Údarás na Gaeltachta agus todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail

Cuireann an taighde is déanaí eolas níos cuimsithí ar fáil don Údarás faoi na comhlachtaí agus na nósanna teanga atá ag a gcuid fostaithe san obair, sa bhaile, agus sa phobal mór.

Foclóir: Slat tomhais – measuring rod; eagraíochtaí pobalbhunaithe – community-based organisations; limistéir - boundaries; tráchtáil onnmhairithe – export trade; caomhnú – protection; mol – hub; riachtanais teanga – language needs.

D’fhógair Údarás na Gaeltachta toradh ar thaighde a reáchtáladh le déanaí ar úsáid na Gaeilge i measc a gcliantchomhlachtaí.

Ghlac beagnach 800 fostaí as os cionn 500 comhlacht a bhfuil beirt nó níos mó fostaithe acu páirt i dtaighde an Údaráis, an áisíneacht stáit atá freagrach as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn.

Bailíodh eolas sa taighde faoi na cineálacha post atá ag fostaithe na gcliantchomhlachtaí, chomh maith le húsáid na Gaeilge san obair agus sa bhaile.

READ MORE

Thuairisc 77 faoin gcéad go rabhadar ag obair agus ina gcónaí sa Ghaeltacht; thug 58 faoin gcéad le fios go bhfuil Gaeilge líofa acu, agus léirigh beagnach 50 faoin gcéad go labhraíonn siad Béarla den chuid is mó sa phobal agus sa bhaile.

Dúirt 33 faoin gcéad go labhraíonn siad Gaeilge amháin nó go príomha sa bhaile agus thuairisc breis agus 50 faoin gcéad de na comhlachtaí gur i mBéarla den chuid is mó a dhéantar cumarsáid le custaiméirí. Dúirt 31 faoin gcéad gur i nGaeilge den chuid is mó a dhéantar an chumarsáid sin.

Taighde luachmhar atá anseo a chaitheann solas ar an obair thábhachtach atá roimh an Údarás.

Cuireann an tÚdarás béim mhór ar fhorbairt fostaíochta agus na heacnamaíochta sa Ghaeltacht ach ní hiad sin amháin bunspriocanna an eagrais: bhí caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo ina bhunchuspóir i gcónaí. Cé gur slat tomhas amháin é líon na bpost a chruthaítear, táthar ann a deir go bhfuil sé riachtanach go gcuirfeadh Údarás na Gaeltachta níos mó béime ar phobail Ghaeltachta a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Coimhlint

Ag deireadh na bliana 2022 bhí 8,235 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta. Ina measc sin bhí 945 post nua a cruthaíodh in 2022.

Tháinig ardú ar leibhéal fostaíochta i gcúig chontae Gaeltachta san iomlán ach de bharr go mbíonn margadh na fostaíochta ag tuile agus ag tráth i ngach áit, 151 post de lánmhéadú a bhí ann ar an méid a comhaireadh in 2021. Bhí níos mó ná €1 billiún de dhíolachán ag na comhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta in 2022.

Déantar gach iarracht gníomhaíocht gheilleagrach agus fostaíochta nuálach a ghiniúint agus tuaradh anuraidh go bhféadfaí suas le 900 post nua a chruthú i Ros an Mhíl i nGaeltacht na Gaillimhe dá ndéanfaí forbairt ar an gcalafort mar mhol seirbhíse d’earnáil an fhuinnimh ghaoithe.

Ach an mbíonn coimhlint anseo amanna? Bíonn trácht ar oiliúint agus ar thraenáil mar ba chóir, ach an bhfuil baol ann go bhfuil infheistíocht nua ag tapú creimeadh na Gaeltachta trí fhostaithe atá ina gcainteoirí Béarla a bheith á mealladh isteach go ceantair leochaileacha Gaeltachta?

De réir faisnéise a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh ar Dhaonáireamh 2022 i mí na Bealtaine, ní raibh ach 20,261 cainteoir laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht – titim 1.6 faoin gcéad ó 2016.

San am céanna, tháinig ardú 5 faoin gcéad ar dhaonra na Gaeltachta agus tuairiscítear go bhfuil thart ar 105,000 duine ina gcónaí ann anois. Céard a tharlódh don Ghaeilge mar phríomhtheanga chumarsáide sa phobal i Ros an Mhíl, abraimis, dá lonnódh fiú 300 duine gan Gaeilge sa cheantar chun leas a bhaint as na poist nua atá tuartha?

Gan an Ghaeilge, ní bheadh Gaeltacht ann agus gan polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta Gaeltachta a bheith ceadaithe, is deacair a shamhlú nach malartú teanga a bheadh mar thoradh ar a leithéid d’fhorbairt.

