach gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta cuidiú go mór le fadhbanna tithíochta sa Ghaeltacht a réiteach. “Tá dearcadh nua ag an bpríomhfheidhmeannach (Tomás Ó Síocháin) ansin maidir le tithíocht Ghaeltachta agus tuigeann sé go bhfuil ról ag Údarás na Gaeltachta, ní ó thaobh na pleanála de ach trí thalamh a chur ar fáil”.

Tá Bánú ag éileamh ar an Údarás suíomhanna feiliúnacha le hinfreastruchtúr fuíolluisce a dhíol le daoine áitiúla ar phraghas réasúnta. Mí na Nollag seo caite, d’fhógair an tÚdarás go gcuirfidh siad ¤250,000 ar fáil do scéim forbartha tithíochta ar thrí shuíomh Gaeltachta sa Rinn, sa Cheathrú Rua agus i nGaoth Dobhair.

Tá ceannaire nua ag Fine Gael agus Taoiseach nua le roghnú an tseachtain seo. Níl mórán ama fágtha roimh an chéad olltoghchán eile ach dá bhféadfadh an comhrialtas rud amháin a dhéanamh san am atá fágtha a rachadh chun leasa na teanga, céard a bheadh ann?

Tá Bánú ag éileamh ar an Údarás suíomhanna feiliúnacha le hinfreastruchtúr fuíolluisce a dhíol le daoine áitiúla ar phraghas réasúnta. Mí na Nollag seo caite, d’fhógair an tÚdarás go gcuirfidh siad €250,000 ar fáil do scéim forbartha tithíochta ar thrí shuíomh Gaeltachtasa Rinn, sa Cheathrú Rua agus i nGaoth Dobhair.