Tá ceist mhór ann freisin faoi limistéir na Gaeltachta: más teanga mhionlaigh anois í an Ghaeilge sa Ghaeltacht, caithfear a thuiscint freisin go bhfuil cuid mhór de dhaonra na Gaeltachta ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta oifigiúla nár labhraíodh mórán Gaeilge iontu le blianta fada agus nach teanga phobail í sna ceantair sin níos mó.

Bhí an Ghaeilge beo agus inmharthana i gcuid de na ceantair sin leathchéad bliain ó shin ach le cead agus le cabhair an stáit fuair an Béarla an lámh in uachtar.

Tá na ceantair sin fós á n-áireamh i bhfigiúirí na Gaeltachta, rud a chuireann na staitisticí as alt agus a íslíonn misneach maidir le hinmharthanacht na Gaeltachta.

Taighde

Tá sé beartaithe an t-eolas a bailíodh i dtaighde an Údaráis a chur san áireamh i scéim nua tacaíochta teanga atá á forbairt faoi láthair. Agus an oiread sin béime ar thráchtáil onnmhairithe, ní féidir a bheith ag súil gur i nGaeilge is mó a dhéanfadh na cliantchomhlachtaí seo a gcuid cumarsáide le custaiméirí más lasmuigh den Ghaeltacht atá na custaiméirí sin lonnaithe.

É sin ráite, tá sé soiléir go bhfuil práinn le scéim tacaíochta teanga i gcomhthéacs an láthair oibre má táthar chun úsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail a chur chun cinn.

“Tuigeann an tÚdarás go bhfuil ról lárnach ag na cliantchomhlachtaí agus na heagraíochtaí a mbíonn muid ag tacú leo san obair atá ar bun againn chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a láidriú sna ceantair Ghaeltachta,” a dúirt urlabhraí le Tuarascáil.

“Tuigeann muid freisin gur cheist leochaileach le fada an lá atá sa chóimheá idir dhá mhóraidhm de chuid an Údaráis: caomhnú na teanga sa Ghaeltacht agus forbairt na fostaíochta agus na heacnamaíochta sa Ghaeltacht.”

Cuireann an taighde is déanaí eolas níos cuimsithí ar fáil don Údarás faoi na comhlachtaí agus na nósanna teanga atá ag a gcuid fostaithe san obair, sa bhaile, agus sa phobal mór.

“Tá eolas fíriciúil againn anois chun cuidiú linn san obair sin,” a dúirt an t-urlabhraí.

Cé go mbeidh cur i bhfeidhm an phlean tacaíochta ag brath ar acmhainní, táthar muiníneach go mbeidh na hacmhainní sin ar fáil. Ach, mar is léir do phobal na Gaeilge le fada an lá, braitheann go leor ar thiomantas agus ar thoilteanas an Stáit.

Tacaíocht

De réir plean infheistíochta Chonradh na Gaeilge, gearradh buiséad caipitil an Údaráis ó €25.5 milliún in 2008 go €14.5 mhilliún in 2021, 43 faoin gcéad de ísliú. Sa tréimhse chéanna, ardaíodh buiséad an IDA 66 faoin gcéad agus buiséad Fhiontraíocht Éireann 30 faoin gcéad.

Níor tháinig mórán feabhais ar rudaí ó shin ach an oiread: cé gur ceadaíodh ardú €1.1 milliún i mbuiséad riaracháin an Údaráis i gCáinaisnéis 2024, níor ceadaíodh airgead breise do bhuiséad caipitil an eagrais.

D’fhógair an tAire Catherine Martin le gairid go bhfuil tús le cur le plé maidir le buiséad caipitil an Údaráis. Ach, nuair nár ceadaíodh pingin rua bhreise don bhuiséad caipitil sa cháinaisnéis, is fiú an cheist a chur arís - an nglactar leis sa Rialtas go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht?

Faoin bpríomhfheidhmeannach nua Tomás Ó Síocháin, beifear ag súil go dtuigfear san Údarás go bhfuil géarchéim ann agus gur gá tabhairt faoi go pras.

Mar a dúirt Ó Síocháin, nuair a seoladh torthaí an taighde: “Tá na dreamanna seo ar fad ag cur le geilleagar agus forbairt shóisialta na Gaeltachta agus tá sé tábhachtach dúinn go dtuigfeadh muid a gcuid riachtanais teanga, sa gcaoi agus go mbeidh ar a gcumas tacú freisin leis an bhforbairt teanga sa Ghaeltacht.”

Má tá sé i gcónaí le bheith ina mheá idir fhorbairt eacnamaíoch na Gaeltachta agus inmharthanacht na Gaeilge, caithfear teacht ar bhealach éigin nach dtiocfaidh an dá rud salach ar a chéile.

Ach gan tacaíocht ag an leibhéal náisiúnta, is ag snámh in aghaidh easa a bheifear de shíor.


Féiríní na Nollag

An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é i Tuarascáil, seol eolas le grianghraf más féidir chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 27 Samhain. Luaigh ‘Féiríní na Nollag’ leis an ríomhphost.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.